Top Issue 1-2024

26 April 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ceapadh Iarrthóirí Shinn Féin

Chruinnigh baill de Shinn Féin i gContae na Gaillimhe le chéile ag deireadh na seachtaine le hiarrthóirí a roghnú don chéad olltóghchán eile.

Bhí breis agus ochtó ball den pháirtí i láthair ag tionól, a raibh Lucilita Bhreathnach (Ard Rúnaí Sinn Féin), Comhairleoir Pat Treanor (Ard Chomhairle Sinn Féin) agus iarrthói Sinn Féin i gCiarraí Thuaidh, Martin Ferris mar aíochainteoirí ann.

Mhól Lucilita Bhreathnach an dul chun chinn atá déanta ag Sinn Féin san iarthar le blian anuas, agus an fás agus forbairt i mbunú cumann nua de Shinn Féin i nGaillimh. Bhí ionadaithe i láthair ó chumainn i Leitir Fraoich, Leitir Móir, Inis Oírr, Cathair na Gaillimhe, an Ollscoil agus an Institiúd Teicneolaíochta. Bhí ionadaithe freisin ó Oirthear na Gaillimhe.

Glacadh le rún ó Chumann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go seasfadh Sinn Féin beirt iarrthóir sa chéad olltóghchán eile agus nuair a glacadh leis an rún sin, moladh Seán Ó Coistealbha (Conamara Theas) agus Danny Callanan (Cumann Ceannt Breathnach) mar iarrthóirí an pháirtí. Glacadh leo d'aon ghuth.

Is dlíodóir é Danny Callanan a bhfuil roinnt mhaith blianta caite aige i bpolaitíochtaí poblachtánacha. Bhí sé chun tosaí san INC agus is dlíodóir deonach é chomh maith leis an Citizens Advice Bureau. Tá sé ina bhall den Quirk Road Action Group agus beidh sé ag déanamh príoracht de chúrsaí sláinte, frithchiníochas agus pleanáil seirbhísí sa chathair agus sa chontae.

Bainisteoir Oideachais le Múintearas is ea Seán Ó Coistealbha. Tá an-obair déanta aige thar na blianta le daoine óga agus ar ndóigh aithnítear é go foirleathan mar gníomhaí teangan agus comhphobail. `Siad cúrsaí pleanála, an Ghaeltacht agus daonlathas áitiúil a mbeidh mar phríoracht ag Ó Coistealbha.

I ráiteasaí ag deireadh an Choinbhinsiúin dúirt na hiarrthóirí gur onóir mhóir dóibh bheith roghnaithe ag Sinn Féin agus gur thuig siad an stair agus traidisiúin a bhaineann leis an páirtí is sine in Éirinn. Gheal siad go mbeidh an cheist náisiúnta, agus an fhís phoblachtánach chun tosaí ina gcomhfheachtas mar fhoireann Shinn Féin in iarthar na Gaillimhe. Dúirt siad, comh maith, gurb é an chéad dúshlán eile a bhí rompu anois ná vóta láidir a thabhairt amach i gcoinne Conradh Nice, agus réamhobair a dhéanamh, tríd sin, ar an feachtas le hiarrthóir Shinn Féin a thóghadh sa chéad olltógchán eile.

Agus é ag tabhairt comhghairdeachais leis na hiarrthóirí, dúirt Martin Ferris go raibh deireadh le ré an `lucht fáire poblachtanaigh' agus go raibh jab mór le déanamh ag na hiarrthóirí - duine a thóghadh, ach gur féidir le sin a dhéanamh dá n-éireodh gach poblachtánach sa cheantar don dúshlan agus an neart polaitiúil riachtanach a thabhairt do Shinn Féin chun an sreachailt a chríochnú i gceart agus gcóir agus síochán buan in Éirinn.


Aird Domhanda ar Quebec



Is dócha gur éirigh le lucht agóide níos mó poiblíochta a bhaint amach ná riamh Dé Sathairn 21 Aibreán i Quebec. Is léir nár mhaith le muintir Mheirceá uilig a gcuid ceannairí a leanstan agus aontaím go hiomlán leo.

Bhí cruinniú mullaigh ag 34 ceannairí stáit de thíortha Mheirceá agus é ar intinn acu aontas eacnamaíochta ollmhór agus an ceantar ba mhó trád«¢ala sa domhan a chruthú ar aon dóigh leis an Chomhphobal Eorpach.

Má éiríonn leo Comhphobal Meirceánach a chruthú, is léir go mbeidh tromlach na cumhachta ag Stáit Aontaithe Mheirceá. Mar atá, tá SAM trí oiread níos saibhre ná an cuid eile de thíortha Mheirceá, thuidh is theas. Nach bhfuil George W Bush contúirteach go leor?

Is é an fáth a bhfuil an oiread sin daoine eagraithe ina gcoinne ná go bhfuil an córas caipitleach ag dul thar fóir go cinnte. Feictear dúinn go mbeidh comhlachtaí ollmhóra ilnáisiúnta ag déanamh a ndícheall feidhm a bhaint as comhaontú idir na ceannairí stáit ar mhaithe le brabús a dhéanamh.

Tá a fhios againn go bhfuil i bhfad barraíocht cumhachta ag na comhlachtaí ilnáisiúnta mar atá. I ndáiríre, tá na comhlachtaí seo níos cumhachtaí ná rialtaisí. Múnlaíonn siad polsaithe rialtais ar mhaithe le lucht an rachmais. Feictear go háitiúil in Éirinn go bhfuil gach iarracht déanta leis na dreamanna ilnáisiúnta a mhealladh ach ní cothaítear gnó náisiúnta ar chor ar bith. Ansin, nuair a thagann na dreamanna móra i dtír, maraítear na comhlachtaí áitiúla. Níl meas ar bith ag na comhlachtaí ollmhóra seo ar riachtanais na ndaoine sna tíortha éagsúla, ba mhaith leo brabús a dhéanamh agus sin é.

Níl amhras ar bith ann ach má éiríonn leis na comhlachtaí móra a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích go mbeidh bearna i bhfad níos mó idir lucht an airgid agus doine bochta an domhan. Níl tuiscint dá laghad ag lucht an rachmais ar daonlathas ná ar chearta daonna, is cuma leo fán a dhath ar bith ach airgead agus dóigheanna lena thuilleadh airgead a dhéanamh.

Tá gach cuma ar an scéal, áfach, go bhfuil lucht agóide i bhfad níos eagraithe ná riamh. Cé go bhfuil ceannairí stáit tuillteanach fórsaí péas agus an lámh láidir a bhrú, d'éirigh le breis agus 30,000 duine teacht amach ar sráideanna Quebec nuair a bhailligh 34 ceannairí stáit le chéile. Ní féidir leis na ceannairí stáit argóint a dhéanamh lena lucht agóide ach b'fhearr leo comhaontú a bhrú ar phonal Meirce«qa ar fad.

Sna Stáit Aontaithe Mheirceá, bhí George W Bush ag deanamh a dhícheall cead a fháil curseí a phlé agus réiteach gan cur isteach ó Congress SAM. Tá an t-ádh dearg orainn go gcuireann Congress bac air nithe a réiteach go fóill. Cibé rud a phléitear, caithfidh Congress tacú leis sula dtyagann sé i bhfeidhm, ach le fírinne nár chóir go mbeidh reifreann i ngach aon tír sula dtagann a leithéid de comhaontú chun cinn.

Tá gach cosúlacht ar lucht agóide go bhfuil réimse leathan daoine ina measc. Feictear go bhfuil sochaí iomlán frith-chaipitleach ina measc; mic cheardchumainn, grúpaí sóisialacha, ainrialaithe, dreamanna cearta daonna, grúpaí reiligiúin, lucht timpeallachta agus duine ar bith eile a bhfuil cúis gearáin aige/aici i gcoinne an chórais.

Cé go dtagann na daoine seo ar fad ó chúlraí éagsúla, tá siad uilig aontaithe le chéile ina bhfeachtas in éadan na ollchomhlachtaí ilnáisiúnta. De ghnáth, éiríonn leis an chóras daoine ó chúlraí éagsúla a scoilt agus teipeann ar an feachtas ina choinne. Feictear go bhfuil lucht agóide an-eagraithe agus go bhfuil spás do chách ina measc. Is cinnte go raibh pleanáil ar siúl ar feadh na míosaí roimh-ré don lá agóide i Quebec agus go raibh ceardlanna reachtálaithe leis na péas agus gás CS a láimhseáil fiú.

Ós rud é go raibh daoine ina measc de thuairimí éagsúla, bhí moltaí don 30,000 i láthair dathanna ar leith a chaitheamh don lá agóide. Chaith lucht easumhlaíocht shíochánta éadaí glasa, chaith daoine a bhí ag iarraidh raic a thógáil éadaí buí agus bhí dearg nó dubh á chaitheamh ag daoine a bhí tuillteanach foréigean a úsáid.

Scaoileadh na mílte cannaí CS ar lucht agóide an Satharn úd i Quebec. Sheas roinnt den lucht agóide an fód agus iad ullmhaithe le mascanna cosanta gáis a chaitheamh. D'éirigh leo cuid de na cannaí CS a chaitheamh ar ais i dtreo na péas. Bhí ghriangraf speisialta glactha ar an lá agus fear ag casadh na málaí píbe agus masc cosanta a chaitheamh aige nuair a bhí an raic ar fad ag titim amach thart air.

Scaoileadh an oiread sin cannaí CS gur chuireadh isteach ar na ceannairí stáit fiú. Mar aon leis sin, d'úsáid na péas gunnaí móra uisce agus scaoileadh cuid mhór piléir rubair leis.

Tuigtear nach bhfuil na ceannairí stáit uilig ar aon intinn le George W Bush. Luaigh Vincent Fox, Uachtarán Mheicsiceo, gur aithin sé go mbeadh neart airgead le déanamh ag eacnamaíocht na dtíortha éagsúla ach go raibh sé buartha go ndéanfar dearmad fá na daoine bochta. Dúirt Taoiseach San Lucia gur chóir díriú ar fhadhbanna na mbocht agus a dhéanamh cinnte nach raibh duine ar bith ocrach ná dífhostaithe ar dtús. Leoga, is iad seo na argóintí céanna a bhí ag lucht agóide amuigh.

Feicim anois go bhfuil lá domhanda eagraithe ag lucht agóide i gcoinne na ollchomhlachtaí ilnáisiúnta Dé Luain, 1 Bealtaine. Lá idirnáisiúnta na n-oibrí atá ann ar ndóigh agus is oiriúnach an rud é go bhfuil a leithéid ar siúl ar an lá céanna. Ceidim go mbeidh taispeántas domhanda tugtha don chóras chaipitleach nach nglacfadh le muintir na cruinne lena thuilleadh scrios. Ní ghá do phobal na hÉireann taisteal go Quebec nó beidh agóid ann taobh amuigh den stocmhargadh i mBaile çtha Cliath idir 4.30-6.00 i.n.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland