Top Issue 1-2024

28 October 1999 Edition

Resize: A A A Print

Slán le neodracht

Le luas agus práinneacht na nuachta ag athrú is iomaí an t-alt agus cinnlíne a foilsíodh de thaisme thar na blianta. Uaireanta bíonn na scéalta chomh chearr sin gur ábhar grinn atá sa `taisme'. Uaireanta eile tá siad ina n-ábhar fonóide do na nuachtáin a d'fhoilsigh iad. Ar an lá a lámhaíodh JFK i nDallas, mar shampla, bhí tuairisc i nuachtán ar an chosta eile de Mheiriceá go raibh an tUachtarán `slightly injured'. `Sé an rud a tharla ná go bhfuair an nuachtán an chéad tuairisc faoin lámhacht agus toisc nach raibh am acu fanacht ar níos mó sonraí ag teacht chucu, lean siad ar aghaidh leis an eagrán a bhí faoi lámha acu. in easpa an scéal ar fad. Faoin am gur foilsíodh an páipéar bhí Kennedy marbh. Má bhí sin íorónach, tá dea-shampla eile le fáil i scéal an nuachtán ar chosta iarthar na Stat Aontaithe a d'fhoilsigh grianghraf den Shuttle ag fágáil an t-ardán faoin cheannlíne `Another beautiful launch' nó focal mar sin. Ní raibh a fhios acu, ar ndóigh, gur cuireadh an seoladh den Shuttle siar, níos lú ná noiméad roimh an am cuí de bharr deacrachtaí teicniúla ach nach trua é gur fhoilsigh siad seanphictiúir ó sheoladh an chéid Shuttle roimhe sin bhí siad chomh muiníneach sin go mbeadh gach rud ag dul de réir pleana. Bhí na nuachtáin ag obair faoi shrian amchlár foilsithe ar ndóigh agus nuair atá spriocam i gceist ní féidir bheith cinnte nach rachaidh na pleananna is fearr amú.

Le teacht módhanna nua foilseoireachta méadaíonn na seansanna do mheancóga amhail sin a tharlú. Bíonn a `suíomh' féin ag gach saghas grúpa agus eagraíocht na laethanta seo agus de bhrí sin ní bhíonn go leor leor daoine ag brath ar `leagan' an scéil ó nuachtaáin. Thig le grúpaí a dtuairimí féin a thabhairt díreach don domhan idirlíne. Ach gluaiseann agus athraíonn an t-idirlíne céanna i bhfad níos scioptha ná nuachtáin, agus bíonn níos mó féidireachtaí ann i gcomhair `botún'.

Bhí sampla dár gcuid féin in Éirinn an tseachtain seo chuaigh thart nuair a foilsíodh scéal `anabaí' ar shuíomh idirlíne na bhFórsaí cosanta. Crochadh `fáilte' ar an tsuíomh ón Ghineáral Leifteanant David Stapleton, cheannfort `na forsaí cosanta' roimh chinniúnt rialtais theach Laighean dul i bpáirtíocht an PfP. Bhí an fáilte sin rud beag ro-luath, leoga, nó de bhrí bhás Sheáin Uí Loinsigh cuireadh an rialtas ar fhiongraí ar feadh seachtaine rud a chiall nach raibh deis acu an vóta a ghlacadh a thógfadh an stat isteach san PfP agus a chuirfeadh deireadh a bheag nó a mhór le neodracht na hÉireann.

De reir ráitis - ina dhiaidh dóibh an `fáilte' a bhaint den tsuíomh - d'admhaigh oifigeach preasa na bhfórsaí gur botún a bhí ann dreacht ráitis a sheoladh de thaisme. Dúirt siad, chomh maith, gur bhain siad an t-alt den tsuíomh chomh luath agus a fuair siad amach faoi ach de reir le go leor daoine, bhí sé ró-mhall faoin am sin. Bhí an damáiste déanta. Bhí saighdiúir ina dhiaidh méar a chois a chur isteach sa linn polaitiúil, rud a sharaíonn, ar ndóigh neodracht eile; neodracht na bhfórsaí cosanta ó chlaonadh polaitiúil.

An bhfuil ceart ag oifigigh - nó ball ar bith - de na fórsaí cosanta tuairimí a nochtadh faoi chinniúintí polaitiúla? Cheana féin, san fheachtas seo in aghaidh PfP tá roinnt ráiteas éisithe ag baill éagsúla dena fórsaí cosanta seo, ag iarraidh tionchar a imirt ar an díospóireacht agus tuairimí an phobail a athrú. Ní rud maith é go bhfuil lucht na ngineáral ag iarraidh obair na bpolaiteoirí a dhéanamh nó toil an phobail a athrú go mór mór ar ábhar tábhachtach, bunusach cosúil le PfP.

Cé go raibh ráiteas Stapleton anabaí, níl aon dabht ná go bhfuil rialtas Aherne chun an stat a thabhairt isteach san PfP agus droim a láimhe a thabhairt dá gheallúintí toghchána féin.. Sa chás sin, nuair a tharlaíonn an vóta, beidh na gineárail sásta nó is fada iad ag iarraidh ról domhanda a bheith acu. Tá PfP ina céim eile i dtreo NATO, i dtreo deireadh le neodracht.

Is bagairt ar shaol agus chultúr na tíre seo PfP agus is trua nach bhfuil feachtas níos láidre i gcoinne feall an rialtais agus comhcheilge na bpolaiteoirí chuige. Ach má's bagairt í, is bagairt ón taobh amuigh í. Scéal eile ar fad an bhagairt inmheánach atá ann don stat nuair a thosaíonn lucht an mhíleata ag gobadh a srón isteach i cinniúintí daonlathacha an phobail. Cad í an chéad chéim eile anois dóibh mura bhfaigheann siad a rogha cinniúint pholaitiúil? Sampla na ngineáral sa Phacaistín?

Mar a scríobh mé ag tús an ailt seo is ábhar grinn nó fonóide é nuair a foilsítear alt de thaisme. Ach an féidir nach de thaisme a foilsíodh an t-alt seo ar chor ar bith? An féidir gur foilsíodh é mar chuid d'fheachtas na ngineáral; iad ag éirí trodúil ina dhiaidh Cosobhá, agus Tiomór Thoir. An féidir é a mhíniú go bhfuil siad ag cinntiú go mbíonn a dtuairimí faoi PfP ar eolas ag cách ar eagla go mbeidh reifreann ann?

Deirtear gurb é bun agus barr ealaín na gCeilteach go mbíonn rudaí leanúnach, ciorcalach, gan tus ná deireadh. Agus dar leis an Draoi Rua, tá bliain úr Cheilteach ag tarraingt orainn.


Samhain



Mar a léirigh mé in alt a scríobh mé ar na mallaibh, brathann bliain na gceiltigh ar na séasúir. Muna thug tú fa' deara go fóill tá an geimhreadh anuas orainn Is é seo tús na bliana dúinn. Tosaíonn bliain na gCeiltigh le tús an gheimhridh. Ós rud é nach bhfuil an oiread sin oibre le déanamh taobh amuigh agus go bhfuil oícheanta fada romhainn, tá i bhfad níos mó ama againn le caitheamh ag áirneáil is ag machnamh faoin tsaol.

Admhaím go bhfuil daoine inar measc arbh fhearr leo an geimhreadh a chaitheamh sa leaba, ach is séasúr an léinn é an tréimhse seo den bhliain. Is cuimhin linn uilig na seanscéalta fa' na filí fadó is an dóigh a théadh duine acu amach chuig bothan beag cung agus go gcaitheadh sé tréimhse ina luí ar a dhroim sa dorchadas go dtí go dtiocfadh ionsporáid chuige i dtaobh ábhar dáin éigin.

Gan amhras, bíonn deis ag an intinn a chuid cumasaí a chleachtadh i rith an gheimhridh. Mar sin de, tuigimid cad chuige a ndeachaigh ár sinsir amach ag scéaltóireacht agus ag scaipeadh béaloidis thar an tréimhse seo. Ar ndóigh, sa lá atá inniú ann, tugtar níos mó airde ar an teilifís ná ar an tseanchaí.

Leoga, is é seo an tréimhse is fearr le gabhail amach agus roinnt béaloidis a bhailiú. Cuidíonn sé go mór leis an scéalaí a thuigbhéal go bhfuil tábhacht leis an eolas atá aige. Leoga, ní dhéanann sé dochar do dhuine ar bith cur leis an mhéid eolais atá aige fana mhuintir is a cheantar féin. Shílfeá go mbeadh i bhfad níos mó cumainn béaloidis bunaithe ar fud na tíre ach, le fírinne, is i gcorráit anseo is ansiúd a bhfuil a leithéid le fáil.

Mí na marbh a dtugtar ar Mí na Samhna riamh. Ní hé go gcaithimid an mhí uaigneach agus brónach, ach go gcuimhnímid ar ár sinsir agus ceiliúraimid an t-eolas a d'fhag siad ina ndiaidh. Cinnte, is iadsan an dream a thugann treoir dúinn go fóill. Dá bhrí sin, ní chreidim go mbíonn muid ag `caoineadh' ár muintir i rith na míosa.

Tosaíonn `saol eile' i ndiaidh an bháis, afach, agus is dócha gur sin an fath a chuimhníonn muid mar Ceiltigh gach deireadh le tús eile. Deirtear gurb é an creideamh seo bun agus barr ealaín na gCeilteach; go mbíonn rudaí leanúnach, ciorcalach, gan tus ná deireadh.

B'í `Oíche Samhna' an t-aon uair sa bhliain ina raibh deis ag anamacha na marbh teacht ar ais chuig an domhan seo agus coisir a bheith acu. Ba leosan an oíche seo agus sin an fath a mhol na seandaoine riamh fanacht istigh an oíche sin. Bheadh duine i gcontúirt dá dtiocfadh sé faoi chumhacht na marbh. Déarfainn go bhfuil níos mó eagla roimh an dream beo na roimh taibhsí inniu.

Inár dtimpeallacht, tuigtear go bhfaigheann seanphlandaí bás agus go dtiocfaidh fás agus forbairt úr san Earrach seo chugainn. Má scrúdaítear crann duilleogach, tuigtear go dtéann cumhacht na crainne nó an súlach istigh sa chroí sa stoc, rud a fhágann an crann níos láidre leis an gheimhreadh a fhulaingt. B'fhéidir gur chóir dúinn féin ceacht a fhoghlaim ó na crainn agus muid féin a dhéanamh níos cumhachtai lenár léinn thar an séasúr seo romhainn. Seans go mbeimis uilig rud beag níos ciallmhaire dá bharr le theacht an earraigh.

Rinneadh iarracht an teach a choinneáil slán ó spioraid éagsúla oíche Shamhna. Tá nós agam féin a chleachtaím go fóill le ruaig a chur ar drochshíoga agus a leithéidí. Is é an rud a dhéanaimse, ná faighim cloigeann cabaiste agus déanaim dhá leath de agus fágaim leath ag an doras tosaigh agus an cuid eile ag an doras chúl. Tá mé den tuairim go bhfuil bua ar leith ins an nós seo as siocair nach bhfaca mé taibhse ar bith le roinnt blianta. Bhuel ó thosaigh mé ag cleachtadh an seannós seo cibé scéil!

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland