Top Issue 1-2024

23 March 2000 Edition

Resize: A A A Print

Comharthaí agóideacha

Tá sé deacair a chreidiúnt cé chomh ghníomhach `s atá muintir na tíre na laethanta seo. I mbeagnach gach sráidbhaile agus baile fearann in Éirinn tá feachtas nó feachtais faoi lán seol i gcoinne na forbartha seo nó an tionscnamh sin nó an plean siúd eile. Go deimhin, tá an tír ar agóid ach níl mé cinnte gur ar mhaithe na tíre ar fad a bhíonn gach stop a cuirtear le forbairt.

     
Tá siad in aghaidh, i gcoinne, agus in éadán. Go minic `sé an focal ``no'' a léann muid ar a gcuid comharthaí agus fógraí. Ach níl aon réiteach san fhocal `no'.
Bhíodh an trath ann nuair a bheadh comharthaí ar imeall bailte ag fógairt `Fáilte' nó ag insint don taistealaí agus turasóir cén t-ainm a bhí ar an bhaile nó sráidbhaile. Ach anois, in ionad Fáilte Go Baile Ainm Éigin léimis `Deireann Baile Ainm Éigin NO!' In ionad eolas faoi ainm an bhaile, tá eolas faoi sheasamh an bhaile ar chúrsaí cuaille guthán póca, ar chairn fhuílligh nó ar bhóthar nua. Agus, is minice an cur i gcoinne ná an claonadh i bhfabhar a scréadann na comharthaí móra nua seo.

Bhí turas agam, an deireadh seachtaine seo, ó thuaidh tríd Contae na Gaillimhe go Ros Comáin agus isteach go Liatrom. I mbaile ina dhiaidh baile, chonacathas dom, bhí comharthaí agóideacha le léamh. Comharthaí proifisiúnta. Comharthaí ar léir uatha go bhfuil feachtas eagraithe taobh thiar dóibh. Comharthaí a dhéanann pointe sóiléir, intuigthe, dobhréagnaithe. `Seo chugam baile amháin a insíonn do chách a thagann i gcóngarach dó go bhfuil pobal na háite chun an fód a sheasamh in aghaidh pleananna an Chomhairle - nó an Rialtais - carn fuílligh a lonnú sa cheantar. Is léir ó na comharthaí go raibh a leithéid de charn acu cheanna sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus gur fhulaing siad a ndothain le boladh, trácht, uisce truaillithe agus francaigh. Ní nach ionadh nach bhfuil siad sásta glacadh le hathoscailt carn dúnta nó ceann nua a fhorbairt ina áit.

I mbaile eile romham anois tá comharthaí den tsort céanna. An uair seo tá comharthaí lámhscríofa, gaothstroichthe, leathchaite, measctha le fógraí úra, móra, níos láidre déanta as adhmaid agus peinteáilte go proifisiúnta. Tuigeann an tiománaí gur thosaigh feachtas anseo tamall ó shin nuair a nár thuig bunus na háite go raibh fadhb ann. Níos déanaí tháinig tuiscint ar an phráinn agus gníomhú dá bharr. Ó feachtas aonair, neamhoifigiúil d'fhás feachtas foirleathan, bunaithe agus tacaithe i measc an chomhphobail. Cheapfá go mbeadh sé deacair carn fuílligh a bhrú isteach i gceantar atá chomh aontaithe seo ina choinne agus go fóill measann siad siúd atá i mbun an fheachtais nár chóir geilleadh orlach go dtí go bhfuil siad cinnte nach dtiocfaidh a dtromluí is measa i gcrích.

Baile ina dhiaidh sráidbhaile tá siad in aghaidh an chairn fhuílligh agus ansin, drithlíonn na comharthaí agus imíonn mílte agus ciliméadair gan agóid ar bith. Go tobann, áfach, tosaíonn siad arís, mar blathanna an earraigh ag gobadh amach ó chlaí an bhóthair. Anois tá mé i gceantar difriúil: comhphobal atá ag agóidíocht agus ag eagrú i gcoinne cuaillí gutháin. `Seo iad na daoine céanna, déarfainn, a sheas an fód trath in aghaidh craoladh micreatonn, daoine nach nglacfaidh le bagairt dofheicthe an chraolchurtha raidio - agus, is dócha, daoine atá in éadán scrios na timpeallachta feicthe ina measc.

Cá sheasann muid ar na ceisteanna seo? Tá sé éascaí go leor aird an phobail a dhíriú ar na cáipéisí polasaí Shinn Féin atá foilsithe le blianta beaga anuas ar an timpeallacht, ar athchiorcalú bruascair, ar chosaint na timpeallachta nádúrtha agus feicthe, agus ar chumhachtú an phobail ach uaireanta, nach bhfuil sna caipéisí ach an cheist a sheachaint? Má a thacaíonn muid le `ceart' daoine áitiúil diultú le carn fuílligh nó le cuaille gutháin póca, an ionann sé sin agus tacaíocht leis an polasaí an carn nó an cuaille a bhogadh agus a lonnú ar phobal eile i mball eile den chontae?

Bím idir dhá chomhairle nuair a léim na comharthaí agóideacha: ar lámh amháin, tuigim cás na ndaoine atá ag iarraidh gan fuílleach a fheiceáil agus a bholadh gach maidin, tuigim an imní atá orthu faoi fhrancaigh agus salachar agus truailliú ach tuigim chomh maith go gcaithfear rud éigin a dhéanamh leis an fhuílleach céanna agus go bhfuil dualgas ar na húdaráis áitiúla carn a oscailt áit éigin atá cóngarach go leor d'fhoinse na faidhbe a bheidh praicticiúil lena stiúradh. Foinse na faidhbe? Sinne.

Agus tá sé mar an chéanna leis na cuillí gutháin. Má tá sochaí ag iarraidh cumarsáid agus teagmháil reatha a bheith ann, agus má tá gutháin phóca san áireamh i gcúrsaí cumarsáide, ansin beidh cuaillí de dhíth. Aontaím nár chóir iad a lonnú in aice tithíochta nó scoileanna ach caithfear iad a lonnú áit éigin, go minic in áit nár mhaith linn is fíor, ach sin praghas an dul chun chinn.

Má tá gearan amháin agam leis na hagóidí beaga áitiúla seo, ins na céadta bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann, `seo é. Tá siad in aghaidh, i gcoinne, agus in éadán. Go minic `sé an focal ``no'' a léann muid ar a gcuid comharthaí agus fógraí. Ach níl aon réiteach san fhocal `no'. Níl ann ach diultú agus an fhadhb a aistriú go ceantar duine bocht eile. Is maith an rud é go bhfuil pobal na tíre gníomhach agus eagraithe, ach nara fearr i bhfad é dá mbeadh réiteach de shaghas éigin fógraithe ar a gcuid comharthaí? Chuirfinn níos mó dochas agus spéis i bhfeachtas mar sin.

Níl a sháith scríofa ag an Draoi Rua fá bhéaloideas Naomh Pádraig go fóill. Beidh an Draoi ar ais an seachtain seo chugain leis an dara alt uaidh i thaobh.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland