Top Issue 1-2024

12 May 2011

Resize: A A A Print

Saol nua an tSeanadóra

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus a bhean céile Malí ag Teach Laighean

TÁ athrú mór saol tarlaithe dom le mí anuas agus mé tofa i mo Sheanadóir do Shinn Féin. Ach is athrú é a bhfuil mé ag dúil go mór leis agus a mbeidh dualgais agus dúshláin faoi leith ag baint leis. Cé go dtógfaidh sé tamall dul i dtaithí ar dhaoine a bheith ag glaoch ‘Seanadóir’ orm agus dul ar réimeas agus foirmeáltacht Theach Laighean agus gach a ngabhann leis an oifig.
Bhí sé ar nós an chéad lá ar scoil dúinn mar Sheanadóirí nuathofa. Bhí Kathryn Reilly, David Cullinane agus mé féin mar na ‘Naíonáin
Bheag’. Muid ag fáil treoraithe thimpeall Teach Laighean ar an gcéad lá dúinn inár gcuid rólanna nua.
Bhí muid gléasta go péacach don ócáid - mar gheall ar an ngrianghraf a bhí le tógáil againn leis na baill eile den pháirtí Parlaiminteach. Ba dheas an radharc muid, seacht nduine dhéag os comhair Teach Laighean. Meascán d’aghaidheanna úra agus roinnt eile atá tamall maith ar bhóthar. Taithí agus saineolas na mblianta, i gcuideachta fuinneamh agus idéalachas na mball tofa nua.
Tá cuid mhaith nósanna imeachta agus cleachtais ag baint le bheith i dTeach Laighean chomh maith. Ualach páipéarachas le síniú, cleachtais iompair agus oibre le dul i dtaithí orthu, córas Parlaiminteach le foghlaim agus straitéisíocht le déanamh chun cinntiú gur féidir linn mar ionadaithe tofa do Shinn Féin an tairbhe is fearr a bhaint as an deis iontach seo dár dtoghlach.
Níl an féar ag fás faoinár gcosa ach an oiread. Bhí an suim bhreise ó na meáin a tháinig leis an ardú céime suntasach go maith. Muid ag déanamh agallaimh agus ráitis faoin ról nua, tábhacht an tSeanaid agus forbairt Shinn Féin mar an t-aon fíor pháirtí uile Éireann. Bhí searmanais na Cásca le comóradh agus ról breise againn iontu agus stocaireacht i gcomhair na toghcháin sna Sé Chontae ar siúl againn.
Tá athraithe praiticiúla le cur i bhfeidhm inár saol laethúil chomh maith. Socraithe baile & taistil, seirbhísí cúltaca le cur in áit i dTeach Laighean agus ar ais sna Dáilcheantair. Léamh suas faoi na réimsí reachtaíochta éagsúla agus polasaithe Sinn Féin i dtaca leo. Aird níos géire a thabhairt ar chúrsaí reatha an lae agus a bheith soiléir faoin seasamh atá an pháirtí ag glacadh i dtaca leo. Rólanna agus dualgais bhreise laistigh den pháirtí le tógáil orainn féin chomh maith.
Ach an rud is mó atá ag dul i bhfeidhm orm go dtí seo ná an tacaíocht ag gach leibhéal ó bhaill Shinn Féin. Níl muid ann asainn féin, mar tá gréasán cúltaca againn ó thaobh gach gné den obair– go háitiúil agus go náisiúnta – maidir le riaradh, polasaí, eagrúchán agus comhairle phearsanta. Tá foireann den scoth againn i Sinn Féin ar fud an oileán, ról tábhachtach le glacadh againn ar fad agus is iontach an onóir domsa a bheith roghnaithe le n-imirt i lár na páirce!

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland