Top Issue 1-2024

30 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Building an Ireland of Equals - as Béarla!

This week, AN DRAOI RUA asks republicans a few questions about Sinn Féin's cultural vision of a new Ireland. It seems the cultural revolution was forgotten in the manifesto, he argues.



Tá sé de chuspóir agam san alt seo poblachtánaigh a chur ag smaoineamh i dtaobh an seasamh atá ag Sinn Féin fán tábhacht atá ag an Ghaeilge agus ár gcultúr sa todhchaí.

Nocht Sinn Féin na tuairimí seo a leanas do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an toghachán sna sé chontae is fiche:


Go mbeadh siad sásta an Bille Teanga a achtú agus a fheidhmiú.
Gur chóir go mbeadh stadas iomlán oibre ag an Ghaeilge san Eoraip.
Go dtacaíonn siad le TG4 agus le RnaG; gur chóir dul siar ar ghiorraithe RnaG.
Gur cheart go mbeadh suíomh lárnach ag an Ghaeilge sa chóras oideachas.
Gur cheart plean forbartha stráitéiseach a dhéanamh ar an chóras oideachais trí Ghaeilge.

Anois, níl a dhath ar bith cearr leis na moltaí thuasluaite ach an é sin an méid? Caithfidh a admháil go raibh tuairimí dearfacha ar son na Gaeilge ag na páirtí polaitiúla ar fad a bhí i dteagmháil le Comhdháil Náisiúnta na hÉireann.

De Máirt 7 Bealtaine, d'eisigh Gearóid Mac Adhaimh forógra Shinn Féin l'aghaidh toghachán Teach Laighin agus bhí cóip foilsithe in 'An Phoblacht' an seachtain sin. Bhí an forógra uilig as Béarla agus ba bheag trácht a bhí ar an Ghaeilge ná ar ár gcultúr.

Níl amhras ar bith ann ná gur chaitheadh go leor ama ag ullmhú an fhorógra agus go raibh polasaithe iontacha léirithe don phobal ann. Cén fáth, mar sin, a raibh dearmad déanta fán Ghaeilge? Cad chuige nach raibh sé foilsithe dhá-theangach?

Tá mé féin den bharúil nár chóir an Ghaeilge a rangú i roinn beag amháin ag an deireadh mar a dhéanann páirtithe polaitiúla eile. Níl ansin ach béalghrá. Níos measa fós, ní raibh roinn cultúir ar bith ag Sinn Féin ins san fhorógra seo. Maith go leor, bhí na teidil dhá-theangach ar an chuid is mó den pháipéarachas a scaipeadh ar fud na sé chontae is fiche; an raibh béalghrá léirithe anseo?

Má tá tuiscint ceart againn ar réabhlóid, ba cheart go mbeadh fís cultúrtha lárnach in athógáil na hÉireann. Má tá forógra raidiceach le cur chun cinn, ní féidir a leithéid a chur i bhfeidhm gan réabhlóid cultúrtha. Ba cheart go mbeadh polasaithe dearfacha bunaithe ar ár gcultúr curtha chun cinn maidir le cúrsaí eacnamaíochta, talmhaíochta, timpeallachta, sóisialta, aontú na tíre, na meáin cumarsáide... ar fad.

Ar an drochuair, fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine san fhorógra seo agus tagairtí beaga déanta fuithi faoi chúrsaí oideachais. Dúradh linn go dtacaíonn Sinn Féin le bunadh naíscoileanna, gaelscoileanna agus le meánscoileanna gaelacha a bhunadh in áiteanna ina bhfuil éileamh ann dá leithéid. Le fírinne, ní raibh ach ceithre fhocail le léamh i nGaeilge san fhorógra ina iomlán; Sinn, Féin, Naíscoileanna agus Gaelscoileanna.

De réir 'An Phoblacht', dúirt Gearóid Mac Adhaimh ag an phreasócáid i mBaile Átha Cliath 7 Bealtaine gurb ionann vóta a chaitheamh ar son Shinn Féin agus vóta ar son Éire Nua; saor, aontaithe agus neamhspléach. Ní raibh tagairt ar bith d'Éire Gaelach. Tá siúl agam nach bhfuil dearmad iomlán déanta ar an chuspóir l'aghaidh Éire saor agus Gaelach.



Seanfhocal na Seachtaine


'Ná cuir do ghnó ó inné go dtí amárach.'

Tá mé den bharúil nár chóir do phoblachtánaigh dearmad a dhéanamh choíche fá réabhlóid cultúrtha a thabhairt i bhfeidhm sa tír seo.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland