Top Issue 1-2024

10 January 2002 Edition

Resize: A A A Print

Ré an Euro i bhfeidhm

Is beag gearán a dtig linn a dhéanamh fán chóras airgeadais nua atá tagtha i bhfeidhm sna sé chontae is fiche agus sa chuid is mó den Eoraip anois. Is dócha go mbeidh orainn uilig glacadh leis na hathraithe óir is cosúil nach mbeidh an tAontas Eorpach ag dul siar chuig an seanchóras. B'fhéidir, áfach, gur sin a bhí ar intinn ag impireacht na Róimhe agus an drachma in úsáid acu na cianta ó shin.

Thóg Robert McMillen ón Irish News agus daoine eile roinnt ceisteanna i dtaobh na fadhbanna teanga a thógann an córas úr. Níl muid cinnte an mbeidh Gaeilgeoirí na tíre l'úsáid a bhaint as leaganacha Gaeilge mar 'eora' agus 'ceint'. Caithfidh a admháil go bhfuil gach cosúlacht go bhfuil Foinse, Lá, RnaG agus TG4 breá sásta cloí le 'euro' agus 'cent'. Maidir le cúrsaí gramadaí, creidim go mbeidh muid uilig trínár gcéile ar chóir dhá c(h)ent, seacht (g)cent, ocht (n-)euro a rá nó a scríobh.

Tá daoine eile mí-shásta fán stíl atá ag an airgead nua. Bhí cairde de mo chuid ag rá nach bhfuil ceart ar bith ag an Bhreatain a bheith ar an léarscáil ar na boinn nuair nach bhfuil siad mar chuid den chóras úr. Cé nárbh mhiste liom féin a bheith ag beathnú ar léarscáil na hEorpa gan an Bhreatain, tuigim go mbeidh gach seans ann go mbeidh na Sasanaigh ag glacadh leis an chóras úr i gceann cúpla bliana.

Chuir sé isteach orm féin nuair a thug mé fá deara go raibh críochdheigilt na hÉireann millteanach déanta ar na boinn deich, fiche agus caoga cent. Le bheith ag breathnú ar léarscáil na hEorpa ar na boinn seo, shílfeá go raibh dhá oileán in Éirinn mar atá i dtír na Maoraí i Nua-Sealainn.

Má scrúdaítear na boinn aon agus dhá euro, déarfainn go bhfuil cúis mhór gearáin ag muintir na hIoruaidh. Tá an cuma ar an tír gur bod mór atá ann agus tá cruth magairlí ar an tSualainn. Tuigtear nach bhfuil muintir na Sualainne páirteach sa chóras airgeadais nua ach b'fhéidir go bhfuil an Aontas Eorpach ag iarraidh ruaig a chur ar na tíortha Lochlannacha ar fad.

Maidir leis na nótaí, creidim go bhfuil cuma measartha leadránacha orthu uilig. Cé nach bhfaca mé féin ach na nótaí cúig agus deich go fóill, tá an stíl céanna orthu ar fad. Fuinneoga ar thaobhanna amháin agus droichid ar na taobhanna eile. Leoga, tá an t-aontas airgeadaíochta den bharúil gur féidir leis na híomhanna seo dearcadh oscailte a chothú agus daoine a thabhairt le chéile thar teorainn. Ní dóigh liom gur chaitheadh an oiread sin ama i gcruthú na nótaí céanna. B'fhearr i bhfad pictiúir d'áiteacha éagsúla na hEorpa a fheiceáil ach is cinnte go mbeadh cúis achrainn i dtaobh a leithéid chomh maith.

Caithfidh slán a fhágáil leis an tarbh ón Táin Bó Chuailgne ar 5p, leis an bhradán feasa ar 10p, le Raifteirí an file ar £5, le James Joyce ar £10, le Daniel O Connell ar £20 agus le Dubhghlas De hÍde ar an £50. Is beag duine inár measc a chur aithne riamh ar CS Parnell ar £100.

De réir mar a thuigimse, níl seandaoine buartha fá chúrsaí gramadaí ná fá stíl an airgid ach tá go leor deacrachtaí acu i láimhseáil na boinn. Níl mórán difir i méid ná i meachán na boinn deich, fiche agus caoga cent. Thiocfadh a rá fosta gur beag an difir idir na boinn aon agus dhá euro.

Tá neart ama caite ag na meáin cumarsáide ag déanamh bolscaireacht ar son an córais nua seo in Éirinn agus ar an dóigh a bhfuil na hathraithe curtha i bhfeidhm cheana. Nach iontach iad i dTeach Laighin i gcomparáid le rialtas na hIodáile?!

Chuala mé nach raibh Banc na hÉireann sásta gnó a dhéanamh le gnáthphobal an oileáin ar Inis Meáin i gcontae na Gaillimhe ach le lucht gnó amháin. Mar aon leis sin, thosaigh raic mór i Supermacs i mBaile Locha Riach i gcontae na Gaillimhe díreach ag meán oíche 1 Eanáir 2002 nuair a dhúiltaigh an foireann oibre glacadh le puntaí. Cuimhnítear gurb é Baile Locha Riach Euro-bhaile na hÉireann. Déarfainn go raibh roinnt argóintí ar fud na tíre...

Thar rud ar bith eile, déarfainn gurb é an cúis gearáin is mó a bheas ag daoine ná nach bhfuil go leor cent ná euro ina gcuid pócaí.

AN DRAOI RUA



Ionad Buail Isteach ag Comóradh Chionn tSáile


Gianghraf de ghrúpa ón Ionad Buail Isteach a d'fhreastal ar Chomóradh Chath Chionn tSáile ar 3 Eanáir, ar ócáid nochtadh an leacht cuimhneacháin ar láthair an chatha (Comhairle Bhaile Chionn tSáile a d'eagraigh), agus a d'fhreatal ar thuras treoraithe as Gaeilge ar láthair an chatha ina dhiaidh sin.

Bhí slua mór áítiúil i láthair, chomh maith le toscaireacht as Dún Geanainn, Co Thír Eoghain ar son mhuintir Uí Néill chomh maith.

LE CRIS NÍ CHOISDEALBHA


Scólaireacht Chuimhneacháin Eoin Mac Con Uladh


Le déanaí, fuair Gaeilgeoir den scoth bás i Chicago, mar a bhí Eoin Mac Con Uladh. I ndíl chuimhne ar Eoin, tá "Craobh Curtin" (Conradh na Gaeilge i Milwaukee) chun dhá scólaireacht bhuana a chur ar fail do dháltaí Gaeilge achán bhliain.

Baineann na scólaireachtaí seo leis na deireadh seachtainí Gaelacha a bhíonn ar siúl gach Bealtaine ( Oconomowoc, Wisconsin) agus Deireadh Fómhair ( Madison, Wisconsin). Íocfaidh "Conradh na Gaeilge", Milwaukee, táille an chúrsa, bia agus loistín do dhálta amháin ag an dá deireadh seachtaine. (Ní íocfar na cóstaisí taistil.) Is fiú iarratais a chur isteach chomh luath agus is féidir do "Chraobh Curtin" i Milwaukee chun seans a bheith agat an scólaireacht seo a bhuaidh.


Iarratais


Scríobh litir gearr i nGaeilge (más feidir) nó i mBéarla do chathaoirleach "Chraobh Curtin" i Milwaukee a mhíníonn an suim atá agat sa teanga agus cén fá ab mhaith leat an scólaireacht a bhuaidh.


Cathaoirleach "Craobh Curtin" Milwaukee
Séamas Ó Cearnaigh
614 N. 74th Street
Wauwatosa
WI 53213


Seanfhocal na Seachtaine



'Sáraíonn críonnacht gach saibhreas.'

Bhuel, cé go bhfuil GW Bush saibhir, níl sé ar dhóigh ar bith críonna.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland