Top Issue 1-2024

11 January 2001 Edition

Resize: A A A Print

Camiléireacht Compaq

Is úafásach an scéal é go bhfuil Compaq, comhlacht Éireannach, tuillteanach ollríomhaire a chruthú ar mhaithe le trialacha a dhéanamh ar airm núicleacha. Ar ndóigh, is ar son Roinn Fuinnimh na Stáit Aontaithe a dhéanfaidh siad an obair seo.

De réir na nuachta a tháinig chun cinn na seachtaine seo, tógfaidh Compaq i nGaillimh an ollríomhaire seo le bronnadh ar an saotharlann náisiúnta rialtas Mheiriceá atá lonnaithe i Los Alamos, Meicsiceo. Tuigtear gur ins sa cheantar seo atá scrúidithe éagsúla núicleacha ar siúl ag SAM ó na daicheadaí.

Deirtear go gcosnóidh an ríomhaire £200 milliúin le tógáil. Creidtear go mbeidh cuimhne an ghléis nua 15,000 n-uaire níos mó ná gnáth-ríomhaire tí agus go mbeidh sé daichead uair níos gaiste ná an inneall atá in úsáid fá láthair.

Muna raibh siad i ndáiríre agus an scéal chomh scanrúil agus chomh contúirteach sin, bheadh an méid atá le rá ag Compaq féin greannmhar. D'eisigh siad ráiteas ag rá go bhfuil ollríomhaire a chruthú acu a dtiocfadh a úsáid ar a lán dóigheanna ach nach bhfuil sé le feidhmniú ar chúis ar leith. San am céanna, tuigeann an comhlacht go mbeidh sé in úsáid i trialacha núicleacha. Deir siad go mbeidh an ollríomhaire seo ábalta airm núicleacha a thomhas ó thaobh slándála agus éifeacht. Tráchtann siad sa ráiteas fán bhuaireamh atá ann nach féidir a bheith cinnte fá slándálacht airm atá ina luí thar tréimhse fhada ama. B'fhearr le Compaq trialacha ríomhaireachta a dhéanamh ar na hairm núicleacha seo in ionad iad a phléascadh.

Is é mo bharúil féin nach bhfuil airm núicleach slán ach uair amháin - nuair atá siad as feidhm. Ní chóir go mbeadh comhlacht Éireannach ag tacú l'airm núicleacha ar dhóigh ar bith. Cad chuige a ligeann rialtas 26 chontae cead don obair seo leanstan ar aghaidh?

Má glactar leis an ráiteas ó Compaq nár chóir dúinn a bheith buartha fán obair seo l'airm núicleacha, b'fhéidir gur cheart dóibh a bheith ag cruthú ollríomhairí do gach uile tír ar fud na cruinne. Is mar sin, bheadh siad ag tabhairt na teicneolaíochta núicleacha céanna dóibh uilig agus ag comhlíonadh polasaí neodrach de shaghas éigin.

Is cosúil go bhfuil tuiscint ar leith ag polaiteoirí na tíre seo ar an neodracht. Tuigimid go bhfuil Airí Rialtais ag iarraidh dallamullóg a chur orainn le tamaill anuas agus iad gníomhach i bPáirtnéireacht um Síochána. Lena cois sin, tá saighdiúirí geallta acu don Fhórsa Freagartha Gasta a bheas faoi cheannas na Náisiúin Aontaithe.

Go simplí, baineann sé seo uilig le cúrsaí airgid. Tuigtear go mbeidh ollmhéadú airgid ag gabháil i dtreo dream míleatach na tíre seo. Go fírinne, tá an pholsaí neodrach díolta acu cheana féin. Ach, cén praghas a fuair siad?

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland