Top Issue 1-2024

15 February 2001 Edition

Resize: A A A Print

SLÓGRA 2001

SLÓGADH ÓGRA SHINN FÉIN, Gaoth Dobhair, 9-11ú Feabhra


Tá Slógradh 2001 thart anois, ach ní dhéanfar dearmad air ar feadh i bhfad acu siúd a bhí i láthair. Thosaigh imeachtaí an tSlógaidh go hoifigiúil maidin Dé Sathairn, ó tharla daoine a bheith ag taisteal ón uile Chúige ar an Aoine. Ba é príomh-aidhm an tslógaidh ná tuiscint a thabhairt do dhaoine óga ach go háirithe ar imeachtaí na bliana 1981 trí aoí-chainteoirí a chur ag labhairt faoin Stailc Ocrais, a cúlra agus a hoidhreacht, ach ar bhealach neamhfhoirmeálta. Agus baineadh an sprioc sin amach go deimhin.

Ba iad Eoghan Mac Cormaic agus Donnacha Mac Niallais a chur tús le Slógradh 2001. Chaith an bheirt seo an bhliain 1981 sa Cheis Fhada i gcomhluadar an deichniúr a fuair bás ar son a gcearta mar chimí polaitiúla. Míníodh dóibh siúd a bhí i láthair gur mheas leithéidí Sands, Mhic Dhomhnaill, Uí Dhochartaigh agus eile gnáthdhaoine a bheith iontu dar féin. Ba léir ón tsuim a chuir na hógánaigh a bhí i láthair gur mheas siad laochra a bheith iontu siúd ar fad a bhí páirteach sa streachailt sna príosúin le linn an ama sin - stailceiorí `81, stailceoirí gheimhreadh `80 agus lucht na pluide idir fir is mná, agus a lucht tacíochta ar an taobh amuigh.

Tá go leor tarlaithe ó bhí 1981 ann ar ndóigh agus ní mór dúinn oidhreacht na stailce a thuigbheáil. Dá bhrí sin bhí Barra Mac Giolla Dhuibh (TTR) i láthair chun léargas a thabhairt ar atá tárlaithe ó shin i leith. I dtosach afách chuala lucht Ógra faoi shaol an déagóra ar an taobh amuigh faoin am. Ba léir dóibh siúd a d'éist le caint Bharra gur thréimse chorrach an t-am céanna ar an Charraig Mhór agus in Éirinn i gcoitinne. Ba mhór an sult a baineadh as na mionscéalta a d'inis Barra faoi eachtraí a tharla dó le tamall anuas sa tionól.

Cuireadh deireadh le `obair' an lae le cur síos ar ghnó Fhoras na Gaeilge ag Gearóid Mac Siacais, ball de chuid Shinn Féin ar an bhForas Teanga. Mar an gcéanna leis an chuid eile den lá bhí an dá-theangachas ag baint le seo chomh maith leis an Ghaeilge amháin agus ghlac chuile dhuine úsáid as an atmasféar neamhfhoirméalta chun ceisteanna a chur agus moltaí a thabhairt. Ag deireadh an tréimhse plé seo, mhol Gearóid pátrúin an tSlógaidh as an tsuim a léirigh said agus mhol dóibh úinéireacht a thógáil ar thodhchaí na teanga.

Caitheadh an iar-nóin sa cheantar mórthimpeall - shíuil roinnt daoine, imríodh cluichí agus casadh ceol. Istoíche sheinn ``The Spirit of Freedom'' i gCroithlí agus bhí spraoi ag cách. Sular imigh an slua an lá dár gcionn d'amharc daoine ar chlár TG4 faoin Athair Mór Mac Pháidín.

Le Daithí Mac an Bháird


Aghaidh Nua ar an Chac Chéanna



B'fhéidir gur leor do roinnt daoine a chloisteáil go bhuil Gaeilge aige go dtig leo vóta a thabhairt dó, ach bheinn go mór in amhras fá Mhicheal Noonan agus cad atá ar intinn aige do mhuintir na hÉireann.

Níor chuala mé an fear seo ag caint i nGeailge riamh go dtí le déanaí agus é i mbun feachtas toghcháin le bheith mar cheannaire ar `Fine Gael'. Cinnte, tuigeann sé go bhfuil sé tábhachtach do pholaiteoirí úsáid a bhaint as gach gléas bolscaireachta agus b'é sin an fáth nach raibh a ghuth le cloisteáil ar Radio na Gaeltachta cheana.

Admhaím gur baineadh geit asam nuair a d'aimsigh mé an gaeilgeoir áirithe seo ag nochtú é féin i nglór Mhichael Noonan ach ba mhó an geit a bhainaedh asam ag éisteacht leis an mhéid a bhí le rá aige. Dúirt sé gur náisiúnach a bhí ann agus gur náisiúnach a bhí ann riamh. Tá a leithéad dochreidte nuair nach féidir liom smaointiú ar rud ar bith atá déanta aige ar son na hÉireann, ar son maitheasa mhuintir na tíre ná ar son an phróiseas síochána go dtí seo.

Amach anseo, agus é mar cheannaire ar Fhine Gael, is dócha go mbeidh sé le cluinstin níos minice ar Radio na Gaeltachta. Maise, tá gach uile vóta tabhachtach nuar atá sé de chuspóir ag duine a bheith mar thaoiseach.

Gan amhras, beidh Michael Noonan ar RnaG comh minic agus a ligfear dó. Seans go mbeidh siad ag cur Micheál Ó Nuanáin air amanta, ach ní dóigh liom féin go bhfuil a shloinne gaelach tuilte aige nuair nach bhfuil sé ar fáil in áiteanna eile.

Ar aon nós, cad atá déanta aige ar son na Gaeilge? An bhfuil sé buartha go bhfuil bille ár dteanga curtha ar an mhéar fhada? Beidh sé suimiúl anois fanacht agus éisteacht faoin mhéid atá sé á ghabháil a gheallú dúinn.

Cé go bhfuil Michael Noonan i ndiaidh `teacht amach as an chófra' agus an tuiscint nua-aimsithe aige gur náisiúnach é anois, tuigeann sé gur nach dtig leis comhoibriú le náisiúnaithe atá bainte le Sinn Féin. Gabh mo leithscéal, ach nach bhfuil an tuirim chéanna ag dílseoirí.

Tá sé mar chuspóir ag Michael Noonan íomhá iomlán nua a chruthú, agus é den bharúil gur féidir leis dallamullóg a chur ar dhaonra na hÉireann leis. Mar chuid den chleas seo, ní bheidh an tUasal Noonan ag glacadh le seiceanna níos mó ná £1000. Dá bhrí sin, in ionad seic amháin £100,000, glacadh sé le chéad seic £1000. Creideann sé go dtig leis a rá gur polaiteoirí macánta iad i bhFine Gael, ach nár inis fiosrúchán Moriarty dúinn gur ghlac sé féin agus Jim Mitchell le seiceanna breátha. Is dócha, áfach gurb fhearr leis go ndéanaimid dearmad fosta fá thréimhse a chaith sé mar Aire Sláinte. Bhí sé chomh tuisceanach le galar marfach le linn an ama seo. Bhí a fhios ag an tsaol mhór nár léirigh sé trócaire ar bith don bhean úd a fuair bás de Heip.C. I ndáiríre, rinne sé ionsaí uirthi agus í ar leaba a báis. Ní dúirt sé riamh go poiblí go raibh brón ar i ndiadh bagairtí dlí a chur ar an bhean bhocht. Rinneadh dearmad ar an chás ag an am nuair a d'fógraíodh eile i 1997. Seá, cuireann sé an locht anois ar na dlíodóirí a bhí timpeall air, ach ar ghlac sé le comhairle nó arbh eisean a chum?

Tá go leor rudaí amhrasach l'aimsiú againn go fóil i dtaobh Michael Noonan. Beidh i bhfad níos mó le chloisteáil uaidh ach cuimhneoimid i gcónaí go ndeir sé níos mó ná a phaidreacha.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland