24 May 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ciníochas ag dul in olcas

Is cosúil nach bhfuil mórán iarracht á dhéanamh ag Teach Laighean dul i ngléic le fadhb an chiníochas sa tír seo. De réir suirbhé a rinne `Amnesty International' le déanaí, dúradh 40 fán gcéad gur theip ar rialtas na Sé Chontae is Fiche tabhairt faoin fhadhb ar chor ar bith.

     
Is cuma sa tsioc le John O'Donoghue, áfach, óir níl staitisticí d'ionsaithe ciníocha á choinneáil ag an rialtas
I mí Feabhra, dhiúltaigh an tAire rialtas, John O'Donoghue, a admháil go raibh ciníochas sa tír. Bhí sé den tuairim go raibh dream beag daoine taobh thiar de na hionsaithe ciníocha in Éirinn. I ndáiríre, ní raibh sé ag iarraidh a admháil go raibh fadhb contúirteach sa tír.

Ar an drochuair, nuair a thugtar neamhaird ar fhadhb an chiníochas, éiríonn cúrsaí níos measa agus tá réiteach na bhfaidhbe níos deacra a fheail. Ní raibh ach 21 fán gcéad sa tsuirbhé sásta fán dóigh a raibh fadhb an chiníochais a láimhseáil ag Teach Laighean.

Ba cheart go dtabharfadh cách fá deara go bhfuil greim docht ag an chiníochas sa tír cheana féin. Le blianta, tá leatrom á dhéanamh ar ghlúnta de lucht taistil agus de dhaoine gorma. Níor mhaith le 40 fán gcéad go mbeadh lucht taistil ina gcónaí i gceantar s'acusan agus níl ach 15 fán gcéad tuilteanach a bheith cáirdiúil leo. Tá drochíde tugtha do na Éireannaigh seo ar sráideanna ár mbailte agus tá a dtithe faoi ionsaí go minic.

Is cuma sa tsioc le John O'Donoghue, áfach, óir níl staitisticí d'ionsaithe ciníocha á choinneáil ag an rialtas. Fágtar an dualgas seo i lámha grúpaí deonacha, rud nach bhfuil sásúil in aon chor. Ós rud é nach bhfuil figiúirí oifigiúla á choinneáil ag rialtas na Sé Chontae is Diche, níl tuiscint dá laghad acu ar leibhéal na faidhbe. Ní nach íonadh, mar sin, nach n-aithníonn John O'Donoghue go bhfuil fadhb ann.

Feictear go bhfuil teipthe glan ag an chomhrialtas a chuid geallúintí a chomhlíonadh le sochaí ilchultúrtha a chothú. Ghealladh breis agus bliain ó shin go mbeadh feachtas oideachais seolta acu i gcoinne an chiníochas sa tír. De réir mar is eol dúinn cuireadh £4.5 milliúin ar leataobh le tabhairt faoin fheachtas seo, ach níl an feachtas tosaithe go fóill fiú.

Rinne Aontas na Mac Léinn in Éirinn suirbhé dá gcuid féin i Mí an Mhárta i mbliana. De réir na torthaí, tá beagnach 40 fán gcéad mic léinn tríú leibhéal den bharúil gur chóir teorann a chur ar an mhéid daoine ó chultúir eile sa tír. Mar aon leis sin, tá beagnach 20 fán gcéad acu den tuairim go bhfuil an teorann sin sroichte cheana.

Má tá tuiscint ar bith againn ar stair na tíre, tuigimid gur imigh na glúnta d'Éireannaigh thar lear ar feadh na cianta agus go bhfuil daoine ag imeacht go fóill. Bhí fadhbanna eacnamaíochta chomh holc sin ó aimsir an ghorta mhór, go bhfuil na milliúin Éireannaigh scaipthe ar fud na cruinne inniú. Maise, mhol rialtas na Sé Chontae is fiche do dhaoine óga gabháil thar láthair na huaire, níl an oiread sin brú ar dhaoine ach tuigtear go dtéann neart thar sáile as siocair go bhfuil airgead níos fearr le fáil.

Tá imní orm agus staidéar deanta ar thorthaí shuirbhé na mac léinn go bhfuil dearcadh níos measa ag aos óg an lae inniú ná mar atá ag daoine níos sine. B'fhéidir nach bhfuil taithí acu féin ar an mhéid daoine a díbríodh as an tír seo de bharr fadhbanna eacnamaíochta agus na mílte ag imeacht ar loing agus ar eitleeain. Is cinnte nach bhfuil cuimhne acu ar a leithéid, cé go raibh na sluaite ag dul ar imirce go dtei na nóchaidí. Is cuimhin liom féin a léamh i 1992 gur fhág naonúr as gach deichniúr mic leeinn tríú leibhéal an tír chomh luath agus a bhei siad cáilithe.

Le déanaí, tuigimid go bhfuil daoine ag teacht isteach sa tír seo in ionad a bheith ag imeacht. Ba cheart go mbeadh muid féin níos tuisceanaí fána gcruachás agus cuimhne againn ar ár sinsear a d'fhág. Is iomaí áit ina mbíodh `No Irish, no blacks' le léamh.

Níl tuiscint ag muintir na hÉireann ar chruachás na ndaoine seo. Cluintear gearáin go minic fá choimhthígh ag obair i bpostanna ar leith in óstáin agus i monarchana. Caithfidh a admháil, áfach, nach bhfuil cothrom na féinne tugtha do na daoine seo agus tuarastail íseal íoctha dóibh cé go bhfuil coiníollacha oibre uafásacha acu.

Tá a fhios ag gach mac athar is iníon athar go bhfuil Roinn Sláinte ag brath go mór ar an mhéid altraí, dochtúirí agus eile a thagann i dtír. Is cosúil go bhfuil formhór na ndaoine seo ar chonarthaí pháirt-aimseartha agus nach dtugtar postanna buana ach d'Éireannaigh amháin. Bhuail mé le dochtúir ón Phalaistín ar na mallaibh a raibh ocht mbliain caite aige in otharlann amháin go páirt-aimseartha. Seá, bhí sé dóchasach go mbeadh sé ina gcumas cur isteach ar phost buan.

Níl amhras ar bith ann ná go bhfuil an ciníochas i réim sa tír. Tá sé thar am don rialtas tabhairt faoin fheachtas oideachais láithreach. Ní chóir d'airí stáit ligint don fhadhb gabháil as smacht ar fad. Ba cheart go dtuigfeadh pobal na tíre seo nach bhfuil stráinséirí againn sa tír ach go bhfuil na daoine éagsúla seo mar chuid de mhuintir na hÉireann an lae inniú. Tea neart a dtig linn a fhoghlaim óna chéile.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland