Top Issue 1-2024

28 February 2002 Edition

Resize: A A A Print

Ciníochas sa Toghachán

Cuireadh díoma orm a léamh go bhfuil grúpa frith-imirce, 'Immigration Control Platform' (ICP) l'ionadaithe a chur chun tosaigh sa toghachán ginearálta sna sé chontae is fiche. Mar a tharlaíonn sé ní bheidh ach beirt ionadaithe acu ach creidim gur barraíocht an bheirt. Beidh Áine Ní Chonaill ag seasamh i mBaile Átha Cliath agus Tom Neville i gCorcaigh.

Ar ndóigh, níl ach ábhar amháin le cur os comhair an phobail agus baineann sé leis na teifigh in Éirinn. Tá siad den tuairim gur chóir do rialtas Theach Laighin tarraingt siar óna thacaíocht ar son Chonradh Geneva a leagann amach rialacha le cearta teifigh a chosaint. Creideann siad nár cheart go mbeadh aitheantas sibhialtaigh tugtha do pháistí eachtrannaigh a saolaítear sa tír. Maidir leis na daoine a chuireann isteach iarratas ar lorg tearmann agus a theipeann, síleann siad gur chóir an dream bocht seo a dhíbirt as an tír i bhfad níos gaiste.

Níl ach tuairimí faisistíoch le moladh acu. Le linn preas ócáid agus í ag seoladh a bhfeachtas toghacháin, dúirt Áine Ní Chonaill go raibh sé de cheart aici a tír dúchais a chosaint ó imircigh a thagann gan cuireadh díreach mar a dhéanfadh sí cosaint ar a teach féin. Dúirt sí fosta gur mhothaigh sí go raibh bardas máithreachais déanta d'Éirinn ag muintir Iarthar na hAfraice.

De réir an mhéid a bhí le rá ag Ted Neville, shíl sé go raibh an iomarca airgid caite ag íocóirí cáin ar son teifigh. Tá sé den bharúil go bhfuil cultúr na hÉireann maolaithe ag na teifigh agus go raibh ár gcultúr riachtanach dúinn turasóirí a mhealladh. Sea, níl mórán céille aigesean ach oiread.

Nuair a léitear a leithéid de bharúlacha, ní chuireann sé iontas orm go bhfuil ionsaithe ciníocha ag méadú. Le fírinne, shílfeá nach dtiocfadh le duine ar bith a bheith chomh holc sin agus seasamh ciníoch a ghlacadh i bhfeachtas toghacháin. Is cinnte go bhfuil muid inár gcónaí i sochaí nach bhfuil tuisceanach ar chás na dteifigh agus atá ciníoch go leor. Tá sé ró-fhurasta do dhaoine an milleán a chur ar dhream stráinséirí laga agus is cosúil go bhfuil cuid mhór de mhuintir na hÉireann ag glacadh leis na bréaga atá scaipithe i dtaobh na teifigh.

Is í an bhréag is mó a chluintear ná go bhfuil na teifigh uilig anseo l'airgead a ghoid ón Roinn Leasa Sóisialta agus go bhfuil siad ag cur postanna agus eacnamaíocht na tíre i mbaol. Ní dhéantar mórán iarracht an fhírinne a thuiscint, gur ruaigeadh na daoine as a dtíortha dúchais agus go bhfuil lucht an rachmais ag déanamh brabúis as a gcruachás.

Ar a laghad, rinneadh iarracht seasamh a ghlacadh i gcoinne an ciníochas agus na bréaga a chur i gceart le linn Comhdháil a bunaíodh i Halla na gCathrach i gCorcaigh 22 Feabhra. I meas na daoine a bhí ar an ardán bhí: Sean Love, Amnesty International, ionadaithe ó na lucht siúil agus ó NASC(grúpa tacaíochta na dteifigh) maraon le polaiteoirí áitiúla agus eile. Léiríodh ag an chruinniú nach raibh go leor déanta ag an rialtas ar son na dteifigh, gur chóir níos mó nascanna a chothú le stráinséirí a thagann i dtír agus feachtas láidir a bhunadh le gabháil i gcoinne an chiníochais in Éirinn.

Ba shuimiúil an méid a bhí le rá ag Pat Cox, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ná nach bhfuil an locht ar teifigh as fadhbanna bochtanais in Éirinn agus nár cheart an milleán a chur ar dhream beag daoine amháin. Léirigh sé nach bhfuil ach 0.27% den GDP caite ar teifigh sna sé chontae is fiche.

Maise, ní féidir cosc a chur ar ionadaithe an ICP sa toghachán ach ba cheart go ndéanfaidh cách a ndícheall le déanamh cinnte nach bhfaighidh an bheirt seo ach dhá vóta.

AN DRAOI RUA

Seanfhocal na Seachtaine


'Is fearr muinín mhaith ná droch-aigne.'

Caithfimid uilig a bheith dóchasach ár ndeacrachtaí éagsúla a réiteach gan an locht a chur ar dhaoine eile.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland