Top Issue 1-2024

14 April 2011

Resize: A A A Print

Tábhacht an tSeanaid – Tábhacht bhur dTacaíocht


LE TREVOR
Ó CLOCHARTAIGH

TÁ TOGHCHÁN an tSeanaid faoi lán seoil agus muidne mar iarrthóirí agus baill uile an pháirtí ag stocaireacht ar bhealaí éagsúla. Teastóidh gach tacaíocht gur féidir linn a fháil leis na suíocháin ar fad a bhfuil muid san iomaíocht dóibh a bhuachan. Tá sé de phribhléid agamsa a bheith ainmnithe mar iarrthóir ag Sinn Féin ar an bpainéal talmhaíochta in éineacht le mo chomhghleacaithe David Cullinane & Kathryn Reilly ar dhá phainéal eile gairme agus Eoin Ó Broin atá ag fiach ar shuíochán ar phainéal fíor iomaíoch na hOllscoile.
Ceann de na rudaí is suntasaí atá do mo bhuaileadh faoin bhfeachtas seo ná chomh difriúil is atá sé ón olltoghchán a chuaigh roimhe. Bhí muid imithe i dtaithí ar an canbhasáil ó dhoras go doras, na díospóireachtaí poiblí, an stocaireacht áitiúil, na postaeirí agus na cleasanna bolscaireachta eile a théann i gcion ar an bpobal áitiúil. Le toghchán an tSeanaid, i mo chás sa, tá muid ag brath ar ár gcuid ionadaithe tofa féin agus dul i gcion ar ionadaithe ó na páirtithe eile ar fad agus iad siúd atá neamhpháirtí le suíochán a bhaint amach.
Feiceann tú chomh maith céanna chomh difriúil is atá an toghlach ar a bhfuil muid ag tarraingt - ó chomhairleoirí cathrach a bhfuil fadhbanna ar nós drugaí agus athghiniúint uirbeach ag déanamh tinnis dóibh, go dtí na hionadaithe tuaithe a bhfuil cearta bainte móna agus foirne peile gan imreoirí mar an chloch is mó ar a bpaidrín dóibh. Na cúiseanna seo ar fad chomh tábhachtach lena chéile ina mbealaí féin. Cuid acu fabhrach, cuid acu nár luath leo an sioc ná vóta a thabhairt duit ar fhaitíos go ndéanfá dul chun cinn orthu.

Tá cuid mhaith daoine ag rá gur cheart deireadh ar fad a chuir leis an Teach Uachtarach. Cén fáth an mbeadh muid ag bacadh le hionadaíocht Seanaid a bhaint amach mar sin? Cén difríocht ar féidir linne a dhéanamh má thoghtar muid? Cinnte tá deacrachtaí móra leis an tslí ina bhfheidhmíonn an Seanad i láthair na huaire. Cinnte, tá ceisteanna móra le n-ardú maidir leis an bpróiseas toghchánaíochta. Ach, is fóram daonlathach go fóill é gur féidir linn leas a bhaint as lenár bhfís phoblachtach a chur chun cinn. Agus caithfidh muid gach deis a thapú chuige sin.
Fad is atá an Seanad ann caithfidh muid deimhniú go mbeidh ionadaithe ag Sinn Féin inti a bheidh ag ceistiú reachtaíocht ar bith a thagann tríd le deimhniú go bhfuil sé ar leas chuile dhuine sa bpobal. Ní mór dúinn polasaithe nua a dhréachtadh agus taighde a dhéanamh chun reachtaíocht nua a mholadh a bheidh chun sochar saoránaigh na hÉireann uile. Is féidir linn an deis a úsáid chomh maith chun aird náisiúnta a tharraingt ar na ceisteanna áitiúla a bhaineann le ceart agus cóir, cothromas agus áireamh shóisialta, imeasc iliomad rudaí eile. Beidh muid mar chuid lárnach d’fhoireann Shinn Féin i dTeach Laighean.
Léirigh Piaras Ó Dochartaigh an bealach is fearr leis an Seanad a úsáid, tá David, Kathryn, Eoin agus mé féin ag brath ar bhur dtacaíocht agus scileanna stocaireachta le bhur n-ionadaithe tofa áitiúla, chun deimhniú go mbeidh ceathrar Seanadóir nuathofa ag Sinn Féin le leanúint den deá-obair sin. Tá muid fíor bhuíoch as bhur gcabhair agus súil againn ar fad go mbeidh ceiliúradh stairiúil eile againn nuair a fhógrófar na torthaí.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland