Top Issue 1-2024

8 February 2001 Edition

Resize: A A A Print

Méar Fhada ar ár dTeanga

De réir an rialtas, ní bheidh an Bille Teanga réidh anois go dtí deireadh na bliana. Bhí sé geallta an bille a chur i bhfeidhm i 1998 ach ó shin i leith, tá sé curtha siar arís is arís eile.

Ní léiríonn an rialtas seo go bhfuil siad i ndáiríre fán bhille seo ar chor ar bith. Deirtear linn go bhfuil obair á dhéanamh ar an bhille ó 1998, ach níl fianaise dá laghad ann go bhfuil a dhath déanta. Le fírinne, tá gach cuma ar an scéal go mbeidh an rialtas ag iarraidh moill eile a chur ar an bhille roimh theacht an Nollaig arís.

B'fhéidir nár mhaith leo an bill a bheith réidh taobh istigh de théarma an rialtas seo agus é a fhágáil mar dhualgasd ar an chéad dream eile atá le teacht isteach. Ar ndóigh, leanfaidh an cleasaíocht céanna ar aghaidh go deo, má ligtear dóibh. Cinnte, níl cuma ar pholaiteoirí na Sé Chontae is Fiche go bhfuil an Ghaeilge gar dá gcroíthe. Má tá croíthe acu, is grá don airgead a léiríonn siad.

Caithfidh níos mó brú a chur ar an Aire Stáit, Éamon Ó Cuív, i dtaobh an ábhair seo. Creidtear go bhfuil stáitseirbhísigh i ranna an rialltais ag moilliú an oibre toisc nár mhaith leo an bille a fheiceáil i bhfeidhm. Nach ar Ó Cuív atá an dualgas a chinntiú go bhfuil obair an bhille seo curtha i gcrích i gceart.

Is é Éamon Ó Cuív an t-úrlabhra is láidre atá ag Fianna Fáil ``ar son na Gaeilge'' ach b'fhéidir gur chóir dúinn a sheasamh féin a cheistiú fosta. Le déanaí, seoladh polsaí teanga ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an t-Aire Stáit, Ó Cuív, i láthair ag an ócáid. Mar aon l'aidhmeanna dearfacha ar son na Gaeilge a fhoilsiú, bhí córas aistriúcháin le cluasáin seolta chomh maith. Deirtear gur chosain an córas aistriúcháin suas le £30,000 a bhunú. Anois, cé go raibhpolsaí teanga agus aistriúcháin díreach bunaithe ag an am, réitigh Ó Cuív labhairt i mBéarla. Ní léiríonn ghníomh mar seo go bhfuil sé i ndáiríre le slánú na Gaeilge.

Is bille fíorthábhachtach an bille seo le cearta Gaeilgeoirí a chosaint. Cé gurb í an Ghaeilge teanga oifigiúil an stáit, is beag aitheantais a fhaigheann sí ó institiúidí rialtais agis eile. Tá sé thar am don Ghaeilge a bheith ar bhonn comhionannais leis an Bhéarla sa tír seo agus is náireach an méid atá déanta ag stát na Sé Chontae is Fiche go dtí seo. Tá gach cosúlacht go ligtear do chomhlachtaí, do lucht gnó agus d'institiúidí stáit neamhaird a thabhairt don teanga agus is cuma sa tsioc leo faoi ár dteanga `oifigiúil' a chosaint.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland