Top Issue 1-2024

18 April 2002 Edition

Resize: A A A Print

Groundhog Day na nGael

The Ard Fheis of Conradh na Gaeilge took place last weekend in Furbo, County Galway. An Phoblacht's DRAOI RUA was there.



Bheadh áthas ar Myles na gCopaleen dá dtiocfadh leis áiséirí ó na mairbh agus freastal ar Ard Fheis Chonradh na Gaeilge. Tharla go raibh Gaeil uaisle is ísle bailithe leo sna Forbacha i gcontae na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine 12-14 Aibreán. Ar ndóigh, bhí i bhfad níos mó suime ag na meáin in Ard Fheis Chumann Lúthchleas Gael gur beag duine a thug fá deara go raibh na Conraitheoirí gníomhach ar chor ar bith.

Cinnte, b'iadsan na Gaeil a bhí gníomhach ceart go leor. Bhí na gaeilgeoirí gnóthach ag gaeilgeoireacht leo fá chúrsaí ghaelacha agus fá ghabháil chun cinn na Gaeilge. Glacadh d'aon guth le rúin ag moladh seo agus ag cáineadh siúd ar son na Gaeilge.

Gan amhras, bhí cuid acu breá cleachtaithe leis na hargóintí ar fad agus is dócha go raibh roinnt de na ráiteisí is na hóráidí de ghlannmheabhair ag an lucht éisteachta sula ndeachaigh siad a fhad leis na Forbacha fiú.

Bíonn na hábhair céanna le plé ag Conraitheoirí ar eagla go ndéanann siad dearmad orthu. B'fhéidir go bhfuil nós acu na cúrsaí seo a phlé díreach mar a deir duine cráifeach a chuid paidreacha.

Ar ndóigh, pléadh cearta na nGael, rinneadh go leor gearán fán chóras oideachais in éirinn. Moladh ollscoil lán-Gaeilge a bhunadh. Tacadh le Raidió na Gaeilge agus cáineadh an Irish Independent. Iarradh ar an rialtas a thuilleadh airgid a chur ar fáil do rudaí éagsúla, seachtain na Gaeilge ina measc agus labhair cúpla duine amach go láidir ar son pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Dé Domhnaigh, tugadh cead don Aire Stáit Eamonn Ó Cuív labhairt ar stair an Bhille Teanga agus na deacrachtaí a bhaineann leis an obair atá le déanamh ag polaiteoir ag plé le bille ar bith. Óráid éifeachtach ar son Fianna Fáil a bhí uaidh agus chríochnaigh sé leis an gheallúint traidisiúnta go mbeidh an Bille Teanga achtaithe roimh an Nollaig. Maise, bheadh ar na Gaeil a muinín a chur i bhFianna Fáil arís agus a vótaí a chaitheamh leo ar son na Gaeilge. Tugadh fá deara, áfach, nár léirigh sé go díreach cén Nollaig a bhí i gceist aige.

Ba mhaith liom tagairt do rún ar leith a pléadh. Moladh gur cheart don Ard Fheis cuireadh a thabhairt d'Aontachtaí na tíre seo páirt a ghlacadh i nGluaiseacht na Gaeilge. Anois, bhí míthuiscint maidir le brí an fhocail 'Aontachtach' i gcomhthéacs an rúin. Ní raibh sé go hiomlán soiléir cén dream a bhí i gceist; Fianna Fáil, Fine gael, SDLP, DUP, UUP.... Thiocfadh dul céim níos faide agus an cheist a chur an raibh 'aontú na tíre' nó 'éire Aontaithe' i gceist ag an rúin.

Cuireadh i gcuimhne do na teachtaí a bhí i láthair go bhfuil sé mar chuid de bhunreacht an Chonartha 'pobal náisiúnta, saor gaelach a chothú'. Tuigeadh mar sin nach mbeadh dílseoirí ag iarraidh tacú lena leithéid.

Fá dheireadh, glacadh leis an rún mar a bhí ach an leasú beag amháin air. In ionad an focal 'Aondachtaí', cuireadh isteach 'gach mionlach cultúrtha/teanga atá dall ar an Ghaeilge'.

Maidir leis an chuid sin den rún ag tagairt do 'Ghluaiseacht na Gaeilge', ní dóigh liom gur thug éinne fá deara nach bhfuil a leithéid againn in éirinn. Tá neart eagraíochta, grúpaí agus daoine aonaracha gaelacha ar fud na tíre ach ní féidir a rá go cinnte go bhfuil gluaiseacht ann.

Bhuel, ní bheadh a fhios agat ach b'fhéidir go mbeidh feabhas ar an scéal fán am a bheas an chéad Ard Fheis eile ag Conraitheoirí i dTrá Lí i 2003.



Seanfhocal na Seachtaine


'Gluaiseacht na Gaeilge, gluaiseacht ar strae.'

Creidim gurb é Máirtín Ó Cadhain a chum an frása seo, má bhí an méid seo fíor lena linn, is amhlaidh atá an scéal sa lá inniu.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland