Top Issue 1-2024

17 January 2002 Edition

Resize: A A A Print

Bean Sí

Níl amhras ar bith ann ach tá tionchar mhór ag an bhean sí ar mheon na hÉireann go fóill. Is beag duine sa tír nár chuala trácht uirthi agus is iomaí scéalta scanrúla atá ann fá dtaodh di. Ní amháin go gcloistear tuairiscí ina taobh faoin tuath ach sna bailte móra is sna cathracha leis. Cuimhnítear, áfach, nach bhfuil an locht uirthi féin go bhfuil duine ar tí bás a fháil. Níl inti ach an teachtaireachtaí.

Creidtear go gcloiseann duine an spiorad seo ag caoineadh nuair atá bás i ndán do ghaol nó do chara éigin. Ní amháin go mbíonn an spiorad le cloisteáil ag gol sa chomharsanacht ach uaireanta cluintear an scread uaithi i mbaile dúchais an teaghlaigh cé go bhfuil an duine ar tí bás a fháil i dtír i bhfad thar sáile.

Ní bhíonn tairngreacht uaithi ar fáil do ghach duine in Éirinn. Cé go bhfuil muid uilig bródúil as an tír ilchultúrtha atá againn anseo, ní bhacann an bhean sí an bás a thuar ach do na teaghlaigh Gaelacha. Cinnte, ní chuireann an bhean sí isteach ar shliocht Lochlannach, Normannach, Albanach, Sasanach ná eile. Deirtear go minic nach gcloistear an bhean sí ach muintir le 'Mac' nó 'Ó' ina sloinnte -is é sin na teaghlaigh gaelacha. Ach i ndáiríre, is beag an buntáiste nuacht an bháis a chloisteáil ó spiorad.

I gcúrsaí litríochta, chreid na filí gur tháinig an bhean sí chucu l'iad a spreagadh lena gceird. Ós rud é gur chothaigh sí ábhair liteartha sa lucht léannta, chuidigh sí go mór le cur chun chinn na teaghlaigh Gaelacha leis - bhuel sin a chreid na filí fadó. Ar ndóigh, tháinig sí ar ais ag caoineadh nuair a fuair an taoiseach ríoga bás. Uaireanta, tháinig sí l'inse don taoiseach féin go bhfaighfeadh sé bás go luath. Leoga, tagann an tuar faoin tairngreacht i gcónaí.

Tugtar an t-ainm 'Badhbh' nó 'Badhbh Chaointe' in áiteacha éagsúla i gCúige Laighin. Bandia cogaidh a bhí inti a ghlac cruth préacháin go rialta agus bhíodh sí le cloisteáil ag béiceáil léi ar pháirc na fola. B'fhéidir gur chóir a rá fosta go raibh an t-ainm Badhbh in úsáid ag na filí fadó mar ainm chleite d'Éire. Mo bhrón, ach nach minic a raibh cúis caointe in Éirinn féin.

Cé gur iomaí scéal atá ann ar fud na hÉireann ag trácht ar an dóigh ar chualathas an bean sí, is beag tuairisc atá ann ag cur síos ar an chuma atá uirthi féin. Is fíor annamh a mbíonn sí le feiceáil. Caithfidh a rá go bhfuil corrdhuine ann a fuair spléachadh uirthi. De ghnáth cuirtear síos uirthi mar sheanbhean spíonta ach tá tuairiscí eile ann a dúirt gur bean óg galánta a bhí inti. Deirtear riamh go raibh Éire féin i gcónaí óg agus cúrsaí na tíre ag gabháil go maith ach ba mhinice a raibh cúrsaí go holc agus í mar seanbhean. Is áit an rud é ach, i mbeagnach gach tuairisc ina raibh bean sí le feiceáil, bíonn sí ag cíoradh a cuid gruaige fada agus í ag gol - níor thuigim go fóill cad chuige a bhfuil cíor gruaige de dhíth uirthi?

Tharla gur tháinig fear áirithe seo ar chíor ghruaige agus é amuigh ag siúl maidin amháin. An rud a bhí ann ach bhí sé i ndiaidh bean sí a chloisteáil an oíche roimhe. Ghlac an boc áirithe seo an cíor gruaige abhaile leis. Ar ndóigh, tháinig an bhean sí ar ais go teach mo dhuine an oíche ina dhiaidh agus thosaigh sí ag screadáil díreach taobh amuigh den fhuinneog. Rug sé greim ar na tlúnna agus shín sé an chíor gruaige amach chuici agus d'imigh sí léi. Bhí an oiread sin eagla air nach ndeachaigh sé amach leis n tlúnna a thógáil go maidin - bhí na tlúnna do-aitheanta agus iad scriosta is lúbtha as a chéile. Ba mhaith an rud é nár shín sé a cíor gruaige amach lena lámh.

AN DRAOI RUA



Seanfhocal na Seachtaine



'Deartháir an bháis - an codladh.'

Is beag rud maith a dtig linn a rá fán bhás ach go guímid codladh sámh ar ár muintir.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland