Top Issue 1-2024

18 October 2001 Edition

Resize: A A A Print

Dún Sellafield Anois!

Níl a fhios agam cá mhéad leithscéalta is bréaga a dtig le rialtas na Breataine a inse fá chomhlacht núicleach amháin. Tuigimid nach dtig le muintir na hÉireann ná muintir na Breataine fiú teacht ar eolas beacht cruinn fá gach uile timpiste is meancóg contúirteach a tharla i Windscale/Sellafield ó bunaíodh é i 1947.

Is léir nach bhfuil ach traon den fhírinne searbh ar eolas againn agus gach iarracht déanta an fhírinne a cheilt. Tá sé mar dhualgas ar gach oibrí Official Secrets Act na Breataine a shíniú. Anois, dá mbeadh gach rud i gceart agus an comhlacht ag léiriú go raibh siad go hiomlán macánta is oscailte fá chúrsaí sabháilteachta, ní bheadh gá lena leithéid d'Acht a shíniú.

Bunaíodh Windscale i 1947 i ndiaidh an dara chogadh domhanda. Shíl rialtas na Breataine go dtiocfadh leo an t-eolas rúnda ar eolaíocht núicleach a fháil ó na Meiriceánaigh. Dhiúltaigh na Poncánaigh an t-eolas seo a roinnt lena gcomrádaithe cogaíochta agus dá bhrí sin, thosaigh na Sasanaigh ar a thriallacha núicleacha féin. Ba é an fhealsúnacht a bhí ag rialtas na Breataine le Windscale a bhunadh ná go mbeadh siad ábalta airm cogaidh núicleacha a sholáthar don Roinn Cosanta. Lonnaíodh an monarchan amuigh in áit iargúlta rúnda sa dóigh is nach mbeadh siad ag cur isteach ar an phobal mhór - bhuel, sin a shíl siad ag an am!

Ní amháin go raibh siad ag freastal ar an Roinn Cosanta ach rinneadh forbairt ar an fhealsúnacht cogaidh seo. Atáirgeadh Plutóiniam fán bhliain 1950. Tógadh freasaitheoir núicleach nua ar an láithreán céanna i 1956 agus ina dhiaidh sin bhí bolscaireacht mór scaipthe agus iad ag rá go raibh fuinneamh úrnua a chruthú acu a bhí saor, sláintiúil, sabháilte agus thiocfadh le gach duine a bheith ag brath air.

Níor mhair an dearcadh dóchasach i bhfad. Bhí timpiste mhór ar 8 Deireadh Fómhair 1957 nuair a shíl duine de na hoibrithe go raibh freasaitheoir ag fuaradh ró-ghasta. Cuireadh a thuilleadh teasa ins sa fhreasaitheoir agus pléasadh na simléirí. Ina dhiaidh na timpiste móra seo, cuireadh Sellafield ar Windscale agus BNFL ag dúil go mór go ndéanfar dearmad fá na contúirtí núicleacha. Cé nach bhfuil gach uile timpiste eile ar eolas againn, seo a leanas cuid acu:

Scaoileadh leis an scéal go raibh sileadh uisce truaillithe ag teacht ón mhonarchan i 1975. Tuigeadh go raibh breis agus 100 gallún d'uisce truaillithe ag dul isteach ins sa talamh thart ar an mhonarchan gach lá, ach ní raibh barúil dá laghad acu cá fhad a raibh an t-uisce truaillithe ag sileadh amach. Rinneadh gach iarracht an scéal seo a choinneáil ciúin agus rialtas na Breataine ag plé tógáil Thorp ag an am.

Thángthas ar sileadh eile Nollaig 1978. Tharla gur druideadh foirgneamh ar leith 21 bliain roimhe ach ní raibh gach uile rud druidte. Tuigeadh go raibh ar a laghad 2,200 gallún de leacht iontach raidighníomhach i ndiaidh teacht amach ó phíopa nár dúnadh. Arís, ní raibh a fhios acu cá fhad a raibh an leacht seo ag sileadh amach.

I 1983, tugadh fá deara go raibh méidmillteanach dramhaíl raidighníomhach caite amach sa mhuir mheann. Bhí an oiread sin dochar déanta go raibh orthu tránna thart ar an chósta a dhruidim ar feadh sé mhí. Fiú, i ndiaidh na míosa seo, ní bheinn féin ró-dóchasach fá snámh san fharraige choíche taobh le Sellafield.

Cé go raibh contúirtí uafásach i gcónaí ann, tugadh cluas bodhar agus neamh-aird do lucht timpeallachta. Leanadh ar aghaidh leis an láithreán núicleach a fhorbairt i Sellafield. Osclaíodh Thorp i 1994. Ina dhiaidh sin, thosaigh rialtas na Breataine ag plé na féidireachtaí le monarchan eile l'ábhar núicleacha a athphróiseáil. Cinnte, is maith leis na Sasanaigh athchúrsáil a chur ar seo. Thosaigh réamhstaidéar ar an mhonarchan MOX i 1996.

Thug na Seapánaigh faoi deara go raibh cuid den eolas cruthaithe ag an chomhlacht go bréagach i dtaobh MOX. Ba léir nach raibh muinín ag an domhan mhór sa chomhlacht núicleach seo. Dá bhrí sin, cuireadh fiosrúchán Ospan ar bun le staidéar a dhéanamh ar na féidireachtaí le cead a thabhairt do MOX oscailt. Ní raibh rialtas na Breataine sásta fanacht ar an tuairisc ó Ospan agus d'fhógair siad 3 Deireadh Fómhair 2001 go raibh siad tuillteanach ligint don chomhlacht MOX oscailt ag an suíomh i Sellafield.

Ní amháin nach bhfuil daoine muiníneach as an chomhlacht núicleach lonnaithe i Sellafield, ach tá contúirtí móra ag baint l'ábhar núicleach a thabhairt i longa móra ar fud an domhan chomh maith. Mar aon leis sin, tá gach baol ann go mbeidh Sellafield ina thargaid sa chogadh idirnáisiúnta nua-thosaithe anois.

Ar ndóigh, leanfaidh rialtas na Breataine agus na comhlachtaí núicleacha lena mbréaga a chumadh a fhad is a dhéanamh siad a rogha rud leis an suíomh i Sellafield a fhobairt. Idir an dá linn, ní ghlacann Bertie Ahern ná Teach Laighin seasamh cinnte le cearta mhuintir na hÉireann a chosaint.

Cinnte, b'fhearr i bhfad Windscale/Sellafield a dhúnadh láithreach agus tubaiste mór a sheachaint.

AN DRAOI RUA


Moltaí do Ráth Cairn




Tá súil agam go dtig liom ábhar machnaimh a thabhairt anseo do theachtaí poblachtánacha atá le dul chuig an Slógadh i Ráth Cairn ag Deireadh na seachtaine 20-21 Deireadh Fómhair.

Sinn Féin - cén difear don Ghaeilge? - is ea téama an tslógaidh. Bhuel, creidim gur chóir dúinn a bheith iomlán macánta agus an fhírinne ghlan a insint gaus a admháil gur beag difear atá ann i láthair na huaire.

Níl amhras ar bith ann ná gur ghnáth a mbíodh poblachtánaigh go mór chun tosaigh i ngluaiseacht na Gaeilge ach tá an íomhá sin caillte anois le blianta. Cé gur eagraíodh Slogaidh ag Roinn an Chultúir agus ag Ógra Shinn Féin, níl cuma ar an ghluaiseacht go bhfuil siad chomh gníomhach agus a bhí blianta ó shin nuair a bhí 'Nuacht Feirste' agus 'Saoirse' agus foilseacháin eile ag teacht amach go rialta.

Tuigim go bhfuil neart Gaeilgeoirí taobh istigh den ghluaiseacht phoblachtánach ach tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeilge curtha ar an mhéar fhada acu féin. Is cosúil go bhfuil a lán daoine gnoitheach i rudaí éagsúla ach ní chóir dearmad a dhéanamh fán tionchar atá ag impiriúlachas cultúir orainn ar fad.

Ar a laghad déantar iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn i measc cuid de na hionadaithe poiblí atá i Sinn Féin ach is féidir le Fianna Fáil, Fine Gael, an SDLP, an Comhlacht Glas, na PDs, an Lucht Oibre beart eile an méid céanna a chur trasna. Creidim go bhfuil baol láidir ann go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh cosúil leis na páirtithe polaitiúla eile agus cúpla focail in úsáid nuair atá na toghacháin i ndán dúinn.

Feictear go minic go bhfágtar dualgasaí Gaeilge ar na Gaeilgeoirí amháin agus daoine eile den tuairim nach mbaineann a leithéid leo. Leoga, éiríonn Gaeilgeoirí dubh dóite go luath ag Gaeilgeoireacht leo fán Ghaeilge.

Is í an Chaeilge teanga oifigiúil na sé chontae is fiche. Ní leor mar sin, an Ghaeilge a chur i mbosca beag cúng léi féin. Ba chóir go mbeadh sín ar chomhchéim leis an Bhéarla i ngach aon gné den sochaí.

Tharla nár fhoilsíodh cuid d'altanna an Draoi Rua agus gur scríobh daoine eile isteach ag rá gur chóir go mbeadh alt amháin i nGaeilge gach seachtain. Bhuel, is cuma muna bhfuil rámhaillí an Draoi Rua le léamh ach ba chóir sliocht amháin Gaeilge a bheith i ngach aon eagrán den nuachtán - ach b'fhéidir nach bhfuil ansin ach béalghrá.

Is cuimhin liom gur mhothaigh mé go raibh sé mar dhualgas orm freagra a thabhairt ar litir ag gearán fán easpa Gaeilge sa nuachtán. Bhí na moltaí seo a leanas agam foilsithe i Mí an Mhárta.


1. Foireann Gaeilge a cheapadh do nuachtán. Ba cheart do cheathrar ar a laghad a bheith ag comhoibriú le chéile.

2. Réimse altanna a chur ar fáil. Ní leor alt amháin gach seachtain.

3. Ceachtanna do fhoghlaimeoirí a sholáthar gach seachtain.

4. Foclóir a chur taobh l'altanna ag tagairt d'fhocail ar leith. Creidim gur chóir do léitheoir eile foclóir a chumadh.

5. Chrosfhocail agus cartúin a chur ar fáil chomh maith.


Ar an drochuair, tugadh neamhaird do na moltaí thuasluaite Mí an Mhárta agus níor thánaig feabhas ná forbairt ar an sceál ó shin.

Níl thuasluaite ach sampla amháin. Creidim go bhfuil dúshlán mhór os comhair Sinn Féin le cur in iúl don phobal go bhfuil siad ag gabháil a seacht ndícheall a dhéanamh ar son na Gaeilge. Ba cheart a bheith ag smaoineamh fá ranganna den scoth a chur ar fáil do gach uile ball den pháirtí. Cad chuige nach mbeadh iris poblachtánach i nGaeilge le fáil go míosúil nó go seachtainiúil?..

Tá siúl agam go mbeidh neart moltaí eiel pléite i Rath Cairn agus go dtiocfaidh rudaí dearfacha as saotharlanna na deireadh seachtaine.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine



'Más mall is mithid.'

Tá an seanfhocal seo roghnaithear son téama an tslógaidh i Ráth Cairn.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland