Top Issue 1-2024

31 January 2002 Edition

Resize: A A A Print

Stailc Ocrais san Astráil

Tá sé beagnach dothuigthe cad chuige a bhfuil na meáin cumarsáide chomh ciúin sin i dtaobh an stailc ocrais atá ar siúl san Astráil i láthair na huaire.

Is cosúil go bhfuil an domhan idirnáisiúnta breá sásta réim na Taliban a cháineadh san Afganastáin agus tacú le buamáil na tíre sin go fóill. Idir an dá linn, ní dhéantar mórán iarracht cuidiú leis na teifigh a d'éalaigh ón dhiansmacht an lucht céanna.

Ba ea an rud a tharla san Astráil ná nuair a d'éirigh le teifigh ón Afganastáin teacht i dtír faoi dheireadh ná gur cuireadh i ngéibheann iad amuigh sa ghaineamhlach. Is uafásach na coinníollacha ina bhfuil na daoine seo agus iad ag fanacht ar cead oifigiúil stopadh sa tír.

Cuireadh teaghlaigh i sluachampaí géibhinn, i dteas millteanach na ngaineamhlaigh, taobh thiar de bhallaí déanta de sreang mhiotail le rásúir. Níl na háiseanna cearta ar fáil do na daoine seo agus tá a sláinte go mór i mbaol.

Tá an scéal chomh olc sin go bhfuil na céadta acu anois ar stailceanna ocrais i gceithre ionad coinneála le coicís anois. Tá breis agus seasca duine chomh dáiríre i dtaobh an stailc ocrais seo go bhfuil a gcuid liopaí fuaite le chéile acu. Ar an drochuair, níl cuma ar rialtas na hAstráile go bhfuil deifir ar bith orthu an córas víosa a bhrostú ná na teifigh a scaoileadh saor ó na coinníollacha uafásacha ina bhfuil siad. Caithfear a rá go bhfuil idir fir, mná is páistí i measc na stailceoirí ocrais.

Ní amháin go bhfuil na stailceanna ocrais ag dul ar aghaidh ach rinne a lán teifigh iarracht lámh a chur lena mbás féin cheana. Cinnte, tá lucht tacaíochta ag na teifigh taobh amuigh de na sluachampaí agus iad ag déanamh a ndícheall aird domhanda a tharraingt ar an nuacht. Is léir go bhfuil cuid acu siúd ar stailc ocrais anois chomh maith.

Cuirfeadh seasamh rialtas na hAstráile dearcadh Mhaggie Thatcher agus tuiscint réim na Túirce i gcuimhne dúinn. Cé go bhfuil cuid de na nuachtáin ag déanamh iarracht aird an phobail a tharraingt ar an cheist phráinneach seo, is cuma l'Airí stáit.

Dúirt Philip Ruddock, Aire Imirce na hAstráile, nach raibh sé ag dul a chuid tuairimí a athrú de thairbhe roinnt ceannlínte i nuachtáin, nach raibh sé ag géilleadh do lucht agóide ar chúis ar bith. Dúirt sé go raibh gach ceart ag an rialtas a rogha rud a dhéanamh an fhadhb seo a láimhseáil de réir mar is mian leo. Ba ea an rud a rinne sé nuair a tháinig an scéal chun solais ná gur chuir sé lucht teagmhálaí chuig na sluachampaí l'inse do na stailceoirí ocrais gur cur amú ama a bhí sna agóidí a bhí ar siúl acu.

Thacaigh John Howard, Príomhaire na hAstráile, go hiomlán le seasamh Ruddock agus é den tuairim nach mbeadh sé curtha faoi dhúmhál mhórálta ag na teifigh.

Cé gur éirigh leis na teifigh seo éalú ó dhiansmacht na dTaliban san Afganastáin, ní raibh siad ar dhóigh ar bith réidh ná ullmhaithe don chóras chaipitleach chiníoch. Ní féidir le lucht an rialtais a rá go bhfuil easpa spáis san Astráil dóibh. Tá sé dochreidte go dtig le dream daoine, a shíolraíonn ó teifigh iad féin, a bheith chomh neamhtuisceanach fá chruachás chosmhuintir na hAfganastáine. Níor chuir a sinsear ceist ar bhunstoc na tíre nuair a ghlac siad seilbh ar a gceantacha dúchasacha.

Tá sé thar am don domhan idirnáisiúnta seasamh rialtas na hAstráile a cháineadh agus brú a chur ar an Phríomhaire John Howard a gcearta a thabhairt do na teifigh seo i ngéibheann.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Ní thuigeann an soitheach an seang nuair a bhíonn a bholg féin lán.'


Ní ghá dom a rá go bhfuil soitheach John Howard agus a leithéid thar a bheith lán nach bhfuil ar dhóigh ar bith tuisceanach fá chruacchás na mbocht faoina chúram.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland