Top Issue 1-2024

2 November 2000 Edition

Resize: A A A Print

I ndiaidh an tSlógaidh... an dushlán.

Ar feadh i hbfad bhí poblachtánaithe sa tús cadhnaíochta i bhfeachtais ar son na Gaeilge. Le himeacht na mblianta, tá stadas na Gaeilge féin ag athrú. Chruinnigh gníomhaithe teangan Shinn Féin le chéile ag deireadh na seachtaine chun polasaithe an pháirtí a chur faoi chaibidil agus chun cuspóirí a leagan síos don tréimhse amach romainn.

Má bhí deireadh seachtaine gnóthach ag lucht na Gaeilge ag an Slógadh, níor stop cúrsaí ansin, nó chruinnigh gníomhaithe teangan poblachtánacha ó gach cearn den tír arís, trathnóna Dé Dómhnaigh i gContae an Lú chun stadas na Gaeilge i Sinn Féin a phlé.

Dhírigh lucht an chruinnithe aird ar gnéithe éagsúla cheist na Gaeilge, ina measc siúd úsáid na Gaeilge sa Tionól; straitéis chun an Gaeilge a fhorbairt taobh istigh an pháirtí amach anseo; tógáil agus athnuacháint polasaithe Shinn Féin maidir le Gaeilge sna meáin; polasaithe oideachais agus ar ndóigh obair an Fórais Teangan agus Fhóras na Gaeilge.

Bhí sé tráthúil a' leithéid de chomhdháil a bhíth ann, díreach i ndiaidh imeachtaí an tSlógaidh a raibh mar théama aige i mbliana ná `Oidhreacht na Stailceanna Ocrais : Fíche bliain ar Aghaidh. Bhí cách ag cuimhniú ar an bhéim a leag cainteoirí an tSlógaidh ar thionchar agus tábhacht na Stailceoirí Ocrais ar fhás na Gaeilge ó 1981 amach.

Scor bliana ó shin bhí poblachtánaigh - agus iarchimí ach go háirithe - sa tús cadhnaíochta i gcur chun chinn na Gaeilge agus cearta na nGael ó thuaidh. Thar ama, áfach, athraíonn na príorachtaí agus is fada Gaeil sa pháirtí ag rá gur chóir go mbeadh forbairt déanta ar stadas na Gaeilge sa pháirtí arís. Is léir go bhfuil go leor leor a dhéanann Sinn Féin ar son na Gaeilge ( agus ná ndéanaimid dearmad ar imeachtaí mar an tSlógadh féin; an leathanach Gaeilge in AP/RN; córas aistriúchán na hArd Fhéise; foilsiú na n-uile caipéisí polasaithe go dátheangach agus araile. Ach tá píosa fada ann ó rinneadh meas ar cé chomh maith nó chomh héifeachtach `is atá na rudaí seo ar fad agus ag éirí as an mhionchomhdháil Dé Dómhnaigh déanfar scrúdú, láithreach, ar conas a sheasann an Ghaeilge sa pháirtí.

Dúradh leis an chruinniú go bhfuil dul chun chinn déanta agus tuairiscíodh, mar shampla, go bhfuil cumainn lánGhaeilge bunaithe le gairid i nGaeltacht Gaoth Dobhair, an Daingin, an Rinn, Rath Cairn (a chéiliúraigh bliain de ghníomhaíochtaí le déanaí) agus go mbeidh cumainn nua faoi lán seol i ndá cheantar Gaeltachta i gConnacht roimh deireadh na bliana seo.


Slógadh den Scoth Slógadh Shinn Féin i Ráth Cairn



``Ceann de na Slógaidh is fearr''. Ba sin an breithiúnas a tugadh ó lucht freastaltha Shlógadh Shinn Féin i Ráth Cairn a reachtáladh ag deireadh seachtaine saoire bainc mhí Dheireadh Fómhair. Níl aon amhras faoi ach gur chuir an Slógadh seo dlús nua faoin Slógadh mar ócáid fhíor-thábhactach i bhféilire Shinn Féin. D'fhreastal níos mó ná 200 ar na himeachtaí oifigiúla agus bhí breis is 400 duine i láthair ag an oscailt oifigiúil le hUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams.

Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil, mheabhraigh an tUas. Adams an tábhacht a bhain le téama an tSlógaidh - cuimhniú siar ar agus ag breathnú ar aghaidh ar na stailceanna ocrais a thosaigh 20 bliain ó shin.

``Tá cuimhní difriúla againn ar fad ar an am an-chorraitheach sin.'' a dúirt sé. ``Tá cuimhní brónacha againn ar ár gcairde agus ár gcomrádaithe a fuair bás nó a d'fhualaing le linn bnliain na Stailce Ocrais ó Deireadh Fómhair 1981.'' Thagair sé freisin do chlanna na Stailceoirí Ocrais, ní hamháin siúd a chaill mic i 1981 ach ar chlanna Michael Gaughan agus Frank Stagg a fuair bás i 1975 agus 1976. Ach dúirt sé gur `` léir don domhan ar fad ní hamháin cé chomh cróga a bhí poblachtánaigh na hÉireann ach go raibh tacaíocht an pobail againn dár streachailt agus go raibh an pobal sásta seasamh linn agus go raibh siad sásta vóta a chaitheamh le iarrathóirí na H-Blocanna.

I slí amháin tá cúrsaí an tsaoil athruithe ó shin agus i slí eile níl. Labhair Gerry Adams faoin am a cuireadh cosc ar Shinn Féin an Slógadh a reachtáil i Ráth Cairn i 1986. ``Chuir Fine Gael iachall ar Comharchumann Ráth Cairn úsáid an Áras Pobail a dhiúltiú dúinn. Bhagair siad maoiniú an Chomharchumainn a tharraing siar dá mbeadh Slógadh Shinn Féin ar siúl i Ráth Cairn. Tá áthas orm sa deireadh thiar go bhfuil Rath Cairn bainte amach ag an Slógadh i mbliana, 14 bliain níos déanaí.''

Ag labhairt i nGaeilge agus i mBéarla leis na meáin chumarsaíde áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ag preas agallaimh san Áras Pobail, rinne sé comparáid idir an bac sin a cuireadh ar Shinn Féin i Ráth Cairn i 1986 agus an bac a bhí David Trimble ag iarradh a dhéanamh ar Shinn Féin sa Tionóil ó Thuaidh. Mhol sé nach ndéanfaí an mheancóg chéana mar is meancóg mhór a bheadh ann dá dtabharfaí neamhaird do cheart aitheanta agus cruthaithe Shinn Féin a thagann ó vótaí na ndaoine.

Maidin Sathairn faoi chathaoirleacht Janet Muller (Pobal) bhí díospóireachtaí bríomhara spreagúla le plé oscailte ar réimse leathan d'ábhair - príorachtaí don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do Shinn Féin agus d' Fhoras na Gaeilge. Is iad Gearóid Mac Siacais (Foras na Gaeilge), Seosamh Ó Cuaig (Údarás na Gaeltachta) agus Ita Ní Chionnaith (Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge) a thug aithisc ag an seisiún sin.

Bhí seisiún cainte faoi leith maidir leis an ``Tíogar Ceilteach'' mar a thugtar ar an borradh san eacnamaíocht faoi theideal ``Ag dáileadh an tSaibhris in Éirinn.'' Caomhghín Ó Caoláin, TD agus iarrthóir Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, Aonghus Ó Snodaigh na cainteoirí a labhair ag an mír seo den Slógadh. Ghlaoigh Caoimhghín Ó Caoláin ar an Rialtas ``buntáistí an Tíogair Cheiltigh a thabhairt dóibh siúd a thug an Tíogar ar an saol; na daoine atá ag obair, nó atá ag lorg oibre ar fud na tíre'' sa cháinfháisnéis a thabharfar isteach ag tús mhí na Nollag. Dúirt sé comh maith go raibh sé ag moladh don Rialtas an t-airgead iomlán atá le teacht ó na bancanna nár íoc cáin DIRT a chur ar fáil do Chúram Leanaí.

Ach tá níos mó ag baint leis an Slógadh ná díospóireacht agus cainteanna. Le linn an tSlógadh bhí taispeántas ceardaíochta agus ealaíne a bhain le tréimhse na stailceanna ocrais. Díreach i ndiaidh na hoscailte oifigiúil bhí ócáid speisialta chuimhneacháin agus mhacnaimh ar na stailceanna. Mar chuid den mhír seo labhair Séadna Breathnach, iarchime, ar a chuimhní mar chime in éineacht le Bobby Sands, léigh Eoin Mac Cormaic, aisteoir, sliochtanna aistrithe go Gaeilge as Dialann Bobby Sands agus léigh an file Collette Ní hAodha, filíocht na Stailceanna Ocrais. Anuas air sin bhí míreanna beaga de ``Seó Ráth Cairn'', Oíche Cheoil, Céilí Mór agus turas stairiúil mar chuid de chlár an tSlógaidh.

``Slógadh den chéad scoth a bhí ann agus táim an-bhródúil as Cumann Shinn Féin Ráth Cairn agus an bhuíoch de Chomharchumann Ráth Cairn agus de muintir Ráth Cairn as an bhfáilte a fhearadh romhainn agus as chuile rud a rinne siad dúinn le linn an deireadh seachtaine seo'', a dúirt an iarrthóir toghcháin i gContae na Mí, Seosamh Ó Raghallaigh

LE SEÁN Ó RIAIN, OCP CHUMANN RÁTH CAIRN


Sinn Féin Slógadh in Ráth Cairn an Outstanding Success



``One of the best Sinn Féin Slógadhs ever.'' That was the verdict of participants at Slógadh Shinn Féin in Ráth Cairn during the bank holiday weekend. It seems that this year's gathering will be remembered for giving a new vitality to Slógadh Shinn Féin and has firmly placed it as one of the most important events in the Sinn Féin and political calendar. This is even more important when one remembers that this is an all-Irish event and must be seen in the context of the view that used to exist amongst the media that Irish language events are not worth covering. Over 200 delegates attended the official event, with over 400 on hand to welcome party president Gerry Adams, who officially opened the Slógadh in Ráth Cairn.

Speaking at the opening, Adams reminded people of the theme of this year's Slógadh - remembering the Hunger Strikes of 20 years ago and looking forward to the future. ``We all have different memories of that turbulent time,'' he said. ``We have sad memories of fallen friends and comrades or of those who suffered'' He also remembered the families of the hunger strikers and not only of those who died in 1981 but the families of Michael Gaughan and Frank Stagg who died in 1974 and 1976. He went on to remind delegates that ``it was clear to the world not only how brave Irish republicans were at that time but that they also had the support of the people - that the people stood behind them and went out and voted for H Block candidates.''

Since then, there have been many changes and in some ways nothing has changed. The Sinn Féin President also referred to the ban on the Slógadh in Ráth Cairn in 1986. ``The Fine Gael government of the time threatened to withdraw all support for the Cooperative Society and forced the Ráth Cairn Cooperative Society to refuse permission to Sinn Féin to have use of the Community Centre.'' Adams continued that he was ``delighted that after 14 years the Slógadh has finally come to the Meath Gaeltacht of Ráth Cairn''.

Later, addressing a press conference in both Irish and English to the assembled local, national and international press in Áras Pobail Ráth Cairn, the Sinn Féin President compared the 1986 ban on the Slógadh in Ráth Cairn with the ban that David Trimble was trying to impose on Sinn Féin in the Six-County Assembly. He argued that the same mistake should not be made again and that it would be a big mistake to ignore the political mandate of Sinn Féin. He said it was the people who decided these matters and not David Trimble.

Saturday morning of the Slógadh saw lively debate on priorities for the Irish language, the Gaeltacht, Sinn Féin and Foras na Gaeilge. This session was chaired by Janet Muller (Pobal) and speakers included Gearóid Mac Siacais (Foras na Gaeilge), Seosamh Ó Cuaig (Údarás na Gaeltachta) and Ita Ní Chionnaith (Past President, Chonradh na Gaeilge).

Saturday night carried a debate on the ``Celtic Tiger'', as the upswing in the economy has been called. ``Sharing the Wealth'' was the theme of this part of the formal debates. Speakers included Caoimhghín Ó Caoláin, TD and Sinn Féin's candidate in Dublin, Aengus Ó Snodaigh. Ó Caoláin called on the 26-County government in next December's budget to ``share the benefits of the Celtic Tiger with those who were responsible for its birth and nurturing - workers and those who now need work''. He also said that he had proposed the government use all of the DIRT settlement monies recently received from the banks to be put into childcare services - where they are urgently needed.

Lest one might think that the Slógadh is only a formal event, it is important to point out that there was an important social and cultural element running through the whole weekend. During the Slógadh there was an exhibition based on the arts and crafts of the prisoners and hunger strikers. Immediately after the official opening, there was a special commemorative event which involved memories of an ex prisoner with Séadna Breathnach, a reading of extracts from Bobby Sands' diary by actor and former prisoner Eoin Mac Cormaic with recitation of poetry by poet Colette Ní hAodha. Other cultural events included segments from the Ráth Cairn Summer Show, Oíche Cheoil and on Saturday night a Céilí Mór.

Referring to the event, Sinn Féin Councillor and general election candidate, Joe Reilly said: ``It really was a fantastic Slógadh and I am very proud of the Sinn Féin Cumann in Ráth Cairn. We are also very grateful to Comharchumann Ráth Cairn and the Ráth Cairn community for the welcome extended to us and for everything they did for us during the weekend.''

BY SEÁN Ó RIAIN, OCP CHUMANN RÁTH CAIRN


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland