Top Issue 1-2024

1 November 2001 Edition

Resize: A A A Print

14 Deireadh Fómhair

Tharla go raibh mé ag taisteal ar ais ar an bhus i ndiaidh na sochraidí stáit cúpla seachtain ó shin. B'iad na smaointe ag rith trí mo cheann a thus spreagadh dom roinnt línte filíochta a scríobh.

Ar an bhóthar ó Bhaile Átha Cliath dom,
Tá mo chloigeann ar mearbhall ag macnamh.
Chonacthas deich gcónra faoi scáth Chúchulainn,
Thar am do chuimhne-cuí i ndiaidh ceithre scór
Nuair a chrochadh iad gan trócaire
Is a gcorpacha caite i bpollta suaracha i ngéibheann.


Mothaím na mílte maraithe thar ocht gcéad bliain,
Laochra ar gach taobh dúinn is níl buaiteoir ar bith ann.
Chím Éire ár linne ag rith thar an fhuinneog,
Fís ár ngaiscigh millte ar lucht an rachmais,
Ídéalaithe na mbunaitheoirí díolta ar son airgid,
Éire Saor Gaelach anois tréigthe do lofacht is do shaint,
Scrios ar ár dtimpeallacht agus truailliú na dtalamhaíochta,
Cur i gcéill gur tír ilchultúrtha na hEorpa muid,
Gan ach béalghrá d'oidhreacht féin
Agus céad míle fáilte mo thóin do theifigh i gcruachás.


Is í an fhírinne an chéad íobartach i gcogadh,
Uafás na fola a chruthaíonn croíthe dúra,
Súil ar son súile a fhágann an domhan dall.
Ach, níl an ceacht seo foghlamtha, ná an chath críochnaithe,
Óir tacaíonn na húdaráis le buamáil na hAfganastáine is coimhlint eile cothaithe,
Fonn díoltais ar thubaistí na dtúr imithe ar strae le foréigean fíochmhar,
Troid ar son Dé is an lámh láidir ag an diabhal.
Cosmhuintir na cruinne bodhar faoi ghlór na mbréag,
Dearmad déanta fá riachtanais na mbocht
Nuair atá brabús le déanamh as gunnaí is airm.
Is beag tuiscint atá ar chuimhne na marbh
Ná a seasamh ar son cearta is córa.


Cuirtear aisling na síochána as mo mheabhair
Agus ceannlínte na nuachta múchta ag an tiománaí,
Craoltar popcheol go callánach, gan bun, gan brí,
Is labhrann stócach liom fána naimhde Shasanacha,
Sea, Leeds United agus is iad Liverpool a laochra.
Nach íontach dá dtiocfadh gach caith a réiteach ar pháirc imeartha?


Seanfhocal na seachtaine

'Is minic a d'fhág béal na huaige rud le béal na trua'

Níl amhras ar bith ann ach go bhfágann ár sinsir ionspioráid agus ábhar machnaimh dúinn uilig. Guím go dtuigimid iad i gceart agus nach ndéantar iarracht a gclú a mhilleadh.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland