Top Issue 1-2024

9 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Aimsir na gCuach

This week, AN DRAOI RUA discusses the cuckoo in Ireland, the weather predictions it brings, the superstitions connected with it and the respect that the writers of ancient manuscripts had for the bird.

Faoin am seo, is dócha go bhfuil roinnt cuacha le cloisteáil ar fud na hÉireann. (Níorbh iad na polaiteoirí atá i gceist agam ach na cinn eiteogacha.) Leoga, bhí 'Fleá na gCuach' ar siúl i gCinn Mhara i gContae na Gaillimhe cheana féin agus tús an tsamhraidh á cheiliúradh ann.

De ghnáth, glactar leis go bhfógraíonn an cuach dea-aimsir an tsamhraidh. Rinne an file Ultach, Séamas Dall Mac Cuarta tagairt do glaoch na cuaiche agus tús an tsamhraidh sa dán clúiteach dá chuid 'Fáilte don Éan'.

Ní dea-scéal a bhíonn ag an chuach i gcónaí. In iarthar Chorcaigh agus i ndeisceart Chiarraí, tá trácht ar 'scairbhín na gcuach' ina bhfuil drochaimsir le fullaingt ag deireadh Mhí Aibreáin agus tús Bealtaine.

Tá pisreoga eile i dtaobh glaoch na cuaiche a bhíonn ag brath go mór ar an chéad uair sa bhliain a bhíonn sí le cloisteáil ag duine. Má cluintear é i gcluas dheis an duine, beidh rath i ndán don té sin i rith na bliana. Má cluintear é sa chluas chlé, áfach, ní bheidh an rath céanna i ndán ach a mhalairt.

Cé nach bhfuil mórán measa ag daoine ar an chuach as an drochiompar atá aici as uibheacha a fhágáil i neadacha eile, creidtear go bhfuil bua na tairgreachta ag an chuach i gcúrsaí grá. Má tá duine aonar ag iarraidh fios a bheith aige/aici fán uair a bheas sé/sí le pósadh, ba cheart ceist a chur ar an chuach. Cinnte, chomh luath is atá an chéad chuach cloiste ag duine, ba cheart rann beag de dhán a rá le ceist a chur uirthi. Le gach glaoch atá le cloisteáil ansin, insíodh an cuach cá mhéad bliain atá le fanacht ag an duine sin go dtí lá bainise.

Tá droch-ádh i ndán do lanúin i ngrá, áfach, má fheiceann ceachtar acu cuach i mbrionglóid. Beidh trioblóidí i gcúrsaí grá ina mbeidh argóintí go leor eadarthu agus leannán eile ag teacht eadarthu fosta. Níl an tionchar céanna ag an chuach i mbrionglóid agus í le cloisteáil amháin. Ní dea-scéal a bheas le fógairt aici anseo ach oiread óir deirtear go mbeidh dallamullóg curtha ar dhuine atá in ainm is a bheith ag glacadh le comhairle mhaith.

Bhí meas ar leith ag scríobhaithe na láimhscríbhinní ar an chuach. Chreid siad i gcónaí go raibh ceird na scríbhneoireachta naofa agus go raibh dualgas orthu i gcónaí an fhírinne glan a aimsiú. Déantar comparáid idir thoraíocht na fírinne agus ag iarraidh breith a fháil ar chuach. Tuigimid go bhfuil gach cuach ceantrach ina páirc féin. Chomh luath agus a thágann duine i ngar don éan, stadann sí ag glaoch agus bíonn cuach eile le cloisteáil ag scairteadh i bpáirc eile. Dá bhrí sin, ní thig breith ar cuach ná an fhírinne iomlán a aimsiú choíche. Ar ndóigh, má tá duine díograiseach go leor sa tóir ar an chuach nó ar an fhírinne, thiocfadh leis gabháil ar mire ar fad.


Seanfhocal na Seachtaine



'Cuirfeadh sí na cuacha a chodladh.'

Is é an rud atá i gceist thuasluaite ná gur amhránaí den scoth atá inti.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland