Top Issue 1-2024

27 January 2011

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Seachtain na Gaeilge ag teacht

LE NÍOS lú ná sé sheachtaine fágtha do thús oifigiúil Seachtain na Gaeilge 2011 tá obair ar siúl cheana le pleanáil agus eagrú imeachtaí; le poiblíocht a shocrú agus le hurraíocht a lorg ag coistí ar fud na tíre.
An tseachtain seo caite seoladh Lámhleabhar na Seachtaine, leabhrán a scaipfear ar scoileanna, clubanna agus coláistí le heolas agus samplaí de rudaí gur féidir le grúpaí agus daoine (nó daltaí) aonaracha a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí áitiúla. Amach anseo foilseofar leabhrán eile le liostaí d’imeachtaí ar bhonn contae, liosta a chuirfear le chéile nuair atá an tréimhse clárúchán imeachtaí dúnta ag deireadh Eanáir.
I measc na moltaí atá ann i mbliana thiocfadh le grúpaí a bheith ag tabhairt faoi aonach leabhar, bricfeasta nó maidin caife gaelacha, ceardlanna ar réimse leathan de théama mar chócaireacht, scríbhneoireacht, drámaíocht nó damhsa. Thiocfadh le daoine a bheith ag ullmhú comórtas: comórtais fhilíochta, comórtas cluichí Scrabble, comórtas díospóireachta agus araile.
Dóibh siúd arbh fhearr leo imeachtaí ealaíona d’fhéadfadh taispeántas a eagrú, taispeántas leabhar, pictiúir nó ceardaíocht nó thiocfadh an ealaín a bheith ar na sráideanna tríd chomórtas fuinneoga daite.
Ar ndóigh bíonn go leor imeachtaí ag bráth ar an aimsir ach is minice anois go n-eagraítear siúlóidí trí Ghaeilge, bídís ina dturais treoraithe staire nó seandálaíochta nó ina dturais dúlra amuigh faoin aer.
Tá stair fhada de ghníomhaíochtaí trí Ghaeilge ag an am seo den bhliain, ach ón rud a thosaigh amach mar Lá Mór na Gaeilge go ‘Seachtain’ na Gaeilge a mhaireann coicís; agus ó imeachtaí a bhí teoranta tráth do mhórshiúil nó céilí go réimse leathan d’imeachtaí a shásaíonn éilimh na hóige agus daoine fásta araon is léir go bhfuil an Ghaeilge ag fás i gcónaí. Is ócáid cheiliúrtha, spraoiúil í Seachtain na Gaeilge: bímís go léir páirteach ann.
Tuilleadh eolas ó www.snag.ie

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland