15 March 2011
Peadar Tóibín TD ag tacú le Gaelscoileanna ag Teach Laighean
THUG Teachtaí Dála Shinn Féin tacaíocht d'agóid eagraithe ag Gaelscoileanna i gcoinne an mholta le cóimheas daltaí le múinteoir sna gaelscoileanna a mhéadú ar aonchéim leis na scoileanna Béarla.
Ghair an t-úrlabhraí Peadar Tóibín ar an Aire Oideachais nua Ruairí Quinn a sheas suas agus a chinntiú go gcuireann sé bac leis an moladh seo.
Ag caint ón agóid dúirt an Teachta Tóibín:
Táimidne ó Shinn Féin ag tacú leis an agóid seo inniu. Beidh an moladh chun cóimheas daltaí le múinteoir sna gaelscoileanna a mhéadú ar aonchéim leis na gnáthscoileanna díobhálach do na gaelscoileanna agus caillteanas poist do mhúinteoirí, méadú ar mhéid ranga agus caolú iomlán ar éifeacht an tomoideachais do dhaltaí a bheidh mar thoradh air.
Ní áiríonn an moladh na dúshláin a thugann na gaelscoileanna aghaidh orthu ar nós an curaclam iomlán a thabhairt trí mheán na Gaeilge agus ag deileáil le laghdú acmhainní agus cóiríocht neamhchuí..
Iarraimse ar an rialtas nua agus ar an aire oideachais nua, má tá siad dáiríre faoin nGaeilge agus faoi na gaelscoileanna seasamh suas agus bac a chur leis an moladh millteanach seo.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures