Top Issue 1-2024

25 January 2001 Edition

Resize: A A A Print

Fáilte roimh Bhás

Is breá leis na poncánaigh a bheith ag trácht ar shaoirse s'acusan, ar dhaonlathas, agus ar an bhrionglóid Mheiriceánach. Ní dóigh liom féin go bhfuil mórán saoirse, daonlathas ná brionglóid sa pholsaí atá acu daoine a chur chun báis. Tromluí ceart atá ann.

Tuigtear gurb iad fir gorma bochta is mó a cuirtear chun báis i ndiaidh dóibh blianta a chaitheamh ar `scuaine an bháis'. Cinnte, dá mbeadh an t-airgead acu, bheadh siad in ann na dlíodóirí is costasaí sa domhan a fhostú agus cás a dhéanamh le `cruthú' nach raibh siad ciontach.

Is olc an rud é go leantar ar aghaidh le daoine a mharú mar seo sna laetha comhaimseartha seo. Mar aon leis sin, ní chreidim go mbeidh mórán athrú ar an scéal agus George W. Bush i réim san Uachtaránacht thall.

Tuigimid gur thacaigh sé go mór leis an pholsaí daoine a chur chun báis agus é mar ghobharnóir i dTexas. Ar an drochuair, tá gach cuma ar an scéal gur in olcas a bheas an cás ag éirí agus `scuaine an bháis' ag méadú.

Níos measa fós, ach cuirtear an-shuim sna básanna seo ag cuid mhór de na meáin cumarsáide i SAM. Is aoibhinn lean lán acu nuacht iontach a dhéanamh as a mbás.

Tá Timothy McVeigh ag fanacht lena bhás i Mei Bealtaine seo chugainn agus é ciontach as buama ollmhór a phléascadh in Oklaholma i 1995, a mharaigh 168 duine agus a ghortaigh breis agus cúig chéad.

Tá cead ag McVeigh tríúr duine dá chuid féin, beirt dlíodóir, agus comhairleoir spioradálta a bheith i láthair ag a bhás. Beidh roinnt suíocháin ar fáil do lucht an rialtais agus deichniúr ionadaí ionadaí ó na meáin cumarsáide.

De ghnáth tugtar cuireadh d'ochtarduine muinteartha a leithéid de bhás a fheiceáil. Anois, tá rialtas SAM ag tabhairt cuireadh do dhaoine mhuinteartha luxht a maraíodh agus do chách a d'éirigh slán as an bhuama teacht agus breathnú ar a bháis. Meastar go bhfuair níos mó ná 1,100 duine cuireadh mar seo feiceáint ar Timothy McVeigh ag fáil bháis l'instealladh mharfach.

Beidh le feiceáil go fóill, cé mhéad duine a bheas sásta glacadh lena gcuireadh. Ní thuigim féin cad chuige a mbeadh duine ar bith ag iarraidh breathnú ar dhuine curtha chun bháis mar seo?

Creideann úrlabhraí an phríosúin go bhfuil éileamh mhór ann i mbás Timothy McVeigh go háirithe. Is é sin an fáth a bhfuil an oiread sin cuiridh tugtha amach acu. Tá siad ag smaointiú a bhás a chraoladh ar theilifís taobh istigh den phríosúin sa dóigh is go mbeidh deis ag chách breathnú air. Deir siad go dtagann an éileamh seo ó mhuintir Oklahoma féin.

Fá láthair, níl seasamh ar bith glactha ag McVeigh ná a chuid dlíodóirí maidir leis an mhéad duine a bheas ag freastal ar ócáid a bháis.

Is uafásach an scéil é go bhfuil an oiread sin suime ina bhás.

Cruthaítear seanphictiúirí gránna de dhaoine crochta chuin bás go poiblí agus cách a raibh i láthair ag scairteadh is ag béiceáil agus iad ag tacú leis an bháis. Cé nach féidir le duine ar bith tacú le buama Oklahoma, ní chuidíonn bás McVeigh leis an mhéad a maraíodh ná a ghortaíodh ar an lá tubaisteach úd i 1995.

An Draoi Rua.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland