Top Issue 1-2024

16 November 2000 Edition

Resize: A A A Print

Ár Samhlaíocht Féin

Creideann an Draoi Rua nach nglacann muintir na hÉireann a gcultúr féin i ndáiríre.

     
Muna bhfuil an teanga le feiceáil, glactar leis nach bhfuil sí in úsáid, agus muna bhfuil sí in úsáid, tá sí marbh i súile an phobail
Tharla go raibh mé ag caint le cara de mo chuid ar na mallaibh agus mé ag fiafraí dó cad é mar a bhí cúrsaí leis. Dúradh liom go raibh sé go hiontach agus spion bhreá air toisc go raibh sé díreach i idiaidh úrscéal a scríobh. Admhaím go raibh cineál éad orm ach ghabh mé comhghairdeas leis as ucht a shaothair.

Úrscéal speisialta a bhí ann agus é scríofa i nGaeilge aige. D'inis sé dom gur bhain sé an-sult as an mhéid a scríobh sé ach go raibh gaolta is cairde dá chuid dá chrá anois ag iarraidh air leagan Bhéarla a chur ar fáil den mhéid a bhí scríofa aige.

Anois, nuair a chuirtear rud i gcló dhátheangach, ní léitear ach teanga amháin de ghnáth. Uaireanta agus cumas léitheoireachta i nGaeilge measartha maith ag duine, tá sé níos fusa dó/di an leagan Béarla a léamh. Ní ghá dona leithéid de léithoir iarracht breise a dhéanamh leis an teachtaireacht a fháil agus cuireann sé/sí i gcéill gur léigh sé/sí an leagan Gaeilge.

Maidir l'úrscéal mo chara thuasluaite, níorbh fhiú dó leagan Gaeilge a chur ar fáil ar chur ar bith dar le roinnt mhór daoine sa tír. An méid sin ráite, agus an tuiscint go bhfuil gach duine sa tír seo dhátheangach, bheadh an tuairim acu nach gá do scríbhneoireacht ar bith a bheith againn i nGaeilge.

Ar ndóigh, ní thig le teanga ar bith forbairt gan ábhair scríbhneoireachta. Muna bhfuil daoine ag scríobh i nGaeilge, ní bheidh léitheoirí ann. Bheadh dhá mheán dár dteanga caillte againn go gasta.

I láthair na huaire, is beag aird a thugann nuachtáin náisiúnta ar teanga oifigiúil na tíre. Tuigtear go mbíonn corrshliocht i nGaeilge ag na páipéir laethiúla anois is arís ach cén uair a mbíonn ceanntheidil le léamh ar an phríomhleathanach. [Cinnte, caithfidh An Phoblacht a chur san áireamh chomh maith anseo.] Anois, muna bhfuil an teanga le feiceáil, glactar leis nach bhfuil sí in úsáid, agus muna bhfuil sí in úsáid, tá sí marbh i súile an phobail.

Caithfidh mé a rá go ndeachaigh ráiteas amháin de chuid Steve Biko i bhfeidhm orm féin blainta ó shin:

``The greatest weapon in the hands of the oppressors is the minds of the opressed.''

Ní choir go mbeadh orm sainmhíniú a thabhairt ar an mhéid a dúirt an fear uasal sin anseo.

Creidim go bhfuil cuid mhór den tír seo faoi dhiansmacht chultúir eile ar fad. Tá níos mó tuisceana acu ar níthe éagsúla ó Mheiriceá, ón Astráil agus ón Bhreatain ná mar a thuigtear i dtaobh a chultúr féin. Is léir go bhfuil níos mó measa ar réalta scannáin, amhránaithe popcheol, imreoirí peile... agus araile ...ná mar atá acu ar a muintir ná orthu féin fiú.

Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn gach uile ré dár gcultúr féin a chothú sa domhan chomhaimseartha seo. Is féidir leis an Ghaeilge a bheith beo agus ba chóir go mbeadh sí ar chomhchéim i ngach aon meáin sa tír seo go háirithe má tá muid i ndáiríre fán stadas oifigiúil atá aici. Níl againn ach cur i gcéill bréagach fá láthair.

Is mór an trua nach bhfuil a thuilleadh saothair á scríobh fá láthair. Ar ndóigh, bheadh sé deas dá mbeadh níos mó amhráin, drámaí, scannáin, cláracha teilifíse agus eile ar fáil i nGaeilge. Ba chóir dúinn an deis a ghlacadh ár samhlaíocht féin a scrúdu níos cruinne.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland