Top Issue 1-2024

11 November 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cúig Mhíle Fáilte

go Bóthar na Seanchille




Tá traidisiún na dToraithe beo ar Bhóthar na Seanchille agus tá an tUDA ag éirí saibhre dá bharr. An bhfuil comhlachtaí mar Cabletel ag maoiniú an UDA anois? De reir Johnny White, tá siad...


Níl a fhios cad a rith tríd intinn Stephen Spielberg, an tseachtain seo chuaigh thart, nuair a cuireadh iachall air deontas de £5000 a thabhairt do Johnny Adair agus Johnny White ionas go mbeadh cead aige leanstan ar aghaidh lena thionscnamh scannánaíochta ar Bhóthar na Seanchille. Is dócha gur cheap sé go raibh sé mar charachtar i gceann dá scannáin féin... nó i scannán de chuid Quentin Tarrantino, b'fhéidir agus peire bligeaird ag teannadh airgid as. Ach de reiri le tuairiscí is rud coitianta anois é an dúmháil agus an bhagairt ar chuairteoirí ar Bhóthar na Seanchille agus daoine a bhfuil fios a scéil acu ar na cúrsaí seo ag insint dúinn go mbíonnn buiséad áirithe ag na comhlachtaí móra chun an praghas a íoc nuair a tá siad ag cur cosa sa cheantar. Ar ndóigh, ní fheiceann White n´ø Adair an scéal sna téarmaí céanna. Rud `carthanach' atá sna híocaíochtaí dar leo. Gníomhú poblachtach, fiú, ar leas na ndaoine. Ina dhiaidh gur tuairiscíodh scéal an eachtra le Spielberg nár chuireadh agallamh ar White ar RTÉ inar shéan sé, ar ndóigh, go raibh aon bhagairt i gceist. Tá White, mar a tá a fhios againn, geallta do mhódhanna neamhfhoiréigneacha faoi théarmaí Caipéis Aoine an Chéasta agus tá Adair saor ó phríosún ar an bhonn ceanna. Ní nach ionadh go séanfadh sé aon bhaint ná gaoltas le bagairt nó iompar bagrach.

`Bíonn buiséad ag a leithéid de dhuine mar Spielberg' arsa sé ar RTÉ, `le haghaidh airgead a thabhairt ar thionscnaimh chomhphobail sna ceanntracha ina bhfuil siad ag scannánaíocht'. Mhínigh sé go raibh Spielberg ag iarraidh cuidiú le forbairt chomhphobal an cheanntair. `Níor iarradh air pingin a thabhairt. É féin a tháinig chun tosaí leis an bhronntanas. É féin a mhol airgead a thabhairt'. Chomhtharlú amach is amach gurbh é White agus Adair a phioc suas an mála thar cheann an chomhphobail. Ní raibh siad ach ag feidhmniú mar ionadaithe an chomhphobail, dar leis.

Agus níl aon rud nua é seo, mála airgid a fháil ó ghrúpa ag teacht isteach ar phaitse White agus Adair ar Bhóthar na Seanchille. Luaigh sé Cabletel agus grúpaí, comhlachtaí agus eagraíochtaí eile a thagann isteach `ag cur isteach' ar shaol na ndaoine agus a íocann nó a bhronann deontas (ar White agus a chomhleacaithe) mar chúiteamh ar an cur isteach sin. Cur isteach? Séirbhísí a sholathar don phobal agus Johnny agus a leithéid ag bailiú `cúitimh' as an cuir isteach?

Ní dóigh liom go mbeidh tagairt ar bith le léamh i gcuntaisí bliantiúla na gcomhlachtaí céanna ar an airgead seo a íoctar, go deonach de reir le White, ar chomhphobail na Seanchille. Is mó an tseans nach bhfuil a fhios `oifigiúil' ag éinne faoi. Agus má a íoctar airgead den tsort sin, `sé ionadaí an chomhphobail agus chan an comhphobal féin a bhaineann tairbhe as. Go pointe, má's fíor an mhéad a dúirt White ar RTÉ, tá comhlachtaí mar Cabletel ag maoiniú an UDA anois.

Mar chuid den tuairisc a rinne RTÉ luaigh siad figiúirí a chuireann le tuiscint go mbailíonn an tUDA breis agus mílliún punt in aghaidh na bliana trid brú a chur ar thógálaithe, lucht gnó, comhlachtaí agus anois, tcítear, déantóirí scannán. Ní nach ionadh go mbíonn White ag tiomáint gluaisteán barr na réimse. Bheadh sé deacair, go deimhin, an tUDA nó an páirtí polaitiúil a bhaineann leo, an tUDP ag maireachtáil gan foinsí airgid chomh láidir sin. Leoga, ina dhiaidh don lámh láidir a leagadh ar dhuine chomh cáiliúil le Spielberg is léir nach bhfuil an tUDA ag iarraidh a mbagairtí a chur i bhfolach, fiú, agus go bhfuil siad chomh muiníneach anois go dtig leo leanúint ar aghaidh ag bailiú dúmhála agus ag imirt bhagairt foiréigne ar chuairteoirí go Bóthar na Seanchille. Tá súil agam go raibh an ceamara ag obair nuair a d'íoc Spielberg a tháillí scannánaíochta. Nuair atá an £5000 sin caite cén fios nach dtiocfadh sé ar ais fa' choinne síntiús eile?


Comhoibriú na gCeardchumainn!



I ndiaidh vóta ar son cainte `Páirtíocht' eile a phlé, scrúdaíonn an Draoi Rua éifeacht na gceardchumainn in Éirinn sa lá inniú

Ní mó ná sásta a bhí trian d'altraí na tíre leis an mhéid a bhronn an rialtas dóibh i ndiaidh dóibh a bheith ar stailc ar feadh deich lá. Mar a luaigh duine as Gaillimh i litir chuig an nuachtán seo seachtain ó shin, níorbh fhiú dóibh a bheith ar stailc ar chor ar bith. Mothaíonn an duine céanna seo gur masla a bhí ann d'altraí na tíre glacadh leis an mhéid a thairgeadh dóibh agus déarfainn nach bhfuil sé/sí ar dhóigh ar bith bródúil as an seasamh a ghlac ceannairí na gceardchumainn dóibh agus iad ag moladh d'altraí glacadh leis an tairiscint. Is dócha go raibh lagmhisneach ar neart de na altraí is iad ag smaointiú nach dtiocfadh leo níos fearr a dhéanamh mar a dúirt a gceannairí leo. Mar aon leis sin, bhí sé deacair dóibh éisteacht fá na fadhbanna uilig i dtaobh na seirbhísí sláinte agus an dóigh gur iadsan is cúis leo. Anois agus an stailc thart, tá lochtanna a chur ar na haltraí go fóill. Ar aon nós, d'éirigh leis na ceannairí a dtuairimí féin a bhrú ar fhormhór na n-altraí agus socraíodh an stailc.

Níor socraíodh fadhbanna ár seirbhís sláinte agus is measa a bhéas cúrsaí muna bhfuil airgead fiúntach caite le feabhas a chur ar teicneolaíocht, lena thuilleadh altraí a fhostú, le bardaí a choinneáil foscailte is níos mó a oscailt agus lena lán deacrachtaí eile a réiteach. Ag amharc ón taobh amuigh, tá díomá orm féin fán seasamh a ghlac ceannairí na gceardchumainn agus déarfainn nach i m'aonar atá mé. Cad chuige ar mhol na ceannairí glacadh leis an tairiscint? Cad é a bhronnadh do na ceannairí? An bhfuair siad seiceanna ná a dhath? Uaireanta, bíonn amhras ar dhaoine nuair a bhíonn ceannairí ceardchumainn is lucht bainistíochta ar aon intinn lena chéile.

Ansin, Déardaoin seo chaite, ghlac toscairí ICTU le moladh gur chóir dóibh gabháil i mbun cainte le `Páirtíocht 2000' ag deireadh na míosa seo chugainn.

Tá cainteanna le tosú idir ceannairí na gceardchumainn agus rialtas na sé chontae is fiche roimh i bhfad. Deir lucht na ceardchumainn go mbeidh cainteanna dian rompu agus é ar intinn acu cearta na n-oibrithe a chur ós comhair an stáit. Beidh siad ag iarraidh cothrom na féinne a fháil do na hoibrithe i ndiaidh dóibh a bheith i mbun `Páirtíocht' éagsúla ó 1988 ar aghaidh. Creideann siad go bhfuil sé in am don stát íocaíocht breise a thabhairt do na hoibrithe as `eacnamaíocht an tíogar ceilteach' a chruthú.

Anois, caithfidh mé a léiriú láithreach gur fuath liom an téarmaíocht atá in úsáid anseo. Ar dtús, ciallaíonn `Páirtíocht' go mbíonn comhoibriú i gceist ach mar is léir dúinn níl a leithéid ag tarlú. `Eacnamaíocht an Tíogar Ceilteach' - tá an téarma céanna sin cluinste againn arís is arís eile agus lucht an rialtas ag brú bolscaireacht orainn fán dóigh ina bhfuil cónaí orainn i dtír saibhir cé nach n-insíonn siad dúinn go bhfuil an saibhreas uilig ag dream beag amháin.

Anois, tá sé deacair dom a chreidbheáil cad chuige a raibh ceannairí na ceardchumainn sásta glacadh le `Páirtíocht' ar bith. D'aontaigh siad glacadh le tairiscint an stáit ina mbeadh árdú íseal pá thar na blianta ag na hoibrithe agus nach mbeadh cead acu gabháil ar stailc. (Cuimhnítear gur sin cúis gearáin amháin a bhí ag Brian Cowen is a chomrádaithe go raibh na haltraí ag gabháil i gcoinne `Páirtíocht 2000' agus iad ag gabháil ar stailc.)

Creidim féin go bhfuil stáit na sé chontae is fiche agus lucht gnó ag déanamh cúis magaidh d'oibrithe na tíre agus iad bainte le `Páirtíocht'. Lena chois sin, b'fhéidir go dtiocfadh leat a rá go bhfuil ceannairí na gceardchumainn ag roghnú `saol an madaidh bháin' doibh féin as siocar nach mbeadh an oiread sin oibre ná strus orthusan agus iad bainte le `Páirtíocht'.

Sílim go bhfuil sé thar am do baill ceardchumainn iad féin a choinneáil ar an eolas fá gach uile rud atá ag tarlú i dtaobh a gcearta féin.. Ní chóir dóibh muinín a bheith acu ina gceannairí féin amháin óir thiocfadh leo ligint dóibh dallamullóg a chur orthu. In amanta brúinn na ceannairí polasaithe éagsúla chun tosaigh gan an oiread sin eolais curtha ar fáil do na baill. Dá bhrí sin, molaim do gach uile baill ceardchumainn ar fud na tíre muinín a bheith iontu féin, iad féin a choinneáil ar an eolas, agus maidir le réiteach `Páirtíocht' eile le bheith go mór in amhras faoi.

An Draoi Rua.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland