Top Issue 1-2024

30 August 2001 Edition

Resize: A A A Print

Siúlóid Sléibhe i gConamara

Ghlac breis agus céad duine páirt i siúlóid sléibhe I gConamara thiar Dé Domhnaigh 26 Lúnasa. D'eagraíodh an siúlóid i gcuimne eachtraí Óghlaigh sa cheantar níos mó ochtú bliain ó shin.

Tharla gur cúisodh Tomás whelan as a beith páirteach i mbuíon speisialta Mhicheál Ó Coileáin a chur deireadh leis an chraobh spiaireachta a bhí na Sasanaigh i mBaile Átha Cliath. Ba as an Chlochán Whelan agus de réir mar atá a fhios againn. Ní raibh sé i measc buíon Uí Choileáin ar chor ar bith. Ar aon nós, cuireadh Tomás Whelan chun báis agus tá a chorp ina luí i bpríosún Mhuinseo go fóill. Ar ndóigh, tuigimid nach raibh leithscéal de dhíth ag Sasanaigh Éireannach a mharú in am ar bith, ba chuma más ciontach nó neamhchiontach as cúis a bhí sé.

Chreid Óghlaigh sa cheantar go raibh dualgas orthu rud éigin a dhéanamh i ndiadh do na Sasanaigh Whelan a chur chun báis. Dá bhrí sin, rinneadh ionsaí ar an chlocan inar maraíodh beirt phóilíní de chuid an RIC agus d'éalaigh siad tríd na sléibhte. Mar chomóradh ar na heahtraí seo, lean an siúlóid De Domhnach seo chaite an bealach a ghlac na hÓglaigh idir an Chlochán agus an Lionán.

Siúlóid 12 mhíle a bhí ann a thosaigh ag an Chlegg agus a lean ar aghaidh trí chuid de na Beanna Beola is iargúlta atá le fáil. I ndiaidh an ionsaí ar 16 Márta 1921, rinne an buíon fir a mbealach as an Chlochán a fhad le bothán ar bhruach Loch na n-Uilleann i ndoibhneas na h-oíche. Tuigtear go raibh siúlóid seacht míle déanta ag na hÓghlaigh ag an phointe seo ach seo an áit a thosaigh an siúlóid chomórtha i ndáiríre. Le linn do na hÓghlaigh sos a ghlacadh sa teach, thit póta mór d'uisce bruite thar cosa lomnocht beirt den bhuíon.

Leis an fhírinne a rá, bhí cosa fliuch báite ag beagnach gach duine tamaillín i ndiaidh toiseacht. Lean an siúlóid ar aghaidh thar chnocán darbh ainm an `magairle' agus ar aghaidh idir na beanna breaca. Gan amhras, bhí radharcanna iontacha le feiceáil thart ar an chósta cois farraige. Bhí Oileán Acla go soiléir ó thuaidh agus bhí na carraigeacha le feiceál ag scoilteadh le teas na gréine i rith an ama.

Thosaigh an siúlóid ar a naoi agus chr´ôchnaigh an chéad dream thart fá leath i ndiaidh a trí. Caithfidh a admháil go raibh daoine eile ag spáisteoireacht leo go dtí a sé a chlog an tráthnóna sin. Ní dúradh le duine ar bith go raibh an siúlóid le bheith furasta agus is cinnte go chríochnaigh gach uile duine scriosta tuirseach traochta conocrach.

Cé gur mhotaigh an dream a shiúil na sléibhte i gcruachás an Domhnach seo chaite, is dócha gurbhian siad uilig ceann scríbe amach agus tuiscint níos fearr acu ar an mhéid a bhí le fulaint ag na hÓglaigh ochtó bliain ó shin.

Caithfidh a rá go raibh idir óg agus aosta amuigh an Domhnach seo chaite. Bhí an chuid is mó de na daoine ansin as Conemara thiar ach bhí daoine ann as gach cuid de chontae na Gaillimhe, as contae Mhaigh Eo agus a contae an Chláir chomh maith. Mar aon leis sin, bhí roinnt Sasanaigh, Gearmánaigh agus Francaigh i measc an slua.

Shiúil iníon le duine de na fir a bhí in éineacht le Tomás Whelan an lá a gabhadh é. Bhí gaolta eile le Pádraic Ó Máille a toghadh mar Theachta Dála do Shinn Féin i 1918.

Tuigtear anois go bhfuil sé ar intinn ag rialtas na sé chontae is fiche corp Thomás Whelan a dí-adhlacadh agus sochraid ceart thabhairt dó. Leoga, tá sé i measc an deichniúir luaite ag Teach Laigheann atá le sochraidí cearta a thabhairt do Thomás Whelan agus a chomrádaithe ach tá mé den tuairim go bhfuil I bhfad níos mó measa ag mhuintir Chonamara thiar ar a anam ná atá ag na polaiteoirí úd s dhéanfadh rud ar bith mhaithe le vótaí.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland