Top Issue 1-2024

8 February 2001 Edition

Resize: A A A Print

Daithí Adams: On the boards again

LE GEARÓID Ó CAIREALLÁIN
Scáil an Ghunnadóra
Le Seán O'Casey
Aisling Ghéar comhlacht amharclainne

17 mbliana a chaith Daithí Adams faoi ghlas as a ról sa sracadh i gcoinne arm agus Rialtas na Breataine.

Thug an taithí is an cúlra seo léargas ar leith dó agus é ag glacadh páirte sa dráma iontach úd Dialann Ocrais, dráma faoi stailc ocrais na Ceise Fada.

Anois tá Daithí ar ais ar an stáitse, an iarraidh seo ag glacadh príomhról i leagan Gaeilge de mhórdhráma Sean O'Casey, `Shadow of a Gunman.'

Déanfaidh an compántas drámaíochta Aisling Ghéar `Scáil an Ghunnadóra' a léiriú sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaoire ón 15-17 Feabhra, I dTaibhdhearc na Gaillimhe 21-24 Feabhra agus i gCultúrlann Bhéal Feirste ón 26 Feabhra go 3 Márta.

Seo an dara huair ag Daithí Adams a bheith ar stáitse le hAisling Ghéar ó ligeadh saor ón Cheis Fhada é i mí Iúil seo caite, duine de na cimí deireanacha a ligeadh amach mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chnéasta.

``Níor shamhlaigh mé riamh go mbeinn thuas ar an ardán,'' arsa Daithí. ``Is dúshlán mór é an aisteoireacht agus is diaidh ar ndiaidh atá mé ag foghlaim na scileanna atá de dhíth orm. Tháinig Aisling Ghéar chugam sé mhí ó shin agus d'iarr siad orm páirt a ghlacadh i léiriú `Dialann Ocrais', dráma faoi stailc ocrais na Ceise Fada agus bás na stailceoirí sna Blocanna H.

``Ba leisc liom dul i dtreo na haisteoireachta ach mhothaigh mé dualgas orm bheith páirteach sa dráma seo, dráma a léirigh ar bhealach ar leith an méid a d'fhulaing lucht pluide agus na stailceoirí ocrais.

``Bhí mé féin ar an phlúid am na stailce ocrais. Thóg sé cuid mhaith asam, ar leibhéal fisiciúil ach go háirithe ó thaobh na mothúchán de. Bhí sé iontach crua a bheith ag maireachtáil as an úr na laethanta úafásacha sin agus bás na stailceoirí ocrais. Ach bhí lán tí againn beagnach gach áit a ndeachaigh muid agus chuaigh an dráma i bhfeidhm ar dhaoine.''

Lena íníon óg féin chonaic sé go raibh an t-aos óg ar bís chun eolas a bheith acu faoin stailc ocrais agus faoin tionchar a bhí aige ar an phobal náisiúnach an t-am sin.

``Ba é sin an rud is mó a mhothaigh mé faoi Dialann Ocrais'' arsa Daithí.''Gach áit a ndeachaigh muid bhí slua mór daoine óga ann ag iarraidh fáil amach faoin tréimhse sin. Tá tionchar na stailce ocrais le mothú ní amháin sa ghlúin s'agamsa ach sna glúnta atá ag fás aníos anois.''

D'éirigh thar barr le Dialann Ocrais a léirigh Aisling Ghéar i nGaillimh, i nDoire, i dTír Eoghain, ar an Iúr agus i m Béal Feirste.

Bhí iomlán tí gach oíche den 10 lá a léiríodh é sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Tá dúshlán de shaghas eile i gceist anois ag Daithí ina ról nua mar Séamas Ó Siadhail i ndráma O'Casey `Scáil an Ghunnadóra.'

Ach beidh faill ag léitheoirí An Phoblacht a dtuairim féin a thabhairt faoi sin má théann siad lena fheiceáil sa Pavilion, sa Taibhdhearc, nó sa Chultúrlann.

Maidir le cúrsaí polaitiúla tá Daithí muiníneach go bhfuil gluaiseacht na Poblachta sa treo ceart.

``Tá mé muiníneach as an cheannaireacht'' ar seisean. ``Bhí a mbunús acu ann ón tús iad féin agus tuigeann siad an scéal. Tá mé dóchasach go mbainfimid ár n-aidhmeanna amach.''

Gach eolas faoin dráma seo ó Bhéal Feirste (90) 208040.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland