Top Issue 1-2024

29 November 2001 Edition

Resize: A A A Print

RnaG amach Romhainn?

Rinneadh ceiliúradh mór dhá mhí ó shin nuair a thosaigh RnG ag craoladh 24 uair sa lá, gach lá na seachtaine, ar fud na tíre agus i ngach tír eile ar dhromchla na cruinne. Ní raibh tásc ná tuairisc ar an drochscéal a bhí le teacht agus £370,000 le gearradh as búiséad an raidió.

Is cuimhin liom gur scríobh mé alt ag an am gur bhreá liom féin a thuilleadh fás is forbairt a fheiceáil i gcaighdeán na gcláracha, gur thuig mé go raibh riachtanas ann freastal ar an phobal Galltachta, ar réimse cláracha siamsaíochta agus eile a chur ar fáil. Bhí pleananna cinnte ag an stáisiúin mionstiúideanna a bhunadh i Ráth Cairn i gContae na Mí, sa Rinn, ar na hoileáin Árann agus i gContae Mhaigh Eo, in Acaill agus in Eachléim. Déarfainn anois go bhfuil na haidhmeanna seo uilig curtha ar an mhéar fhada ag bainisteoirí an stáisiúin.

Is beag fás is forbairt a dtig a dhéanamh nuair atá gearradh siar déanta ar na cláracha atá ann cheana féin. In ionad na cláracha úrnua a bhí geallta dúinn a chloisteáil, tá siad ag insint dúinn anois go bhfuil réimse cláracha le gabháil faoin tua. I measc na gclár atá le cailleadh sula dtugann Daidí na Nollag tá: Pobal Aduaidh, Cois Laoi, Leagan cainte, Focal ar Fhocal, Tráth na gCeist, cláracha Chathail Uí Shearcaigh, Mharcas Uí Mhurchú, Anna Ní Bhroin agus eile. Mar aon leis sin, ní bheidh an Ródaí ag taisteal na tíre chomh minic sin, ní bheidh an oiread sin beochraoltaí ar fáil, ní dhéanfaidh siad freastal ar Rásaí móra na Gaillimhe, Trá Lí is Lios Tuathail ná ar chuid mhaith de na feiltí ceoil ar fud na tíre. Tá lucht an Oireachtais fiú buartha nach mbeidh na comórtais le craoladh beo ar an bhliain seo chugainn. Cuirfear deireadh leis an chomórtas Réalta chomh maith...

I ndáiríre, cuirfear deireadh le ostanna leis an mhéid atá le gearradh agus níl a fhios ag lucht an raidió féin cén cinéal seirbhís a bheas curtha ar fáil dúinn.

Ní dóigh liom gur chuidigh Uinsionn Mac Dubhghaill nuair a d'fhógair sé nach raibh géirchéim airgid ach géirchéim samhlaíochta agus cruthaíochta a bhí ar RnaG. Sea, bhí sé ag caint i ndiaidh don drochscéal a bheith scaoilte.

Gan amhras bheadh sé go hiontach réimse leathan cláracha d'ardchaighdeán a bheith ar fáil againn ach níl seans dá laghad an fhorbairt sin a fheiceáil agus foireann an raidió ag obair ar an ghannchuid.

Leoga, thiocfadh a rá go raibh RnaG fágtha in áit na leathphingine i gconaí agus nár tugadh an aitheantas ná an tacaíocht ceart don stáisiúin sa dóigh is go dtiocfadh forbairt fiúntach a dhéanamh.

Tá Eoin Ó Murchú, iriseoir agus eagraí polaitíochta RnaG den bharúil go raibh an stáisiúin ag brath barraíocht ar dea-thoil lucht an Bhéarla in RTÉ riamh. Molann sé gur chóir do RnaG seilbh a ghlacadh ar an trealaimh teicniúla ar fad agus neamhspléachas úr a chruthú dóibh féin. Aontaím leis nuair a deir sé gur chóir raidió pobail a bheith ann faoi stiúir an phobail.

Iarann eagarthóireacht 'Lá' orainn gabháil i mbun Jihad ar son RnaG ach tá na gearraithe seo ag teacht i bhfeidhm go luath agus is beag raic atá tógtha againn mar Gaeil ar a shon go fóill. B'fhéidir go bhfuil cuid den fhírinne ag Liam Ó Cuinneagáin a dúirt go bhfuil na heagrais Ghaeilge éirithe róshona de bharr go bhfuil maoiniú acu ó Fhoras na Gaeilge go mothaíonn siad nach gá dóibh a bheith ag streachailt anois.

Tá an ceart ag Ó Cuinneagáin cic sa thóin a thabhairt do Ghaeil na tíre, ag iarraidh orainn dúiseacht agus a bheith eagraithe le cosaint thréan a thabhairt do RnaG láithreach sa dóigh is go mbeidh stáisúin raidió dá gcuid féin againn ag fás agus ag forbairt na blianta amach romhainn.


Seanfhocal na Seachtaine



'Troid na mbó maol'


Bhuel, tá súil agam go dtig le Gaeil na tíre a bheith níos fíochmhaire ná na beithigh thuasluaite ina gcoimhlint ar son RnaG.

 


An Draoi Rua


"Gan Raidio na Gaeltachta ní bheadh Gaeltacht ann" - Ó Caoláin




Labhair Teachta Dála Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin ag cruinniú poiblí ag tacú le Raidio na Gaeltachta a bhfuil ciorraithe leathan ar siúl ann, i mBaile Átha Cliath oíche De Máirt.

Conradh na Gaeilge a d'eagair an cruinniú agus d'oscail Uachtarán an Chonartha Tomás MacRuairí é le glaoch chun troda do phobal na Gaeilge chun chur in aghaidh na gciorraithe. Rinne Eoin Ó Murchú ó foireann RnaG cur síos ar na cláracha atá le ghearradh agus an foireann atá le himeacht.

Bhí polaiteoirí i lathair ó Sinn Féin, Fine Gael, Lucht Oibre agus Fianna Fáil. Dúirt Caoimhghín Ó Caoláin:

"Creidim gurb é Raidio na Gaeltachta an áis is tábhachtaí atá ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge i gcoitinne. Chun é a rá go simplí - gan Raidio na Gaeltachta ní bheadh Gaeltacht ann.

"Le blianta fada tá Raidio na Gaeltachta mar crann taca ag pobal na Gaeltachta. Pobal na Gaeltachta a rinne feachtas chun é a bhunú agus ba iad féin a chur Raidio na Gaeltachta ar siúl. Ó tús na Seachtóidí i leith, tá seirbhís á chur ar fáil ag RnaG do mhuintir na hÉireann ar fad. Tá buíochas speisialta tuillte ag foireann uile RnG a oibríonn chomh dian sin le áiseanna teoranta chun an seirbhís sin a chur ar fáil.

"Le déanaí bhí Raidio na Gaeltachta in ann seirbhís nua ceithre uair is fiche a chur ar fáil dá lucht éisteachta. Anois, in ionad leathnú na seirbhíse, tá cláracha á ghearradh agus foireann á chur chun an bóthar. Is scannal amach is amach é seo.

"Tá fhois ag an domhan go bhfuil fadhbanna móra airgid ag RTÉ agus go bhfuil ciorraithe leathan á dhéanamh. Ach cén fáth go bhfuil na ciorraithe seo níos measa i Raidio na Gaeltachta ná in aon chuid eile den chomhlacht? Mar atá ráite ag foireann RnaG ní raibh na háiseanna céanna riamh acu leis an chuid eile de RTÉ - idir foireann, pá agus teicneolaíocht.

"An é go bhfuil muintir na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go ginereálta fós mar íseal-aicme sa Stát seo? Is léir go bhfuil mar tá idirghealú a dhéanamah ar RnG le ciorraithe deich faoin gcéad i gcomparáid le cúig faoin gcéad ag Radio One.

"Sa phróiséas síochána rinne Sinn Féin ár ndícheall chun stadas na Gaeilge a ardú ó Thuaidh agus chun cearta teanga a chur i láthair. Bhí dul chun cinn ann don Ghaeilge ar fud na tíre faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta le bunú Foras na Gaeilge. Ach conas is féidir linn dul ar aghaidh má tá an Rialtas agus RTÉ chun crann taca na Gaeltachta - Raidio na Gaeltachta - a ionsaí mar seo?

"Is cinnte nach bhfuil commitment ceart ag an Rialtas seo do chraolacháin mar seirbhís poiblí. Tá eagla orthu ardú oiriúnach sa cheadúnas teilifíse a thabhairt do RTÉ roimh olltoghchán. Sin ceist níos leithne ná an ceist atá á phlé againn anocht. Caithfimíd réiteach a fháil ar sin ach anois caithfimíd díriú ar chás práinneach RnaG. Caithfimíd uile - gach páirtí, gach eagras Gaeilge, gach Gaeltacht - aontú ar son Raidio na Gaeltachta. Caithfimíd a rá leis an Aire de Valera agus leis an Rialtas ar fad an airgead a chur ar fáil gan mhoill chun na ciorraithe seo ar RnaG a sheachaint. Is linne an stáisiún seo, a Aire, ná lig dó bás a fháil!"


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland