Top Issue 1-2024

20 September 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ceardaithe den Scoth

This article is about an ancient guild of carpenters that believe in travelling the world to become masters of their profession.


Ar mo thaisteal dom, bhuail mé le beirt siúinéir a raibh scéalta iontacha l'insint dom. Toralf Nuske agus Roman Mahlmeister na hainmneacha a bhí orthu. Géarmánaigh a bhí iontu a raibh ina mball de ghild ársa a bunaíodh sna meán-aoiseanna fadó.

Bhí na mílte daoine mar chuid den ghild seo naoi gcéad bliain ó shin, ach is cosúil nach bhfuil ach míle go leath ina mball den ghild sa lá atá inniu ann.

Bhí sé mar bhunchreideamh ag an ghild go gcaithfidh duine taisteal ar fud na cruinne le máistreacht ceart a fháil ar a c(h)eard. Ar ndóigh, bhí ar an duine na cleasa éagsúla a fhoghlaim ina c(h)eard féin sula mbeadh sé/sí aitheanta. Tuigtear go bhfuil a bhealach féin ag gach cultúr le rud a dhéanamh agus bíonn deis ag na taistealaithe obair a fháil i ngach uile áit ina dtéann siad.

Tá dualgas ar dhuine printíseacht a chaitheamh i gcuideachta mháistir aitheanta sula dtig leis/léi dul ag taisteal ar fud an domhain. Maise, níl sé furasta teacht ar mháistir i gcónaí. Agus printíseacht curtha i gcrích ag duine, caithfidh tús a chur leis an taisteal. Tá dualgas orthu trí bhliain is lá a chaitheamh ar an bhóthar agus níl cead acu teacht níos cóngáraí ná caoga míle óna mbailte dúchais.

Tá cúpla bliain caite ag Toralf agus Roman cheana féin ag taisteal. Bhí siad ar fud na hEorpa, i Meiriceá, thuaidh is theas, agus i gcuid de na háiteacha is iargúlta san Afraic. Deir siad go bhfuil táithí acu ar na hinneallacha is mó agus is nua aimseartha atá le fáil ar chláir an domhan ach go raibh amanta ann nach raibh mórán uirlisí acu ar chor ar bith. `Muineann gá seift' a deir an seanfhocal agus creideann siad go gcuidíonn sé go mór leo smaointiú ar dhóigheanna eile le rud a dhéanamh nuair nach bhfuil an trealamh acu.

Ní amháin go bhfuil taisteal le déanamh acu ach caitheann gach duine culaith éadaí speisialta a léiríonn na rialacha atá ag an ghild. Caitheann siad cultacha dubha ach tá teachtaireachtaí rúnda le léamh astu. Ní oibríonn siad níos mó ná ocht n-uair a chloig sa lá, mar sin tá ocht gcnaipe ar a mbástchótaí. Tá sé cnaipe ar a gcasóga a léiríonn go n-oibríonn siad sé lá sa tseachtain.

Tá sé tábhachtach do dhuine acu fáinne óir a chaitheamh ina c(h)luas l'íoc as an tsochraid nuair a bhfaigheann an té sin bás. Bhuel, gach seans go mbeadh sochraidí níos costasaí ná luach fáinne cluaise inniu nó b'fhéidir go mbeidh orthu fáinní cluaise ollmhóra a chaitheamh.

Tá sé tábhachtach dóibh hátaí a chaitheamh fosta. Léiríonn an háta go bhfuil an duine bródúil as a c(h)eard agus as an ghild. Ní bhaineann siad a hátaí díobh os comhair dhuine ar bith mar creidtear nach bhfuil siad níos ísle ná níos uaisle ná duine ar bith eile.

Creideann Toralf agus Roman go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an ghild i láthair na huaire. Ós rud é go bhfuil caipitleachas agus tionsclaíocht an lae inniu chomh mór sin, tá géarghá d'oibrithe iad féin a chosaint ó dhiansmacht na comhlachtaí móra idirnáisiúnta.

Gan amhras ar bith, feidhmníonn an gild mar a bheadh aontas cumhachtach. Tá a rialacha féin acu agus níl údarás ná monarchan ábalta a bheith ag caitheamh anuas orthu. Cothaíonn an gild meas agus urraim don ghairm bheatha atá roghnaithe ag duine, rud nach dtuigeann an córas caipitleach.

Seanfhocal na Seachtaine


`An turas is faide sa tsaol, tosaíonn sé le coiscéim beag amháin.'

Uaireanta, mothaíonn duine go bhfuil i bhfad barraíocht oibre os a c(h)omhair ach má ghlactar an chéad chéim, tá sé/sí ar a b(h)ealach cibé.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland