Top Issue 1-2024

14 June 2001 Edition

Resize: A A A Print

I ndiaidh `Nice'

Cé gur éirigh le muintir na sé chontae is fiche `Níl' a rá le Nice, níl Teach Laighean sásta a admháil gur chóir dúinn an chonradh a chur faoin fhód agus díospóireacht iomlán a thoiseacht ar cén chineál Eoraip a ba mhaith linn amach romhainn.

Bheadh eagla orm go mbeidh siad ag iarraidh reifrinn eile a bhrú ar an Chonradh chéanna ar an bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, ní thig linn ligint dóibh a leithéid a dhéanamh óir ní bheadh siad ag tabhairt aird ar bith ar an mhéid a chaith vótaí ina choinne.

Chonacthas go raibh neart de na nuachtáin Eorpacha ag gearán fán toradh ar Nice a thug muintir na tíre ach is cinnte go raibh na nuachtáin seo ar son an Stadas Quo cibé. Tuigtear, áfach, nach raibh deis ag tír eile san Eoraip reifreann a reachtáil ar an ábhar. Is dócha gur thug vóta na tíre seo ábhar misnigh d'Eorpaigh eile a bhí in éadan an Chonraidh agus ba cheart go mbeidh éileamh ann i dtíortha éagsúla reifrinn dá gcuid féin a eagrú go luath anois.

Ar an drochuair, tá sé ráite ag ceannairí na hEorpa cheana féin nach bhfuil sé ar intinn acu téacs Chonradh Nice a athrú agus iad den bharúil go dtig leo leanstan ar aghaidh lena gcuid pleananna agus neamhaird a thabhairt ar thoradh an Chonraidh anseo. Bhuel, seans nach mbeidh an dara rogha acu ach athmhachnamh a dhéanamh, má cuirtear go leor brú orthu.

Ní amháin go bhfuil ról na hÉireann san Eoraip le plé ach caithfidh ról an Chomhphobal Eorpach a phlé ina iomlán. Bheadh sé thar a bheith dímheasach do Theach Laighean fanacht go dtí go mbeidh athrú intinne ag muintir na hÉireann. Caithfidh a chur i gcuimhne dóibh gur chaith muid an Conradh amach.

Tá gach seans ann go ndéanfaidh rialtas na 26 contae iarracht éisceacht neodrachta a chruthú agus a chur leis an Chonradh agus iad ag iarraidh ar mhuintir na tíre glacadh leis. Ba chóir a léiriú nach mbeadh a leithéid dlíthiúil ar chor ar bith. Lena chois sin, níl ins san ábhar neodrachta ach ábhar amháin as an liosta gearáin atá ag Éireannaigh agus ag Eorpaigh.

Ní amháin go bhfuil fís ag Phoblachtánaigh don tír seo, ach tá fís Eorpach againn chomh maith. Déarfainn go dtiocfadh linn féin ár gConradh féin a chur le chéile. An rud atá ann, caithfidh plé iomlán ceart a bheith ann do gach uile dream sna ballstáit. Fiú dá mbeadh ár gConradh Poblachtánacha curtha le chéile againn innieu, ní thiocfadh linn a leithéid a bhrú ar phobal na hEorpa amárach gan sonraí ar fad a phlé leo.

An Draoi Rua.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland