Top Issue 1-2024

25 October 2001 Edition

Resize: A A A Print

Fís na Reabhlóide Cultúrtha

Chríochnaigh díospóireachtaí Ráth Cairn leis an mhana "Níl a dhath ar bith níos tábhactaí ná an cultúr".

Níl amhras ar dhuine ar bith ach tá méid íontach maith dul chun cinn ar son na Gaeilge déanta ag poblachtánaithe thar na blianta. Is cinnte gur chuidigh muintir na Jailteachta go mór le forbairt na nGaelscoileanna agus eile. Tá neart poblachtánaithe gníomhach go fóill i ngluaiseacht na Gaeilge agus tá Gaeilgeoirí díograiseacha aonaracha ag déanamh a seacht ndícheall ar fad. Ach, is í an fhadhb atá ann nach bhfuil cuma ró-ghaelach ar an ghluaiseacht phoblachtánach a thuilleadh.

Bhí sé le cloisteáil ó theachtaí éagsúla go bhfuil poblachtánaigh ró-ghníomhach le cúrsaí eile nó go raibh rudaí níos práinní le déanamh agus nach raibh an t-am ann le cúrsaí Gaeilge a phlé. Ar an drochuair, is ag an phointe seo a chreidimse go bhfuil dul amú ag phoblachtánaigh.

Is í an tuiscint atá agam féin ar an phoblachtánachas in Éirinn ná go bhfuil an cultúr mar bhunchloch na Réabhlóide. Creidim go daingean nach dtig leat a bheith i do phoblachtánach gan a bheith tógtha le cúrsaí cultúrtha.

Má chuirimid an cheist: 'Dá mbeadh Éire Aontaithe amárach agus Sinn Féin i gcumhacht, cén cineáil tír a bheadh againn?'

Sula ndéantar iarracht an cheist seo a fhreagairt, b'fhéidir gur chóir mionscrúdú staire a dhéanamh ar an mhéid a tharla nuair a bunaíodh stát na sé chontae is fiche. Bhí neart Gaeilgeoirí gaelacha i measc an dream a tháinig i gcumhacht agus rinneadh iarracht polasaithe dearfacha a chur i bhfeidhm ar son na Gaeilge. D'éirigh go maith ar neart dóigheanna agus bhí dul chun cinn áirithe déanta. Theip orthu, áfach, ina gcuid iarrachtaí in athghaelú na tíre, toisc nach raibh an cultúr mar bhunchloch a gcuid fealsúnachta. Mar aon leis sin, bhí dearcadh ró-chúng ag cuid acu agus iad den bharúil go dtiocfadh leo a bheith go hiomlán neamhspleách ó thíortha eile. Chonacthas fosta go raibh siad breá sásta teacht i gcumhacht agus na hinstitiúidí stáit agus an struchtúr rialtais céanna á úsáid.

Uaireanta cluintear ó pholaiteoirí éagsúla go bhfuil polsaithe dearfacha acu ar son na Gaeilge nó gur mhaith leo tacú go mór le cúrsaí Gaeilge. Is é an deacracht atá leis an dearcadh seo nea go bhfuil cúrsaí Gaeilge. Is é an deacracht atá leis an dearcadh seo ná go bhfuil cúrsaí gaelacha nó cultúrtha glactha mar pholsaí amháin in ionad mar bhunchloch. Ní leor sin ar ndóigh. Ní féidir 'ceist na Gaeilge' a chur ar leataobh leis féin.

Tá géarghá in Éirinn ár smaointiú a dhaingniú ar an choinneáil tír aontaithe a ba mhaith linn agus Fís na Réabhlóide Cultúrtha a fhorbairt. Tá géarghá troid i gcoinne an impiriúlachas cultúrtha atá i réim ar fud na tíre.

Caithfidh a admháil go bhfuil muintir na hÉireann curtha ar strae ar fad agus go n-aontaíonn cuid mhór acu le lucht an rachmais agus iad toillteannach glacadh le bréag lofa an Thíogar Cheilteach.

Cén cineáil tír a bheas ós ár gcomhair amach? Nei fiú a bheith saor amháin ach Gaelach chomh maith ba ea an tuairim a bhí ag an Phiarsach. Is maith le lucht Fianna Feail a rá go dtaobhann siad leis an Phiarsach go fóill ach is léir go náiríonn siad ídéalaithe an Phiarsaigh.

Má tá gluaiseacht cultúrtha le troid i gcoinne an impiriúlachas cultúrtha atá sa tír, beidh le feiceáil go mbeadh cúrsaí ag feidhmniú ar son riachtanais mhuintir na tíre seo chan curtha ar strae ag cultúir an rachmais agus ag lofacht an airgid.

Is iad daoine an rud is tábhachtaí i gcultúr chan saint an airgid. Creidim go gcothaíonn fíor-thuiscint ar ár gcultúr féin-mhuinín is féin-mheas an phobail. Is cinnte go dtig le gluaiseacht cultúrtha a bheith ag feidhmniú i ngach gné den tsochaí.

I bhFís na Réabhlóide Cultírtha, tuigtear go mbeadh forbairt i gcúrsaí oideachais ina mbeadh tuiscint oreainn féin mar dhaoine agus fás íontach i gcúrsaí litríochta agus eile. Ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, bheadh monarcháin bunaithe ar mhaithe le riachtanais ár muintir féin in ionad a bheith curtha ar strae ag monarcháin ilnáisiúnta. Thiocfadh le grúpaí pobail fás de réir riachtanais a gceantracha féin agus comhlachtaí a bhunadh dóibh féin. I gcúrsaí talmhaíochta, thiocfadh le feirmeoirí na tíre a bheith ag soláthar glasraei agus eile dúinn féin, in ionad a bheith faoi dhiansmacht an Chomhphobal Eorpach. Maidir le rialtas na tíre, ba cheart a bheithag smaointiú fá dhílárnú na cumhachta agus cead a thabhairt do dhaoine iad cumhacht ar fad a bheith acu. Creidim go mbeadh sochaí i bhfad níos fearr i gceist agus meas tugtha do gach dream. Is beag meas atá tugtha do nach sheandaoine sa lá inniú agus iad caite ar leataobh i mbailte altranais ach nach bhfuil neart le foghlaim ónár sínsear.

Níl an réabhlóid cultúrtha ag brath ar dhaoine díograiseach aonarach amháin ach tá dualgas orainn uilig a bheith ag comhoibriú lenár gcéile ár gcuspóirí a chur i gcrích.


Seanfhocal na Seachtaine



'Ní neart go cur le chéile.'

Creidim go bhfuil spreagadh beag de dhíth orainn ar fad, anois is airís.

An Draoi Rua.






An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland