Top Issue 1-2024

9 August 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ríthe na hÉireann

Mar phoblachtánach, ní chreidim i gcóras ríoga ar bith ach tá románsaíocht ar leith ag baint leis an seanchóras Ceilteach, nuair a bhí ríthe agus árdríthe i réim in Éirinn.

Tráchtann daoine go minic do Chontae Chiarraí agus iad a rá `The Kingdom'. Deirtear gur tháinig a leithéid in úsáid toisc go gcuimhníonn muintir Chiarraí gur de theaghlaigh ríoga iad ar fad. Dá bhrí sin, b'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag tagairt do Ríocht na hÉireann, óir bhí gach teaghlach ríoga ina cheantar féin tráth.

Caithfidh a rá go raibh cáilíochtaí speisialta de dhíth ag rí. Dúradh nach dtiocfadh le rí órdú a thabhairt nach raibh sé sásta féin a dhéanamh. Creidtear gurb é an tréith is tabhachtaí don rí ná fhírinne. Bhí ar rí mairth cloí leis an fhírinne i gcónaí. Tá tagairtí don fhíric seo le fáil i gcuid de na lámhscríbhinní is ársa:

``Tá fírinne rí chomh geal le cúr na dtonna caite san aer,

Chomh geal le solas na gréine ar cleití eala,

Chomh geal le sneachta sléibhe.

Tá fírinne rí níos cumhachtaí na arm saighdiúirí.

Cothaíonn fírinne ríoga bainne agus coirce sa domhan.''

Creideadh go raibh an rí féin mar dhuine naofa sa tsochaí agus bhí sé mar dhualgas air ceannaireacht a thabhairt i gcónaí. Creideadh go raibh sé mar idirghabhálaí idir na spioraid ón bháis agus a phobal féin. Bhí áit ar leith ag Árdrí na hÉireann teagmháil a dhéanamh leis an spioraid seo ar chnoc Teamhair na Ríthe, áit nach raibh cead isteach ag duine ar bith ach é féin.

Bhí Árdrí na hÉireann tofa ag na déithe iad féin. Níorbh é go raibh agallamh le déanamh ag daoine a bhí ag cur isteach ar an phost. Bhí ar gach duine a bhí ag iarraidh cúraimí Árdrí a ghlacadh suí i gcarbhad a bhí ceangailte le dhá chapall díreach cosúil lena chéile. Nuair a théadh an carbhad thart ar an Lia Fáil, scread an cloch ársa amach ós árd le cur in iúil go raibh na déithe sásta leis an duine sin a bheith mar Árdrí.

Cuireadh rí faoi geasa nuair a thoghadh é. Bhí ar gach uile rí cloí le rialacha ar leith a bhí leagtha síos dó ag bandia an talaimh. De ghnáth, bhíodh trí gheasa curtha ar an rí agus má tharla sé gur bhriseadh cuid de na geasa, bhíodh droch-ádh I ndán don ríocht faoi chúram an rí. Creideadh go raibh an córas sóisialta agus an timpeallacht féin ag brath go mór ar an rí ag cloei le rialacha na ngeasa curtha air. Leoga, creideadh gur theip ar an fhómhair féin nuair a bhí na geasa briste ag an rí.

Nuair a toghadh an rí fadó, glacadh leis go raibh an rei pósta le bandia an talaimh. Dá bhrí sin, bhí sé de chead ag an bandia geasa a chumadh don rí. Muna raibh an rí in ann a chuid dualgaisaí a chomhlíonadh sna geasa, léiríodh nach raibh sé dílis don phósadh. Tá sé furasta a thuigbheáil go raibh ar ríthe ceannaireacht ciallmhar a thaispeáint agus mar sin bhí orthu staonaireacht a dhéanamh ar nithe ar leith. Is dócha gur sin an fáth gur cuireadh roinnt ríthe faoi gheasa gan a bheith ag ól.

Uaireanta, bhí geasa saoithiúla go leoir curtha ar rí. Bhí cásanna nach raibh cuid acu ábalta a bheith ina gcoladh le luí na gréine. Bhí cosc ar chuid eile gan a bheith ag snámh ag amanta áirithe agus nithe eile nach raibh i gcumas gabháil ag taisteal sa dorchadas.

De réir cuid de na scéalta béaloideasa, mhair an rí i gcumhacht ar feadh seacht mbliana. Agus réim curtha i gcrích ag rí, cuireadh chun báis é i gcásanna. Is dócha go raibh a leithéid de dhíth ag na ceiltigh amanta sa dóigh is nach mbeadh daoine ag iarraidh an stadas ríoga a bheith air; ar mhaithe leis féin amháin. Dá mbeadh a leithéid i gceist sa lá inniú, ní bheadh deacrachtaí againn le polaiteoirí ag líonadh a bpócaí féin.

Seanfhocal na Seachtaine


`Tiocfaidh an fhírinne ina háit féin.'

Léirítear cumhacht an fhírinne anseo agus dóchas i gcónaí ann go mbeidh an bua aici ag deireadh an lae.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland