Top Issue 1-2024

5 July 2001 Edition

Resize: A A A Print

Airgead le déanamh as Polsaithe Glasa?

Is beag aird a thugann comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar chúrsaí timpeallachta. Is é an t-aon cuspóir atá acu ná airgead a dhéanamh agus is cuma sa tsioc leo fán mhéid scrios agus truailliú atá fágtha ina ndiaidh. Ní thuigeann siad go bhfuil cúis morálta ann an domhan seo a chaomhnú do na glúnta atá ag teacht inár ndiaidh. Ní thuigeann siad nach mbeidh siad in ann airgead a dhéanamh nuair atá an crann deireanach maraithe agus abhann deireanach truaillithe.

Ar ndóigh, ní amháin go bhfuil dualgas morálta ann, ach téann sé le ciall gur chóir do chomhlachtaí aire mhaith a thabhairt don timpeallacht agus a dhéanamh cinnte go dtig leis an lucht gnó a bheith ag comhoibriú leis an dúlra.

Tá cosúlacht ann anois, áfach, go bhfuil ceacht foghlamtha ag comhlachtaí áirithe agus é tugtha faoi deara ag cuid acu nach mbeidh gnó ar bith fágtha acu má tá an timpeallacht scriosta acu.

Tá staidéar foilsithe ag Clár Comhshaoil na Náisiúin Aontaithe le déanaí agus é dírithe ar lucht gnó ag léiriú dóibh nach gá dóibh airgead a chailleadh toisc go bhfuil siad ag cuidiú le caomhnú na timpeallachta. Ní amháin sin, ach tugtar neart samplaí fá chomhlachtaí éagsúla a raibh a gcostasaí íslithe acu nó a fuair gnó breise toisc go raibh siad tuillteananch polasaithe glasa a chur i bhfeidhm. Leoga, bhí roinnt mhaith comhlachtaí luaite acu a léirigh go raibh brabús soiléir saothraithe acu dá bharr na hiarrachtaí a bhí déanta acu aire a thabhairt don timpeallacht.

Is féidir le comhlachtaí cúrsaí timpeallachta a tharraingt isteach ina gcuid gnó ar dhóigheanna áirithe. Is féidir leo a dhéanamh fá dtaobh den fhíric seo. Lena chois sin, thiocfadh leo rudaí a athchúrsáil agus táirgí a chur ar fáil as na seantháirgí a úsáid airís. Má tá tuiscint cruinn acu ar chúrsaí timpeallachta, thig leo an t-eolas seo a úsáid le costasaí a ghearradh fosta. Tá sé i gcumas na comhlachtaí gnó contúirtí timpistí a mhaolú agus ní bheadh an oiread sin cásanna dlí ina gcoinne. Mar aon leis an mhéid thuasluaite, ba cheart go mbeadh comhlachtaí ag cur brú ar rialtas ar fud an domhain rialacha ar chaomhnú qa chur i bhfeidhm i gceart.

Is dócha go bhfuil muid uilig tinn tuirseach ag éisteacht le leithscéalta mar a bhí ag George W. Bush agus é ag rá nach dtig le rialtas SAM coinníollacha Kyoto a chomhlíonadh toisc go mbeadh sé ró-chostasach ar eacnamaíocht na tíre sin. Níl ann ach leithscéal do na ollchomhlachtaí ola agus eile leanadh ar aghaidh leis an scrios.

Creidim féin go bhfuil freagracht agus dualgas ar gach uile comhlacht beag agus mór aire a thabhairt do chúrsaí timpeallachta. Tá i bhfad níos mó i gceist ná táirgí glasa a chur ar fáil ar dhóigh faiséanta ar mhaithe le brabús a dhéanamh as dea-thoil an phobail. Ba cheart go dtuigfeadh lucht gnó go bhfuil dualgas morálta aire a thabhairt don timpeallacht.

Ar an drochuair, ní éisteann lucht gnó l'airgóintí morálta de ghnáth. Ba mhaith leo dóigheanna l'airgead a dhéanamh a aimsiú. De réir a chéile, tá mé den bharúil go bhfuil daoine den lucht gnó ag teacht thart chuig an tuairim go dtig leo airgead a dhéanamh mar chomhlacht agus polsaithe glasa i bhfeidhm acu.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland