Top Issue 1-2024

11 April 2002 Edition

Resize: A A A Print

Seoda Scriosta

This week, AN DRAOI RUA discusses the wealth of literature and heritage in Irish that has been destroyed over the years. The English, the Church and the Irish all played their part.

Fuair mé bronntanas deas inniu ó shiopadóir áitiúil. Bailiúchán de sheanleabhar Gaeilge a bhronn sé orm agus é ag inse dom gur tháinig sé orthu nuair a bhí sé ag déanamh oibre i dteach éigin sa cheantar máguaird.

Ní raibh Gaeilge ag muintir an tí agus mhothaigh siad gur chóir dóibh an truflais a chaitheamh amach. Cé nach bhfuil Gaeilge ag an siopadóir, bhí sé den tuairim gur cheart greim a choinneáil orthu agus iad a thabhairt do dhuine éigin a bhainfeadh táirbhe astu. Ag an phointe seo a tháinig mise isteach sa scéal.

Anois, caithfidh mé a admháil go raibh fíor drochchruth ar na leabharthaí a bhronnadh orm. Ba chuma liom cé chomh stríoctha is seanchaite a bhí siad, chuir mé suim iontach iontu. B'fhéidir gur chuir mé níos mó spéise ins sna cinn is measa.

Mhínigh mé don siopadóir gur chreid mé go raibh sé i ndiaidh teacht ar sheoda luachmhara agus go raibh an rud ceart déanta aige gan ligint dóibh a bheith caite amach sa bhruscar. Chuir sé féin in iúl gur shíl sé gur peaca é a leithéid a chaitheamh ar leataobh, b'fhéidir nár thuig sé go díreach cad é a bhí ins sna leabharthaí ach ba é a bharúil gur chóir deis a thabhairt do dhaoine eile iad a thuiscint.

Ar ndóigh, chuimhnímid ar na hiarrachtaí a rinne na Sasanaigh ár gcultúr dúchais a scrios. Le linn dóibh a bheith i mbun pleananna an tír ar fad a chur faoi chois; scrios siad, dhóigh siad agus ghoid siad cibé láimhscríbhinní ar a rug siad greim. Mar aon leis sin, mharaigh siad an oiread sin filí agus ab fhéidir leo.

Is mór atá muid faoi chomaoin ag scríobhaithe na lámhscríbhinní, mar b'iad a chinntigh nach ligfí litríocht na tíre i ndearmad. Níl amhras ar bith faoi ach gur thuig na Gaill an méid seo agus go raibh sé mar phríomhchuspóir acu lucht léannta agus traidisiúin liteartha na tíre a scrios ar fad. Thuig siad go éireodh leo ceannairí na hÉireann a fhágáil gan tacaíocht agus an tír iomlán a chur faoi smacht fosta. Ní chóir dearmad a dhéanamh ach oiread ar na lámhscríbhinní a sciob an Eaglais Caitliceach leo.

Cé go dtuigimid go raibh ardmheas ag cuid denár sinsear ar sheoda na lámhscríbhinní, ní thiocfadh a rá go raibh an meas céanna le fáil go forleathan. Léirigh roinnt an meas a bhí acu ar a n-oidhreacht agus é de nós ag deoraithe a gcuid lámhscríbhinní agus leabharthaí Gaeilge a thabhairt leo agus iad ag dul ar imirce.

Rinneadh scrios millteanach, áfach, ar lámhscríbhinní ar fud na hÉireann toisc nár thuig daoine a luach. Tá samplaí inár bhain daoine úsáid as lámhscríbhinní le neadacha na gcearc a chóiriú. Chomh luath agus a bhí na cearca réidh leo, ní raibh le déanamh ach na sean-pháipéirí a chaitheamh ar an charn aoiligh. Leoga, baineadh úsáid as páipéar na lámhscríbhinní ar a lán dóigheanna, mar ábhar tine, nó le toitíní a chur le chéile... Ba léir nár thuig na hÉireannaigh seo chomh luachmhar is a bhí na saothair litríochta a scrios siad.

Leanann an scrios ar aghaidh sa lá inniu agus seanleabharthaí éagsúla caite sa bhruscar. B'fhéidir nach dóitear seanlámhscríbhinní ársa go laethiúil ach caithfidh a admháil gur beag meas atá ag cuid mhór de lucht an Bhéarla ar seanleabharthaí nach dtuigeann siad. Seans nach raibh na seoda is luachmhara in Éirinn aimsithe ag an siopadóir domsa, ach b'fhiú iad a shábhailt.



Seanfhocal na Seachtaine


'Is fearr an mhaith atá ná an mhaith a bhí.'

nach bhfuil mórán fiúntais i rudaí atá marbh agus gur fiú iarracht a dhéanamh iad a choinneáil beo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland