Top Issue 1-2024

16 August 2001 Edition

Resize: A A A Print

Tairngreachtaí na hAimsire

Is dócha gurb í an aimsir an ábhar comhrá is mó atá againn in Éirinn agus gach seans go bhfuil cuid mhór daoine dubh dóite leis an mhéid atá faighte againn thar tréimhse ne laethanta saoire. Gach seans go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas agus téamh domhanda i bhfeidhm de thairbhe an mhéid truailliú ar fud na cruinne.

Cuimhnítear, áfach, go raibh ár muintir fadó in ann cur síos a dhéanamh ar an aimsir go beacht gan a bheith ag brath ar réamháisnéis na haimsire ón teilifís. Cinnte, bhí comharthaí soiléire de ghlanmheabhair ag ár sinsear agus tá sé de leithscéal agam cur síos a dheanamh ar cuid acu san alt seo.

Ní nach íonadh go mbíodh daoine ag breathnú ar an spéir féin le tuiscint níos cruinne a bheith acu ar an aimsir. Is iomaí duine a bhíonn ag tuar na haimsire nuair atá spéir dearg le feiceáil, ach le fírinne caithfidh a bheith cinnte cén taobh sa spéir atá dearg. Má tá sí dearg san iarthar, ba cheart go mbeidh sé grianmhar. Má tá sí dearg i dtuaisceart na spéire, tá fearthainn ar a bhealach agus beidh gaoth láidir agus fearthainn le teacht má tá sé dearg i ndeisceart na spéire.

Is maith le gach duine tuar ceatha a fheiceáil is breathnú ar na dathanna éagsúla. Má tá sé le feiceáil san oirthear, tá droch-lá i ndán do chách. Muna bhfuil ann ach tuar ceatha beag, beidh fearthainn ann roimh i bhfad, ach má tá ceann mór ann ba cheart go mbeidh sé geal go luath.

Go minic, bíonn daoine ag brath ar an ghealach agus maireann tréimhsí aimsire a fhad is go bhfuil gealach ar leith ann. Iompaíonn an aimsir le gealach úr. Uaireanta, bíonn fáinne geal le feiceáil thart ar an ghealach agus maireann tréimhsí aimsire a fhad is go bhfuil gealach ar leith ann. Iompaíonn an aimsir le gealach úr. Uaireanta, bíonn fáinne geal le feiceáil thart ar an ghealach agus creidtear gur comhartha maith atá inti. Má ghlantar an fáinne ceomhar ón taobh theas de, a mhalairt atá i ndán. Drochchomhartha amach is amach atá ann le gealach dearg a fheiceáil.

Tuigeann feirmeoirí agus iascairí beirt an tábhacht atá leis an ghaoth. Má tá gaoth aduaidh ann, beidh sé tirim ach fuar. Tá aimsir tirim ann leis an ghaoth anoir. Is maith le feirmeoirí an ghaoth aneas toisc go mbeidh aimsir bog ann don obair. B'fhearr l'iascairí an ghaoth aniar a mhothú, óir tógann sí an t-uisce agus é níos fusa greim a fháil ar éisc.

Bhí draíocht i gcónaí le ceo. Nuair a bhí ceo trom ann agus an gealach ag dul in éag, bhí tréimhse fliuch ar an bhealach. Bhí aimsir mhaith i ndán agus ceo le feiceáil thar abhann nó thar sruthán. Dá mbeadh barr cnoic le feiceáil agus fáinne ceomhar thart air, bheadh aimsir gharbh ann roimh i bhfad. Dá mbeadh ceo ar bharr chnoic aird agus chan ar cheann íseal taobh leis, bheadh an fhearthainn le titim in áit eile. Deirtear go mbeadh sé fliuch tráthnóna nuair a bheadh sléibhte le feiceáil i bhfad uait ar maidin. Dá mbeadh na sléibhte céanna le feiceáil tráthnóna, creidtear go mbeadh sé geal an lá dá gcionn nó go dtitfeadh an fhearthainn i rith na hoíche. Is dócha gur as a leithéid a d'fhás an beannacht:

"Báisteach ó Dhia chugainn is gan í a bheith fliuch, is cuid an lae amáirigh go dtite sí anocht."

Mar aon leis an mhéid thuasluaite, bhí comharthaí éagsúla le léamh as iompar na n-éanacha is na hainmhithe. Is maith le gach duine a bheith ag tuar aimsir mhaith nuair atá deilf le feiceáil in aice le cósta ne hÉireann go luath sa bhliain. Caithfidh mé a admháil go bhfuil níos mó droch-chomharthaí ar eolas agam féin. Seo a leanas comharthaí ag tuar aimsir fliuch:

Lacha callánach,

Cearca ag dul a luí go luath,

Faoileáin ag teacht go fada intíre,

Fáinleoga ag eitilt go híseal,

Ba ina luí i bpáirc,

Cat cois tine i gcónaí,

Madadh ag cogaint ar fhéar

Crotlach ag feadaíl...

Níl aon amhras ann ná go raibh neart drochchomharthaí ag tuar na haimsire. B'fhéidir nach raibh an oiread sin aimsir mhaith againn riamh sa tír seo. Is dócha nach bhfuil rogha ar bith againn ach glacadh leis an mhéid a thagann inár treo.

Dála an scéil, is cuimhin liom go ndearna cara de mo chuid staidéar ar na tairngreachtaí éagsúla agus é ar chúrsa Gaeltachta ón ollscoil i dTír Chonaill. Chuir sé íontas air go dtiocfadh leis an seanfhear áirithe seo cur síos beacht a dhéanamh ar an aimsir. Bhunaigh sé tionscadal Gaeltachta agus é ag breacadh síos nótaí ó mo dhuine go luath gach uile lá agus iad curtha i gcomparáid l'aimsir an lae. Tharla gur éirigh an seanfhear cur síos cruinn a dhéanamh ar gach uile rud idir thréimhsí ghrianmhara, ceathanna troma nó éadroma, gaothanna éagsúla agus araile. Chaith mo chara coicís ag gabháil don staidéar áirithe seo agus léirigh sé an-suim i mbéaloideas an seanfhir. Bhí go maith go dtí an tríú lá déag nuair nach raibh sé i gcumas an seanfhir a dhath ar bith a rá i dtaobh na haimsire. Shíl mo chara go raibh mo dhuine tinn nó túirseach nó rud éigin eile ach i ndiaidh dhiancheistiú insíodh dó nach raibh an radió ag obair i gceart agus ní raibh deis ag an seanfhear éisteacht le réamhfháisnéis na haimsire ar RnaG.

B'fhéidir go bhfuil bua na dtairngreachtaí caillte ag formhór na ndaoine sa tír ach, ar a laghad, tá RnaG againn ar fad.

Seanfhocal na Seachtaine

'Is maith an scéalaí an aimsir.'

Is dócha nuair nach bhfuil barúil dá laghad againn cad atá ós ár gcomhair, gurbh fhearr linn 'beidh le feiceáil' a rá nó an méid thuasluaite a úsáid.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland