Top Issue 1-2024

16 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Scrios Chromail

Rinne mé tagairt tamall ó shin fán dóigh a bhfuil rialtas na tíre seo bunaithe ar sheanchóras Westminister a mhúnlaigh Cromail. Ar ndóigh, bhí sé féin gníomhach i bhfeachtas na bparlimintigh sa 17ú haois i Sasana. Réabhlóidí a bhí ann thall a throid go fíochmhar i gcoinne an chórais ríoga ach ní amhlaidh a chuimnítear air in Éirinn.


Tháinig Cromail go hÉireann Lúnasa 1640 agus 17,000 saighdiúir ina chuideachta. Bhí seanmóirithe piúratánacha leo agus é mar dhualgas orthu gráinfhuath a chothú i gcroíthe na saighdiúirí Caitlicigh Éireannacha a mharú. Saighdiúirí fanaiceacha a bhí iontu gan amhras, a chreid go daingean go raibh siad ag troid ar son Dé, iad ag léamh an Bhíobla agus ag canadh salma go rialta. De réir mar a thuig siad, bhí na saighdiúirí seo ag comhlíonadh obair Dé, ag baint díoltas amach ar peacaigh Éireannacha. Chreid siad gurbh iad pobal Dé agus go raibh talamh na hÉireann geallta dóibh as 'obair Dé' a chur i gcrích.

Leoga, chothaigh na seanmóirithe na tuairimí seo ar fad, ag rá go raibh na hÉireannaigh ag dul i gcoinne toil Dé, ag tabhairt omós d'íomhánna bréagacha agus go raibh siad mallaithe ag Dia dá bharr. Dá bhrí sin, b'é an t-aon réiteach ar an scéal ná an méid Éireannaigh agus ab fhéidir leo a mharú. Níor léirigh siad trócaire do dhuine ar bith, ba chuma más páiste, bean nó seanduine a bhí i gceist. Le fírinne, creideadh gur peaca a bhí ann trócaire ar bith a léiriú, rud atá le tuiscint as an mhéid a bhí le rá ag an seanmóirí Nathaniel Ward in irisleabhar a fhoilsíodh i Londain 1647:

'Cursed be he who holdeth back the sword from blood: yea cursed be he that maketh not the sword stark drunk with Irish blood... Let not that eye look for pity, nor hand be spared, that pities or spares them; and let him be cursed that curseth them not bitterly.'

Ba i nDroichead Átha a léirigh Cromail is a lucht leanúna ar dtús chomh fíochmhar is a bhí siad sásta Éireannaigh a mharú. De réir mar a thuigimid, mhair an slad ar feadh trí lá is oíche gan stad. Tá a fhios againn go raibh 3,000 saighdiúirí Éireannacha suite i nDroichead Átha. Ní amháin gur maraíodh na saighdiúirí ar fad ach ní fios cá mhéid míle daoine eile, gnáthmhuintir an bhaile, a maraíodh sna sráideanna, sna clósanna i dtithe pobail agus in áíteanna eile chomh maith. Rinneadh iarracht gach uile duine a mharú agus níor léiríodh trócaire ar bith. Seo tuairisc ghairid ó Mr. Wood, oifigeach de chuid arm Chromail ag an am:

'Each of the assailants would take up a child and use it as a buckler of defence. After they had killed all in the church they went into the vaults underneath, where all the choicest of women had hid themselves...'

Bhí Cromail féin den tuairim go raibh trócaire a léiriú aige d'anamacha na mairbh as iad a chur chun báis. Faraor, nuair a chuir sé scéal chuig Westminister fán mhéid a tharla i nDroichead Átha, fógraíodh 'Thanksgiving Day' 2 Deireadh Fómhair 1649 mar cheiliúradh ar an ár agus glacadh d'aon guth leis an ráiteas seo a leanas i dtuairiscí na Parliminte ina thaobh:

'That the House does approve of the execution done at Drogheda as an act both of justice to them and mercy to others who may be warned by it.'

Lean Cromail lena scrios ar fud na hÉireann agus é den tuairim gur chóir dó cead a gcinn a thabhairt dá shaighdiúirí. 'The saints' an leasainm a thug sé ar an arm faoi agus chreid sé nár chóir dó a ngráinfhuath i gcoinne Caitlicigh na tíre a mhaolú in am ar bith. Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil tuairiscí uafásacha le cloisteáil i mbeagnach gach ceantar in Éirinn ón tréimhse seo agus go raibh céasadh millteanach le fulaingt ag íobartaigh Chromail. Cé nach raibh mórán deis ag lucht léannta na hÉireann tuairiscí a scríobh fán tréimhse, tá neart tagáirtí ann sna amhráin go fóill:

"Tháinig Cromail is a lóite mallaithe,

a chuir tús leis an náire mhór,

ag marú na daoine ins sna páirc

a bhí ag obair ar son a gcoda."



Seanfhocal na Seachtaine


'Fada iarsma an drochbhirt."


Níl amhras ar bith ann ach is dócha nach mbeidh muintir na hÉireann ábalta dearmad a dhéanamh fá Chromail choíche.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland