Top Issue 1-2024

28 June 2001 Edition

Resize: A A A Print

Cur amú £40 milliún

Níos mó ná seachtain ó shin, thug an tAire Cosanta sna sé chontae is fiche, Michael Smith, ráiteas ag insint go raibh daichead `Piranhas' ceannaithe ag Teach Laighean. Milliúin punt an costas atá ar cheann amháin de na hinnill móra seo. Deir sé go mbeidh na Piranhas ag gabháil ar diúte in `Eritrea' i gcuideachta na Náisiúin Aontaithe roimh dheireadh na blaina. Lena chois sin, tá sé ar intinn acu saighdiúirí Éireannacha a chur chun na Aetóipe leo roimh an Nollaig fosta.

Dúirt an tAire Smith nach raibh athrú ar bith dtacaíocht rialtas Bhaile Átha Cliath ar son an Fhórsa Fhreagartha Ghasta (Rapid Reaction Force). Mhínigh sé go raibh cinneadh glactha ag Teach Laigheantacú leis an Fhórsa Fhreagartha Ghasta cheana féin agus nach raibh siad ag dul i gcoinne thoil an phobail a léirigh nach raibh siad sásta glacadh le Conradh Nice.

Mar is eol dúinn, ní raibh reifreann riamh againn i dtaobh Fhórsa Fhreagartha Ghasta. Réitigh rialtas Teach Laighean páirt a ghlacadh ins san FFG gan cead a fháil ó mhúintir na hÉireann. Ní raibh seans ar bith ag daoine a mí-shástacht a léiriú go dtí gur chaitheadh na mílte vótaí in éadan Chonradh Nice.

Bhí taispeántas mór ag an arm leis na Piranhas ar an churrach i gCill Dara le déanaí. Bhí saighdiúirí ag cleachtadh agus ag súgradh lena bréagáin úra ós comhair na meáin cumarsáide. Bhí siad uilig faoi chúram Cmdt Liam Ahern, a dúirt gurb é an príomhchuspóir a bhí leis na Piranhas ná saighdiúirí a thabhairt slán i gceantracha contúirteacha. Dá bharr sin, molaim gur chóir úsáid a bhaint as na Piranhas i gceantar Árd Eoin i mBéal Feirste le cinntiú go dtig le páistí bunscoile dul agus pilleadh ón scoil.

Is cur amú millteanach £40 milliúin a chaitheamh ar an arm nuair atá rudaí i bhfad níos práinní de dhíth sa tsochaí. Níl anseo ach tús mar tá sé ráite ag an Aire Smith cheana go bhfuil sé ar intinn aige daichead Piranhas eile a cheannach ar an bhliain seo chugainn. Má ligtear do Theach Laighean leanstan ar aghaidh leis na polsaithe seo, beidh cánacha uafásacha curtha ar mhuintir na hÉireann l'íoc as an am, as fórsaí farraige, as fórsaí aeir agus as gach cineáil trealaimh eile atá ar liosta de dhíth orthu. Bhí Lieut Gen Colm Magan den bharúil gur lea íontach do na Fórsaí Cosanta na Piranhas a cheannach. Bhí sé ag dúil go mór le dul ar diúté leo áit ar bith ar fud na cruinne.

Is maith leis an arm a bheith ag caint ar sheirbhísí shíochánta agus é mar dhualgas orthu tacú le fórsaí síochánta i dtíortha i bhfad i gcéin. Ach, an dtuigeann siad féin cad chuige a bhfuil siad ag troid? Cad é mar is féidir leo a bheith iomlán cinnte go bhfuil siad ag tacú le síochán agus iad i mbun troda? Nach bhfuil siad ar thaobh an chogaidh i ndáiríre?

Níl amhras ar bith ann ná go bhfuil fadhbanna ollmhóra cruthaithe ag an lámh láidir i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Leis an fhírinne a rá, ní féidir teacht ar réiteach shásúil i gcás ar bith gan cúrsaí polaitiúla a shocrú i measc an phobail áitiúil. Ar an drochuair, tá claonadh ag tíortha an Iarthair dul isteach leis an lámh láidir ar thaobh amháin go dtí go bhfuil dream áirithe curtha faoi chos acu. Is é sin an tuiscint atá acu ar réiteach.

Dúirt urlabhra ón ghrúpa AFrI go raibh imní orthu faoin mhéid airgid a chaitheann rialtas Baile Átha Cliath ar threalaimh mhíleata cé gur léirigh pobal na tíre nár aontaigh siad le Conradh Nice. Dúradh fosta go leanann Teach Laighean lena gcuid pleananna a bheith ina mball den Fhórsa Fhreagartha Gasta ar dhóigh atá ag dul go hiomláin i gcoinne spioraid an dhaonlathais.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland