Top Issue 1-2024

24 January 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bréaga Popstars

Caithfidh mé a rá gur fuath liom go mór na grúpaí ceoil atá tagtha chun cinn le déanaí atá cruthaithe agus faoi stiúir bainisteoirí go hiomlán. Is dócha gur sin mar a d'fhorbair lucht an phopcheoil le blianta anuas ach le fírinne níl mé tuillteanach cur suas leis an chacamas uathu.

Is deacair na grúpaí ceoil seo a sheachaint agus gach cosúlacht go bhfuil na meáin cumarsáide tacú leo. Bíonn siad le feiceáil, le cloisteáil, is le léamh; ar an teilifís, ar an raidió, in irisí is sna nuachtáin. Déantar ábhair nuachta d'eachtraí seafóideacha s'acusan gur deacair éalú ón ráiméis ar fad uathu. Maise, tá an peaca marfach céanna seo déanta ag RnaG féin.

Bím féin tógtha san fhuil nuair a chluinim trácht ar ainmneacha na ngrúpaí seo fiú. B'fhéidir gur chóir dom cuid de na hainmneacha seo a lua go bhfeicfinn an bhfuil an tionchar céanna acu ar léitheoirí 'An Phoblacht': Boyzone, Backstreet Boys, B-witched, Bellefire, 5ive, Westlife agus an grúpa nua-cruthaithe 'six'. Anois, cad é mar a mhothaíonn sibh?

Cé go dtiocfadh ábhar díospóireachta a bheith ag daoine fá na buanna ceoil atá ag a leithéid de na grúpaí thuasluaite, is beag ionspioráid atá taobh thiar dóibh. Roghnaítear baill na ngrúpaí de réir 'áilleachta' is 'pearsantachta' ag daoine gránna nach bhfuil pearsantacht ar bith acu. Ansin, cuirtear an ghrúpa nua trí phroiséas an mhonarcháin. Cruthaítear íomhánna nua do na baill, tugtar céachtanna 'amhránaíochta' agus 'damhsa' dóibh agus leis an bholscaireacht ar fad ag tacú leo déantar réalta dóibh.

Ag deireadh an lae, caithfear a admháil nach dtagann smaointe cruthaíochta ná samhlaíocht ar bith ó bhaill na ngrúpaí seo. Feictear nach dtugtar deis dóibh féin amhráin a chumadh ach insítear dóibh cad é go díreach ar cheart dóibh a rá, a chaitheamh is a dhéanamh i dtólamh. Ní amháin nach bhfuil mórán de shamhlaíocht a léiriú ag na grúpaí seo ach déanann siad aithris ar amhráin dhaoine eile. De ghnáth, ní éiríonn leo ach drochchóip Kar-i-oke a dhéanamh agus amhrán maith a scrios.

Mothaím go bhfuil mé faoi ionsaí cultúrtha agus an callán den phopcheol seo ag cur isteach orm de shíor. Tá mé den bharúil, áfach, nach bhfuil mé i m'aonar. Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhforbaíonn a leithéid de ráiméis mar chuid den chóras chaipitleach. Níl siad ag iarraidh a bheith réabhlóideach, ach ag tacú go hiomlán leis an stadas quo mar atá. Tá gach uile rud faoi stiúir bainisteoirí agus déanta ar mhaithe le brabús, airgead agus clú a bhaint amach. Tuigtear nach bhfuil bunús ar bith lena gcuid amhráin, nach bhfuil siad ag iarraidh rud dearfach a dhéanamh ar son an chine daonna, nach bhfuil fíor-mhothúcháin taobh thiar den cheol uathu. Níl ins sa mhéid atá curtha os ár gcomhair ach cur i gcéill amaideach agus teachtaireachtaí gan brí. Cinnte, ní hionann an popcheol seo agus ceol de chaighdeán ar bith.

Is é an rud a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile ná go n-éiríonn leis an seafóid ar fad lucht leanúna a mhealladh.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Ní hé an té is mó a osclann a bhéal a osclann a sparán.'


Tuigtear go n-osclann na popstars seo a mbéal ar mhaithe l'airgead a mhealladh as sparán an phobail.


I mblianta dorcha na 40í



Seamróg agus Swastika
TG4
24 Eanáir 2002, 10pm


Sa scannán seo tugtar cur síos ar an tréimhse conspóideach sin ina raibh teagmháil idir an IRA agus na Gearmánaigh le linn an Dara Chogadh Domhanda.

Tosaíonn an scannán le ráitisí bréagacha go raibh cosúlachtaí idir fís Hitler agus fís De Valera agus an IRA. Deir an staraí frith-poblachtánach John A. Murphy go raibh poblachtánaigh cosúil leis na Nazaithe agus gur cuma leo faoin daonláthas. Is olc an intreoir é sin do stair Ghluaiseacht na Poblachta sna 30í agus sna 40í. Ní tugtar cúlra ceart in aon chor don scéal agus ní luaitear ról na Léinte Gorma, fíor-faisistigh na hÉireann, ag an am, agus conas ar úsáid Dev an IRA chun cur ina gcoinne.

Níl míniú ar bith ar na scoilteanna taobh istigh den IRA ag deireadh na 30í agus ní aithnítear nach raibh tacaíocht an IRA uile ag Seán Russell mar Cheann-Fóirne. Bhí alán poblachtánaigh, a leithéid Tom Barry agus Moss Twomey san áireamh, nár aontaigh lena fheachtas buamála. Cé gur téama mór an chláir é an 'comhoibriú' idir an IRA agus na Naizithe is léir ón bhfianaise sa chlár fhéin gur ceangal lag a bhí ann, nach raibh idéolaíocht ar bith ag baint leis agus go raibh an dá thaobh ag iarraidh a leas fhéin a chur chun cinn. Ach is ceart do phoblachtánaigh an lae inniú a rá, mar a dúirt cuid acu ag an am, gur olc an obair é bheith i dteagmháil leo ón tús.

Tháinig spiadóirí Gearmánacha go hÉirinn ach ba léir ón bpraiseach a rinne siad uile den obair nach raibh a rialtas dairíre faoin tír seo, cé gur dréachtadh roinnt pleananna agus go ndearna siad iarracht Seán Russell agus Prionsias Ó Riain a chur i dtír ó Bád-U. Sa chlár seo deir Fearghal McGarry ó Choláiste na Tríonóide gur "collaborator" leis na Naizithe a bhí i Prionsias Ó Riain mar gur imigh sé ar ais go dtí an Gearmáin sa bhád sin tar éis bás Russell. Ach cén rogha a bhí aige? Is léir ó leabhar Seán Cronin 'Frank Ryan - the Search for the Republic' go raibh sé ina leath-phríosúnach ag na Gearmánaigh. I ndáiríre ní raibh sé saor riamh tar éis gur gabhadh é ag Arm Franco agus gur tugadh do na Gearmánaigh é i 1940.

Bhuail mé le deirfiúr Phrionsis, Eilís Ní Riain, go luath sular fuair sí bás roinnt blianta ó shin. Bhí sise cinnte de nach raibh a deartháir báiúil don na Naizithe agus ba uafás léi an méid a bhi ráite faoi. Is mór an trua go bhfuil an rud chéanna le chloisteáil sa chlár seo.

LE MÍCHEÁL MacDONNCHA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland