Top Issue 1-2024

13 June 2002 Edition

Resize: A A A Print

Colmcille II

In the second of a two part series, AN DRAOI RUA continues his eploration of the history and folklore of Colmcille


D'fhág Colmcille Éire ar mhaithe l'aithrí a dhéanamh as na mílte a maraíodh faoi lámha a arm. Bhí dáreag eile leis agus thaisteal siad go dtí nach raibh Éire le feiceáil acu agus iad ag teacht i dtír ar oileán Í.

Bhunaigh Colmcille mainistir ar oileán Í agus tharla go raibh sé mar phríomh-ionad léinn in iarthar na hEorpa ar feadh na cianta. Tá tuairim ag roinnt scoláirí fiú, gur scríobhadh cuid mhaith de Leabhar Ceannainais ann. Bhí riail ar leith ag Colmcille sa mhainistir anseo ná gur chóir gach lá a roinnt i dtrí chuid:

1.Tréimhse l'aghaidh dea-oibreacha.

2.Tréimhse l'aghaidh paidreacha.

3.Tréimhse l'aghaidh léitheoireacht.

Ní amháin go raibh tionchar mhór ag Colmcille anois ar Éire go fóill ach bhí sé ag gabháil i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hAlban fosta. Bhíodh teagmháil ag Colmcille i gcónaí le muintir na hÉireann agus bhíodh sé i dtólamh ag fiosrú nuachta ó na faoileáin fosta. Uair amháin, tuigtear go raibh aisling aige go raibh manach dá chuid ag titim ón túr i nDairmhaigh i gCo. Laois. Ghuigh sé ar Dhia aingeal a chur lena shábháilt. Sular bhuail sé an talamh, rug aingeal greim ar an mhanach.

Thaisteal Colmcille ar fud na hAlbain lena mhanaigh agus bhí páirt aige ins san chéad tuairisc scríofa fá ollphéist Loch Neasa. Tharla go raibh manach dá chuid ag snámh sa loch nuair a d'ionsaigh an ollphéist é. Chuir Colmcille ruaig ar an ollphéist agus d'ordaigh sé di gan duine ar bith eile a mharú arís. Bhuel, níor mharaigh ollphéist Loch Neasa duine ar bith ó shin.

Bhí filí na hÉireann i mbaol i 575. Tharla go raibh an iomarca filí ann agus bhí cuid acu ag iarraidh i bhfad barraíocht íocaíochta as a chuid dánta. D'éirigh cúrsaí as smacht ar fad agus ba chosúil nach raibh teorann ar bith as an mhéad a dtiocfadh leo a fháil. Nuair a d'iarr file acu bróiste ríoga Theamhair na Ríthe mar íocaíocht ó Aodh Mac Ainmhire, Ardrí na hÉireann, réitigh sé go gcuirfeadh sé deireadh l'ord na bhfilí in Éirinn. D'eagraigh sé Comhdháil i nDroim Ceat, taobh amuigh de Léim a' Mhadaidh i gCo. Doire agus é ar intinn aige na dlíthe a thabhairt i bhfeidhm le filí na hÉireann a scrios.

Cé gur thuig Colmcille go raibh cuid mhaith de na filí in Éirinn ag dul thar fóir agus iontach santach, mhothaigh sé nár cheart ruaig a chur orthu ar fad. File ab ea Colmcille féin agus chreid sé go raibh dualgas air ord na bhfilí a chosaint sa chás. Ní nach ionadh gur shocraigh sé teacht chuig an Chomhdháil i nDroim Ceat. Bhí aithrí a dhéanamh aige go fóill gan Éire a fheiceáil, cos a chur ar thalamh na tíre ná bia na hÉireann a bhlaiseadh arís go deo. Dá bhrí sin, chuir sé dallóg ar a shúile, fódanna móna oileán Í faoina chosa agus ghlac sé bia an oileáin leis.

Gan amhras, chuaigh Colmcille i bhfeidhm ar an chomhdháil ag inse dóibh gur peaca marfach a bheadh ann deireadh a chur l'ord na bhfilí, gur chóir an traidisiúin ársa uasal naofa a choinneáil beo ar dhóigh éigin. Glacadh le comhairle Cholmcille agus réitíodh gan ruaig a chur ar na filí ach aontaíodh gur cheart smacht a chur orthu:- As sin amach, ní raibh ach ollamh amháin ag Ardrí na hÉireann agus file ag gach rí agus cuireadh teorainn ar íocaíocht na bhfilí leis. Cé gur mhair Comhdháil Droim Ceat ar feadh bliana agus iad ag cumadh rialacha éagsúla, d'fhág Colmcille le pilleadh ar oileán Í chomh luath agus a bhí a chuid ráite.

Fuair Colmcille bás 9 Meitheamh 597. Bhí brón an domhain ar chách ar an oileán agus é ag fáil bháis. Deirtear gur tháinig capall bán ag caoineadh chuige fiú.

Sa bhliain 825, tháinig Lochlannaigh go oileán Í leis an mhainistir a chreachadh. Chreid siad go raibh earraí luachmhara taobh istigh de thuama Cholmcille. Nuair nach bhfuair siad a dhath ann, chaitheadh cónra Cholmcille amach ar an fharraige. Tháinig an cónra i dtír ar chósta oirthear na hÉireann ar ball. Deirtear gur tháinig bó ar an chónra ar dtús is gur thug sí póg dó. Bhí flúirse de bhainne aici ón lá sin amach, rud a mhúscáil suim an phobail inti. Nuair a d'fhiosraigh manaigh áitiúla an scéal, tháinig siad ar an chónra agus d'aithin siad go raibh corp Cholmcille ann. Réitigh siad an cónra a thabhairt leo go Dún Pádraig i gCo. an Dúin, áit a raibh Naomh Pádraig agus Naomh Bríd curtha taobh le chéile. Nuair a tháinig na manaigh a fhad leis na huaigheanna le cónra Cholmcille, tugadh faoi deara go raibh uaigheanna Phádraig is Bhríd i ndiaidh bogadh sa dóigh is go raibh spás fágtha eadarthu do Cholmcille.

Creideadh go raibh bua na cogaíochta ag Colmcille i ndiaidh a bháis fiú. Maise, d'iompair muintir Uí Dhomhnaill as Tír Chonaill 'Cathach Cholcille' agus iad i mbun troda. Cóip de na salma breacaithe síos ag Colmcille féin a bhí sa 'Cathach' seo. Deirtear linn go raibh an bua ag muintir Uí Dhomhnaill gach uair a raibh an 'Cathach' leo.



Seanfhocal na Seachtaine


'Ní bhíonn Dia le mí-rún daoine.'

Muna bhfuil baint ag Dia le olc, cad chuige a bhfuil an oiread sin cogaíochta ar siúl de shíor ar fud na cruinne fá chúrsaí reiligiúin agus Dia ag 'tacú' le gach duine acu?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland