Top Issue 1-2024

22 February 2001 Edition

Resize: A A A Print

Ag Ionsaí na hIaráice

Nach raibh a fhios againn go mbeadh fonn troda ag George W. Bush agus é mar Uachtárán? Níl sé i bhfad sa phost ach feictear gur mhaith leis gabháil i mbun feachtas cogaíochta cheana féin.

Thug an t-Uachtárán Bush ordú buamaí a scaoileadh ar an Iaráic oíche Aoine 16 Feabhra. De réir an ráiteas a d'eisigh rialtas Mheiríca, lean an buamáil ar feadh uair a chloig.

Ar an drochuair, ní bheidh an fhírinne iomlán ar fáil dúinn agus caithfidh brath ar ráiteasaí na Sasanaigh agus no bPoncánaigh le léargas ar bith a fháil ar an scéal. Faigheann an fhírinne bás i bhfeachtas cogaíochta agus bolscaireacht le scaipeadh ag an lámh láidir.

Ar aon nós, b'é an leithscéal a bhí acu don bhuamáil ná go raibh bagairt ann d'eitleáin SAM agus na Breataine sa chrios ina raibh cosc ar eitilt ag an Iaráic. Caithfidh a admháil, nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta ar an chrios ina bhfuil cosc ar eitilt ach gur rud é seo a chruthaigh na Meiriceánaigh féin. Duirt siad go raibh córas radair curtha ar bun ag an Iaráic agus go raibh cuid acu lonnaithe sa cheantar ina raibh cosc i bhfeidhm. Anois, ar an chéad dul síos, tuigtear nach raibh rud ar bith ag eitilt ag na Iaráicigh sa chrios seo agus mar aon leis sin, ní raibh ach `cuid' den chóras radair lonnaithe sa cheantar.

Ar ndóigh, deirtear linn sa ráiteas céanna go raibh an Pentagon ag iarraidh deireadh le bagairt a bhí ag teacht ón Iaráic agus nach raibh siad ach á chosaint féin. Is maith leo locht a bpeacái féin a chur ar na Iaráicigh i gcónaí. Maise, is iad na scéimhleitheoirí an dream leis na gunnái is lú. Taobh istigh be bhréaga na bponcánaigh, deirtear linn gur éirigh l'eitleáin Mheirícea agus Shasana pilleadh slán. Seá, nach raibh muid uilig buartha! Lena chois sin, insítear dúinn sa ráiteas ón Phentagon gur ionsaí gnáthamh a bhí ann ar mhaithe leis an chrios gan eitilt agus saighdiúirí SAM a chosaint. Más gnáth ionsaí a bhí acu, b'fhéidir go bhfuil sé ar intinn ag na poncánaigh a thuilleadh iosaithe a dhéanamh amach as seo.

Deirtear linn nár maraíodh duine ar bith ach gur gortaíodh naonúr. Ach an dtig linn a dhath ar bith a chreidbheáil? Níl na sonraí iomlán ar fáil fán mhéid a tharla deich mbliain ó shin nuair a thosaigh Daidí George Bush leis an léirscris. Nach athairiúil an mac é George W. agus gach cuma air gur mhaith leis leanstan ar aghaidh leis an slad.

Is cuimhin liom a bheith ag breathnú ar an sraith teilifíse `X-Files' oíche áirithe. I rith an cláir, nochtaíodh an teoiric gur cruthaíodh Saddam Hussein agus nach fíor-duine é ar chor ar bith. Gan amhras, tá bunús na fírinne ag baint leis an teoiric áirithe seo. Cuirtear an oiread sin suime i ndéantús agus i ndíolacháin airm i Meiriceá, ní nach íonadh gur tháinig a leithéid de Saddam Hussein chun cinn. Ar ndóigh, leantar ar aghaidh l'armlónna a dhíol ar fud an domhain go fóill. Is dócha gurb é an rud is íontaí ná nach bhfuil níos mó carachtair cosúil le Hussein ar fud na cruinne.

Cinnte, tá a lán airgid le déanamh as tionsclaíocht airm. Dá bhrí sin, beidh George W. Bush ag iarraidh an tionscalaíocht céanna a fhorbairt ar mhaithe lena chairde atá taobh thiar de dhéantús gunnaí agus eile. Déantar neamhaird de fhadhbanna Mheiriceá féin nuair atá siad i mbun cogaidh. Deirtear le daoine sna SAM gur chóir dóibh bochtanas, dífhostaíocht, fadhbanna drugaí agus eile a fhulaingt nuair atá cogadh ar siúl.

Chomh maith leis sin, creidtear go mbíonn níos mó clú agus cáil ar Uachtarán nuair atá sé i mbun feachtas cogaíochta. Ar an drochuair, níl ach réim George ag toiseacht, cad é eile atá i ndán do domhain aige?

AN DRAOI RUA

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland