Top Issue 1-2024

26 July 2001 Edition

Resize: A A A Print

Balar na Súile Nimhe

Ós rud é go bhfuil Mí na Súl Buí ag teacht chun deiridh, tagann Balar na Súile Nimhe chun cuimhne chugam. Ní amháin go bhfuil clú agus cáil ar Bhalar ar fud na hÉireann ach tá trácht air sa Chorn chomh maith.

Creidtear go bhfuil baint idir shúil Bhalair agus an ghrian. B'fhéidir go raibh sean-reiligiún ársa in Éirinn ina raibh Bhalair mar dhia na gréine. Mharaigh Lugh an seandia Balar ag tús an Fhómhair agus cumhacht na gréine ag ísliú. Dá bhrí sin, d'fhorbair reiligiún na ndraoithe agus cuireadh an sean-reiligiún faoi smacht. Mar a tharlaíonn sé, maireann a clú in iarthar na tíre, rud a thacaíonn leis an teoiric seo agus luí na gréine i gcuimhne againn fosta.

Nuair nach raibh Balar ach ina ghasúr óg, chaith sé tamall fhada ag breathnú ar draoithe ag cur deochanna nimhe le chéile. Bhí an nimh chomh cumhachtach sin go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór ar an ghasúr Balar. Dá bhrí sin, d'fhás sé suas le súil nimheach. De réir na scéaltaí béaloideasa, insítear dúinn nach raibh ag Balar ach an súil amháin agus gur ghlac sé ceathrar leis na craicinn éagsúla a thógáil óna shúil. Bhí seacht gcraiceann ar an tsúil céanna:

1. Nuair a tógadh an chéad chraiceann, chríonadh an raithneach.

2. Nuair a tógadh an dara chraiceann, thriomaíodh an féar.

3. Nuair a tógadh an tríú craiceann, théadh na crainn.

4. Nuair a tógadh an ceathrú chraiceann, bhíodh toit ag teacht óna crainn.

5. D'éirigh gach rud dearg nuair a tógadh an cúigiú chraiceann.

6. Bhíodh splancanna le feiceáil nuair a tógadh an séú chraiceann.

7. Phléascadh gach rud sa timpeallacht trí thine agus an craiceann deireannach tógtha dá shúil.

Má tá duine ar bith in amhras fán tionchar a bhí ag Balar ar mhuintir na tíre seo, níl le déanamh aige ach amharc ar an chruth atá ar iarthar na tíre go háirithe. Ar ndóigh, tá an oiread sin carraigeacha le feiceáil i gConamara agus a leithéid, áit a raibh clocha déanta de na sluaite fir. Lena chois sin, is iomaí carraig atá ag gobadh amach ón fharraige, áit a raibh báid ag seoladh uair den tsaol. D'fhág sé barrtha na luathra dubh agus tá neart áiteanna in Éirinn fágtha lom dá bharr fosta.

Tuigtear go raibh Balar lonnaithe ar Oileáin Thóraigh ar chósta Thír Chonaill. Choinnigh sé muintir na hÉireann faoi smacht agus bhí cánacha árda l'íoc acu. Tá seanbhallóga Dhún Bhalair agus Túr Bhalair le feiceáil go fóill ar an oileán.

Bhí tairngreacht ann go gcuirfeadh a gharmhac chun báis é. Dá bhrí sin, réitigh Balar a iníon, Eithne, a chur faoi ghlas sa túr sa dóigh is nach mbeadh cuideachta fir aici riamh. D'éirigh le fear óg darbh ainm Cian comhriachtain a bheith aige léi, ach chomh luath agus a thuig Balar an scéal seo, cuireadh chun báis é. Bhí mac ag Eithne agus shocraigh Balar Eithne agus a mac a chur le gaoth ar an fharraige mhór.

Chuidigh gabhann darbh ainm Goibhleann l'Eithne agus lena mac, Lugh, agus d'fhan Lugh i gcuideachta Ghoibhleann go raibh sé in aois fir. Bhí sé i gcumas Ghoibhleann sleánna a dhéanamh a bhuail ceann scríbe go díreach i gcónaí. Rinne sé sleá íontach do Lugh.

Idir an dá linn, ghoid Balar bó íontach, an Glas Ghoibhneannm ón ghabhann agus ghlac sé go oileáin Thóraigh é. D'éirigh le Ghoibhleann adhastar an bhó a fháil ar ais go tír mór agus tháinig an bó chuige ag snámh ar lorg a adhastar. Bhí Balar ar buile agus bhí sé ar intinn aige Éire a scrios. Chuaigh Lugh i gcomhrac le Balar ag bun an Earragail. D'éirigh le Lugh a sleá a chaitheamh trí shúil Bhalair agus líonadh Gleann Nimhe le nimh ón tsúil.

I leagan eile den scéal, lean Lugh sa tóir ar Bhalar, go dtí gur bhain siad Carn Uí Néit amach. Sular bhain Lugh an cloigeann do Bhalar, mhínigh Balar dó go mbeadh a chuid chumhachta aige dá gcuirfeadh sé a chloigeann ar bharr a chinn féin. Níor chreid Lugh an méid seo agus nuair a bhain Lugh an cloigeann dó chuir sé ar bharr carraige é agus phléasc an charraig ina smidiríní ar an toirt.

AN DRAOI RUA


Seanfhocal na Seachtaine


`Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh'

Is dócha go n-insítear dúinn sa mhéid seo go dtiocfadh le rud ar bith tarlú sa tsaol seo ach ní thiocfaidh daoine ar ais ó na mairbh. Seans go bhfuil sin ag dul i gcoinne creideamh dhaoine?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland