Top Issue 1-2024

12 July 2001 Edition

Resize: A A A Print

Coiligh is Cearca

Tá sé de leithscéal agam tagairt a dhéanamh do bhéaloideas na gcearc mar cheiliúradh ar uibheacha faighte ó mo chearca féin na seachtaine seo.

De réir na staire, tá a fhios againn gur thánaig ne cearca go hÉirinn i gcuideachta coiníní, madaidh rua agus Normannaigh. Deirtear nach raibh siad riamh sásta in Éireann agus go dtéann siad a luí gach oíche ag smaointiú go ndéanfadh diad a mbealach ar ais chuig a dtír dúchais an lá dar gcionn. Chomh luath agus a dtiteann siad ina gcodladh áfach, déantar dearmad ar a bpleannana agus éiríonn siad ar maidin leis an lá a chaitheamh ar an fheirm mar a dhéanann siad gach uile lá. Éiríonn siad réabhlóideach arís sula dtéann siad a luí ar ndóigh.

Caithfidh a thuiscint nach bhfuil na cearca sásta in Éirinn ar chur ar bith. Tuigtear go mbíonn siad de shíor ag scríobadh agus iad ag iarraidh dochar a dhéanamh trí thine a lasadh. Níor éirigh leo go fóill, ach leanann siad ar aghaidh lena gcuid iarrachtaí lena scríobadh.

Ní raibh córas airgid in Éirinn go dtí gur tháinig na Normannaigh i dtír ach oiread. Níl a fhios agam cén bhaint atá idir cearca agus airgead ach tá pisreog ann go fóill fá dtaobh dóibh. Is áit an rud é ach bhí droch-ádh in ann don té a ghlac le cearca mar bhronntanas. Ba chóir airgead de shaghas éigin a thabhairt don chéad duine.

Tá muid cleachtaithe le bheith ag éisteacht le cearca ag gocarsach ach má thosaíonn siad ag glaoch deirtear nach bhfuil mórán ádh ag baint leo agus ní mhaireann siad ró-fhada ar fheirm dá bharr. Creidtear go mbíonn cearc ag tuar tinneas ar mhuintir an tí má ghlaonn sí os ard.

Insíonn Peig Sayers scéal i dtaobh ghlaoch an choiligh. Deir sí go raibh fear ag comhrá lena bhean i dtaobh aiséirí Chríost agus iad ag fanacht ar a ndinnéar nuair a bhí coileach sa phóta acu. I rith an comhrá, dúirt an fear go raibh níos mó seans go néiríodh an choileach ón phóta ná gur éirigh Críost ó na marbh. Ag an phointe seo, léim an coileach ón phóta ag scairteach `Mac na hÓige slán'. Creidtear gur sin atá le rá ag gach aon coileach ach go bhfuil cluas géar na Gaeilge de dhíth leis an mhéid sin a thuiscint. Ar an phointe seo, cé nach raibh bunús an scéil le fáil ins sa Bhíobla, bhí a lán crosanna ó aimsir na bPéindhlíthe faighte agus comharthaí pótaí agus coiligh le feiceáil go soiléir orthu.

Tá bua ar leith i nglaoch coiligh le ruaig a chur ar drochspioraid fosta. Bhí an bua seo ag coileach Mhárta go háirithe. Coileach dubh a bhí ann a bhriseadh amach ón ubh i Mí an Mhárta. Deirtear go raibh iascaire amuigh ar an fharraige agus é gar go leor don chósta nuair a thosaigh stoirm ag séideadh. Le linn na stoirme, thug sé faoi deara go raibh tintreach ar tí teach a bhialadh, ach chuir a scairt an coileach níor tharla a dhath don teach. Thuig an t-iascaire go raibh bua iontach sa choileach Mhárta seo agus réitigh sé an coileach a cheannach len' é féin is lena bháid a chosaint. Bhí sé féin slán go leor ach bhuail tintreach an teach agus dódh go talamh é chomh luath is a bhí an coileach imithe.

Nuair a gcloiseann cailín coileach ag glaoch agus í ag smaointiú fána grá geal, tá ádh mór i ndán don lanúin le chéile. Má gcloistear scairt coiligh lá na bainise, áfach, ní bheidh pósadh sásúil eadarthu nó ní mhairfidh sé ar chor ar bith.

B'fhearr i bhfad gan a bheith ag casadh ar choiligh i mbrionglóidí. Má fheictear coileach agus é ag glaoch i do bhrionglóid, creidtear go bhfuil cara bréagach agat atá ar tí dochar a dhéanamh duit. Má tá an coileach ciúin sa bhrionglóid, creidtear go bhfuil duine le dul san iománaíocht leat i gcúrsaí grá.

Má tá cearc ag glagarnach i mbrionglóid, is comhartha áthais é ach a mhalairt atá i ndán má tá sí ciúin. Má tá tú ag baint na gcleití de chearc i do chodladh, creidtear go mbeidh airgead ag teacht i do threo go luath. Má fheictear cearc i gcuideachta sicíní beaga i mbrionglóid, deirtear go bhfuil contúirt éigin le teacht.

Is cinnte go bhfuil tionchar nach beag ag an chearc ar mhuintir na hEíreann, mar atá le feiceáil sna seanfhocail seo a leanas a thug siad dúinn:

Is olc an cearc nach scríobann díthe féin.

Is trom cearc i bhfad.

An cearc a dhíol lá na báistí.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland