Top Issue 1-2024

5 April 2001 Edition

Resize: A A A Print

Scrios ar son airgid

Nach bhfuil sé dochreidte gur cuma sa tsioc le George W. Bush cad atá i ndán do thimpeallacht na cruinne. Caithfidh mé a admháil, áfach, nár chuir an ráiteas uaidh i dtaobh chonradh Kyoto 1997 iontas ar bith orm. Go simplí , ba ea an rud a bhí sé ag rá ná a fhad is atá airgead le déanamh ag poncánaigh, leanfar ar aghaidh leis an domhan a scrios.

     
Ar ndóigh, is cuma le Bush fá thubaistí uafásacha nuair a tharlaíonn siad in áiteanna cosúil leis an Mhósaimbíc, sa tSín agus in áiteanna eile taobh amuigh de na Stáit Aontaithe
Sna hochtóidí, bhí an lán plé a dhéanamh fán mhéid damáiste a bhí déanta don chiseal ózóin. I 1985, dúirt saineolaithe go raibh an poll chomh mór leis na Stáit Aontaithe féin. Bhí conradh sínithe i Montreal, Ceanada, sa bhliain 1989 ag leagadh síos rialacha do thíortha an domhain gearradh siar a dhéanamh ar an mhéid céimicí contúirteacha a bhí in úsaid acu, go háirithe na gásanna CFC. Ar an drochuair, leanadh ar aghaidh leis an scrios.

Cuimhnítear gur tháinig 160 ceannairí tíre eile i Kyoto. Seapán i 1997 ar mhaithe le fadhbanna timpeallachta a phlé agus teacht ar réiteach éigin. Anois, cé go ndúirt saineolaithe ag an am go raibh an oiread sin scrios déanta cheana féin go raibh idir 60-80% gearradh siar ar ghásanna truaillithe de dhíth le maitheas ar bith a dhéanamh, socraíodh faoi dheireadh go mbeadh sé de chuspóir ag tíortha an domhain 5% de ghearradh siar a dhéanamh. `Is beag cuidiú mar a dúirt an dreoilín nuair a scaoil sé le cac san fharraige mhór.'

Fiú ag an léibhéal seo de 5%, bhí sé deacair go leor do na ceannairí polaitíochta teacht ar dhréachtchonradh. Shílfeá go dtiocfadh leo a gcuid aidhmeanna a chomhlíonadh, ach tuigtear gur tháinig méadú in ionad laghdú in úsáid na gásanna truaillithe. In Éirinn, bhí cead againn 15% níos mó gásanna truaillithe a úsaid as siocair gur tír beag atá ionainn ach chuaigh muid thar an teorainn sin chomh maith.

Ansin, i Mí na Samhna 2000, tháinig na ceannairí polaitíochta le chéile arís sa Háig san Ísiltír leis na deacractaí chéanna a phlé. Níor éirigh leis na 160 tír teacht ar chomhréiteach ar bith. Tharla nach raibh na Méiriceánaigh tuillteanach gearradh siar ar bith a dhéanamh ach é de chuspóir acu leanstan ar aghaidh leis an mhilleadh. Ba ea an leithscéal a bhí acu ná go raibh sé ar intinn acu níos mó crainn a chur agus a thuilleadh coillte a chruthú leis na deacrachtaí a leigheas. Cinnte, ní raibh ann ach leithscéal faic a dhéanamh. Leoga, theip ar chomhdháil na Háige go hiomlán.

Tuigimid uilig cad chuige a bhfuil goradh domhanda ag tarlú. Tá gásanna truaillithe ag gabháil isteach san atmaisféar go laethúil ar léibhéal ró-ard ar fad. Tagann na gásanna seo o fheithiclí, ó thithe, ó fhoirgnimh oibre agus ó mhonarcha cumhachta. Dá bharr an truailliú ar fad, tá teocht na cruinne árdaithe, tá sioc ag leá sa leathsféar thuaidh agus tá léibhéal na farraige ardaithe idir cheathar agus deich n-órlach thar céad bliain cheana féin.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil drochthionchar úasáfach ag an chine daonna ar an timpeallacht is ar an aimsir. Ní amhain go bhfuil teocht na cruinne ag árdú ach tá tubáistí aimsire millteanacha ag tarlú níos minice. Lena chois sin, tuigtear go bhfuil na hathraithe seo ag dul i bhfeidhm ar gach uile gné den slabhra bia. Níl barrthaí, torthaí, plandaí, éisc, ainmhíthe, éanacha ná daoine chomh sláintiúil ná ba chóir.

Tuigtear go dtagann formhór na gásanna truaillithe seo ó ola, ó ghual agus ó bhreoslaí iontaise eile a dhó. Is léir nach dtugann na comhlachtaí ola mórán airde ar an scrios a dhéantar ar an domhan agus iad ag iarraidh greim docht a choinneáil ar an mhonaplacht fuinnimh atá acu. Ní amháin go bhfuil scrios millteanach á dhéanamh l'ola a dhó ach feictear doirteadh ola go rialta ar fud na cruinne ó na tancaeir ollmhóra. Ní dhéantar an oiread sin le doirteadh a smachtú agus na tancaeir a choinneáil slán ach tuigtear go dtagann an oiread céanna doirteadh ola ó na monarchanna tionsclaíochta ola chomh minic is a dtagann sé ó na tancaeir. Coinnítear gach forbairt nua faoi chos sa dóigh is go dtig le comhlachtaí ola airgead a shaothrú dóibh féin. Ní mhairfidh toibreacha ola go deo, ach b'fhearr i bhfad leis an lucht rachmais gach braon de a dhó ar mhaithe le gach pingin a chur ina bpócaí. Cad is fiú an t-airgead ar fad dóibh nuair nach mbeidh aer, uisce ná talamh folláin ar bith fágtha sa domhain?

Nuair a deir George Bush go bhfuil eacnamaíocht na Stáit Aontaithe níos tábhachtaí ná timpeallacht na cruinne, caithfidh a thuiscint go bhfuil sé ag tagairt d'eacnamaíocht a chairde i mbun na gcomhlachtaí móra ola. Dá mbeadh an tuil ceart sa tír, bheadh siad breá ábalta fuinnimh úra a fhorbairt agus fostaíocht iomlán nua a chruthú. Leoga, tá gach seans ann go mbeadh i bhfad níos mó fostaíocht cothaithe le dul chun cinn teicneolaíocht agus roghanna nua in ionad truailliú contúirteach an ola. Níl ciall ar bith l'argóint George W Bush nuair a smaoinítear fán chostas ar dhúlra an domhan agus fán chostas a bheas ar an damáiste le tubaistí aimsire. Ar ndóigh, is cuma le Bush fá thubaistí uafásacha nuair a tharlaíonn siad in áiteanna cosúil leis an Mhósaimbíc, sa tSín agus in áiteanna eile taobh amuigh de na Stáit Aontaithe. Ar an drochuair, ní thuigfidh a leithéid an damáiste atá á dhéanamh aige go dtí go dtagann sé anuas air féin.

Aontaíonn leis na moltaí a tháinig ó húrlabhraí na Chomhaontas Glas a dúirt go bhfuil sé in am dúinn boycott a dhéanamh ar na comhlachtaí ola ó Mheiriceá. B'fhéidir gur chóir dúinn uilig boycott níos mó ná sin a dhéanamh orthu agus gan earraí Meiriceánach ar bith a cheannach. Tá sé thar am dúinn cic eile sa tóin a thabhairt don chultúr coca-cola.

An Draoi Rua.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland