Top Issue 1-2024

2 May 2002 Edition

Resize: A A A Print

Cad is fiú Toghachán?

This week, the DRAOI RUA a bit of a cynical look at elections and asks are they really worth it. He takes the surreal example of 'dish-washing' as an election policy and issue and discusses the party lines.



Tá cara de mo chuid den bharúil gur beag fiúntas atá i dtoghachán ar bith. Cinnte, is minic gur chuala mé é a rá:

"Dá dtiocfá a dhath ar bith a athrú trí thoghachán, bheadh caitheamh vótála mídhleathach."

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil ábhar machnaimh á léiriú aige ins sa ráiteas seo. Is í an cheist a thógtar i mo chloigeann ná go bhfuil an córas daonlathais i dTeach Laighin bunaithe ar ghach cosúlacht ar Westminister. Ar ndóigh, níor athraigh a dhath ar bith san Pharlimint sin ó aimsir Chromail. Is é an rud atá mé a rá go díreach ná gur córas gallda ar fad atá ann agus gur beag iarracht a ndearnadh rialtas dár ndúchais féin a bhunadh riamh.

Dá bhrí sin, dá mbeadh Éire Aontaithe againn amárach, cén córas rialtais a bheadh againn? An mbeadh muid faoi rialadh Lucht na Dála i mBaile Átha Cliath go fóill? Guímse go mbeadh athrú iomlán ar fad sa tír agus réabhlóid ceart curtha i gcrích.

Feictear go bhfuil roinnt Chomhairle Contae sna sé chontae ina bhfuil cathaoirligh Shinn Féin i gceannas. Is é an rud atá ann, áfach, ná nach bhfuil an oiread sin difir le feiceáil sa chóras faoina smacht. Tá gach cosúlacht go bhfuil na hionadaithe poblachtánacha slógtha isteach san údarás agus iad féin ag feidhmniú mar chuid den chóras anois. Ar an drochuair, tugtar an oiread sin dualgasaí ar na hionadaithe pobail, go nglacann tábhacht na n-institiúidí an phríomháit agus go ndéantar dearmad fá na hídéil bunúsacha.

Admhaím go bhfuil mé tinn tuirseach den toghachán cheana féin. Mothaím go bhfuil na príomhpháirtithe sna sé chontae is fiche tuillteanach rud ar bith a ghealladh, gach cinéal bréaga a inse, póg a thabhairt do gach uile leanbh os a gcomhair agus rud ar bith eile a dhéanamh ar mhaithe le bolscaireacht a fháil agus vótaí a mhealladh. Is minic a mbíonn polaiteoirí le cloisteáil ag caint go mórálta i dtaobh polasaithe agus ceisteanna áirithe agus fán mhéid a dhéanfadh siad, dá mbeadh siad i gcumhacht. Shíl mé go mbeadh sé suimiúil fadhb beag seafóideach mar 'ag ní na soithigh' a ghlacadh mar shampla:


Creideann Fianna Fáil go bhfuil na soithigh nite i gceart acu agus iad i gcumhacht. Deir siad gur bhain gach duine sult as plátaí glan curtha os a gcomhair sa tréimhse deireannach. Má thoghtar arís iad, beidh siad tuillteanach níos mó soithigh a ní agus breis plátaí a chur os comhair mhuintir na hÉireann.
Tá Fine Gael den bharúil nach raibh na soithigh nite ró-mhaith ar chor ar bith sa chúig bhiain dheireannach. Níor bhaineadh úsáid as an ghallúnach cheart agus ní raibh na soithigh nite in ord agus in eagar ar chor ar bith.
Tá sé tugtha fá deara ag Labour nach raibh go leor uisce te in úsáid ag an rialtas deireanach ach bheadh siad tuillteanach comhoibriú le ceachtar den dream thuasluaite.
Ba mhaith le Mary Harney cuid mhór de na soithigh a dhíol sa dóigh is nach mbeadh an oiread sin faoina gcúram agus iad den tuairim gur chóir an mhadadh a chroitheadh lena ruball sa chistin.
Maidir le Sinn Féin, an Comhlacht Glas agus an Páirtí Sóisialach, ní raibh cead riamh acu dul isteach sa chistin i ndáiríre go fóill. Tá sé tugtha fá deara acu, áfach, go raibh neamhaird tugtha do mholl mhór soithigh, nach raibh roinnt eile nite i gceart ar chor ar bith agus go bhfuil cuid eile briste ar fad.
Má thugtar cead dom cloí leis an mheafar seo 'ag ní na soithigh', is dócha nach bhfuil amhras ar bith ann ach go bhfuil cistin úrnua de dhíth. Ní amháin sin, ach is dócha gur chóir go mbeadh áiseanna cearta ar fáil ar fud na tíre, in ionad a bheith ag brath ar dhream údarásach i gcistin amháin. Tá an contúirt ann i gcónaí ná má théitear isteach sa chistin go mbeidh an duine cóir gafa le truflais!



Seanfhocal na Seachtaine



'Tá siad fíor mhaith atá gan locht.'

Is beag duine atá sa tsaol seo gan locht. Sna seachtaine amach romhainn, cluinfimid go leor polaiteoirí ag lochtú a chéile.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland