Top Issue 1-2024

4 April 2002 Edition

Resize: A A A Print

Uisce Beatha

Ós rud é gur chaith mé Oíche Dhomhnach na Cásca ag gabháil do bhuidéal uisce beatha le cara de mo chuid, ba é an t-uisce beatha céanna a thug spreagadh dom alt beag a scríobh na seachtaine seo.

Tá tionchar nach beag ag uisce beatha orainn in Éirinn, in Alban agus ar fud an domhain. 'Tá blas ar an bheagán' a deir an seanfhocal ach uaireanta ní bhíonn a fhios againn cá huair a bhfuil ár sáith againn nó cén t-am a bhfuil ár mbolga lán.

Nuair a bhíonn poit orm, is ansin amháin a thuigim go ndeachaigh mé thar fóir an oíche roimhe. Ansin, mothaím rud beag díomach ionam féin agus cuimhním ar ráiteas a bhíodh ag m'athair: 'Tá an fear sin chomh bománta sin nach bhfuil a fhios aige nuair atá a bholg lán'. Bhuel, caithfidh mé a admháil go raibh mé féin iontach amaideach agus bománta ar ócáidí áirithe.

Fiú ag aois an-óg agus fiacla a ghearradh ag leanbh, ba mhinic a bhíodh spunóg uisce beatha tugtha don leanbh céanna. Bhuel, sin nós nach gcleachtaítear go rialta ná go forleathan sa lá atá inniu ann.

Leoga, téann an t-uisce beatha i bhfeidhm ar neart daoine agus is beag leithscéal atá de dhíth ag daoine táirbhe a bhaint as. Níl amhras ar bith nach bhfuil teorann leis na leithscéalta. Bíonn daoine ag ól agus iad ag ceiliúradh ag ócáidí éagsúla, ag imeachtaí sóisialta de gach saghas, l'iad a chur ar a suaimhneas, nuair atá briseadh croí orthu.... Maise, ní bhíonn muid i gcónaí i mbun na measarthachta ach oiread.

Tá trí chineál uisce beatha ann;

1.Uisce beatha na gráinne, ina bhfuil meascán de ghránbharr in úsáid ach ní bhíonn gach meascán mar a gcéanna. De réir mar is mian, úsáidtear cruithneacht, min bhuí agus eorna (braiche).

2.Uisce beatha braiche. Úsáidtear 100% eorna braiche amháin anseo.

3.Uisce beatha measctha. Is é atá anseo ná meascán d'uisce beatha na gráinne agus uisce beatha braiche.

Nuair a thuigtear go nglacann sé na blianta buidéal uisce beatha a sholáthar, is dócha gur chóir dúinn níos mó measa a bheith againn air ná é a shlógadh siar in aon oíche amháin.

Roimh 1900 AD, bhí an chuid is mó den uisce beatha iontach óg agus b'iad an t-uasalaicme amháin a bhí in ann íoc as an chuid is sine. Ní raibh mórán airde tugtha do chaighdeán an uisce beatha. Ba mhinic a bhíodh scadáin, im, fíon ná rud ar bith eile sa bhairille cheana. Cinnte, bhíodh blas ar leith ar uisce beatha na scadáin ach is dócha gur cuma le daoine a fhad is a bhí an tionchar céanna ar an chloigeann is ar an chorp.

Sa bhliain 1916, ceapadh dlí ina mbeadh ar gach cinéal uisce beatha a choinneáil i mbairillí daracha ar feadh trí bhliain ar a laghad. Ar ndóigh, is féidir na bairillí céanna a úsáid cúig uair. De réir an dlí fosta, caithfidh ar a laghad 40% alcóil a bheith san uisce beatha agus é ag dul isteach sa bhuidéal.

Deirtear go n-éalaíonn thart fá 2% den alcóil gach bhliain suas san aer agus é tógtha ag aingil na bhFláithis. Dá bhrí sin, ní bhíonn an t-uisce beatha is sine níos láidre ná an stuif óg ach creidtear go mbíonn blas níos fearr air.

Bhuel, brathann blas ar an duine agus cé go bhfuil na céadta uisce beatha ann, ní thig liom a rá go bhfuil ceann amháin ina measc níos fearr ná na cinn eile. Le fírinne, is maith liom beagnach gach cinéal uisce beatha ach sin ag brath ar an spion atá orm. Is dócha gurb é an t-uisce beatha is fearr liom ná an ceann a bhíonn i mo ghloine romham.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine


'Is maith liom uisce beatha ach ní maith dom é.'

Seo seanfhocal a chuala mé fadó ach cuimhním air anois is arís.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland