Top Issue 1-2024

21 October 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cultúr Ciotach a Chruthú

Gan amhras, tugann na dílseoirí cúis gáire dúinn anois is arís. Is dócha gur chuala an chuid is mó de léitheóirí an pháipéir seo fán dóigh a bhfuil dílseóirí ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh teacht ar `a dteanga féin' ``Lálláns'' agus tús á chúr lé `athbheóchán'.

Bhí orm gáíre a dhéanamh nuair a léigh mé scéal san `Irish News' Dé Lúain seo chaite fá na fógraí dhátheangach a chuireadh in áirde I gceantar Chaisleán Ríabhach in oirthear Bhéal Feirste. Bhí an DUP den bharúil go raibh riachtanas ann le fograí `Lallans a chur in áirde agus go raibh muintir na háite ag iarraidh a leithéid le tamall. D'éirigh leo rún ar a son a chur tríd an Chómhairle Chontae gan stró agus fuair siad a gcuid fógraí. Bhí searmanas mór oifigúil ag lucht an Chomhairle ina chuireadh na fograi in airde. Chomh luath is a bhí an searmanas thart stríocadh anuas na fógraí. Anois, dá mbeadh tacaíocht iomlán ag lucht na háite ar son na fógraí seo, ní bheadh dilseoiri na sraide a mhilleadh oir b'e sin an rud a tharla. Leoga, ni raibh siad ábalta an difir a aithint idir ``Lallans'' agus an Ghaeilge.

Le fírinne, níl ach dream beag taobh thiar den gluaiseacht ``Lallans'' seo ach feictear go bhfaigheann siad barraíocht bolscaireachta dá bharr. Is iontach an méid tacaíocht atá ann dá leithéid nuair nach dtig leis an ghluaiseacht teacht ar chainteoir dúchais. Is cinnte go bhfuil suim bhreá airgid ag gabháil I dtreo an `Ulster Scots' agus is cur amú millteanach é.

Tuigim go raibh féile ``Lallans'' reachtaithe I mBéal feirste níos luaithe I mbliana ina raibh seachtain d'imeachtaí éagsúla as siúl. Déarfainn go raibh craic ag lucht eagraíochta agus iad ag cumadh damhsaí l'aghaidh an fhéile chéanna.

Tá sé dochreidte an méid airde atá tugtha don chultúr bhréagach seo agus an dream céanna atá chun tosaigh go huile iomlán in éadan an Ghaeilge. Níl daubt ar bith faoi ach gur dream seicteach atá taobh thiar dechur chun cinn ``Lallans''. Creideann siad go bhfuil barraíocht aitheantas tugtha don Ghaeilge agus dá bhrí sin tá iarracht á dhéanamh acu seilbh a ghlacadh ar teanga dóibd féin.

Tuigeann don saol mhór nach teanga ``Lallans'' ar chor ar bith gur canúint den Bhéarla atá ann agus de réir neart againn is drochchanúint atá ann. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil lucht acadúla teangeolaíochta sásta an ``Lallans'' a cháineadh agus an bhréag a léiriú. Mo bhrón ach is amhlaidh an cás seo I measc lucht acadúla na Gaeilge chomh maith. Tuigeann an eagraíocht stáit Iontaobhas Uladh gur amhlaidh atá an c´ås ach níor mhaith leo ``Lallans'' a cháineadh agus iad ag iarraidh cothrom na féinne a thabhairt do gach duine.

Marshampla den bhréag seo, b'fhéidir go cuimhníonn cuid agaibh fán fhear a chur isteach ar phost oifigiúil leis an rialtas le bheith ina áistritheoir ``Lallans''/Béarla. Dúirt mo dhuine nach raibh táithí ar bith aige ar an `teanga' seo ach gur lig sé air féin go raibh canúint láidir Bhaile Méanach I gContae Aontroma aige. D'éirigh leis I scrúdú áistriúcháin agus d'ófraileadh an post dó. Ag an phointe sin, dadmhaigh sé nach raibh sé ach ag magadh.

Tá sé soiléirgo bhfuil dílseoirí na tíre seo go mór in amhras agus go mothaíonnsiad míchompordach fána chultúr féin. Ní leor é a rá go mbaineann a gcultúr le mórshiúlta is buíona cálánacha ceoil amhain. Tá iarracht a dhéanamh acu a chruthú go bhfuil sé de cheart acu bheith I gceannas I gCúige Uladh ach deacrachtaí acu teacht ar cruthúnas. Níl siad sásta a admháilgur Éireannaigh iad ach amháin nuair atá siad ar saoire I bhfad eile agus rialtais nua bunaithe sa Bhreatain Bheag agus in Alban. Mar sin de, tá a ndícheall a dhéanamh acu cultúr a chruthú dóibh féin.

Roinnt blianta ó shin rinne Ian Adamson cultúr a chruthú do dhílseoirí agus é ag trácht do dhream iontachdarbh ainm na `Cruithin''. Chum sé roinnt leabhair ag tagairt don dream áirithe seo agus é a rá go raibh siad in Éirinn na céadta bliain roimh na ceiltigh, nar mheasc siad riamh le muintir eile in Éirinn agus gur tháinig siad `abhaile' le Plandú Uladh.

Chuala mé scéal béaloideasa ó chultúr na ndílseoirí maidir le Cúchulainn féin, is féidir do bharúil féin a dhéanamh faoi:-

`` I bhfad sula raibh duine ar bith ina chónaí in Uladh, bhí na Caitlicigh is na Protástúnaigh ag smaointiú fá gabháil ann ó Alban agus seilbh a ghlacadh ar an cheantar. Shocraigh siad go mbeadh rás eadarthu leis an fhadbh a réiteach. Laoch Protástúnaigh a bhí I gCúchulainn ar ndóigh agus thaistil sé chun tosaigh ina mbád. Bhí an rás le gabháil trasna Sruth na Maoile ach tharla go raibh na Caitlicigh chun tosaigh I mbád s'acusan. Bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an lá ag Caitlicigh go dtí gur shocraigh Cúchulainn a lámh féin a bhaint dó le claíomh agus ´a chaitheamh ar thalamh thirim Chontae Aontroma. B'é sin an dóigh a shábháil Cúchulainn Cúige Uladh agus is é sin an fáth a bhfuil lámh dearg ar bhratach Uladh.

Anois, dá mbeadh aiste critice le scríobh agat ar an scéal `béaloideasa' seo, déarfainn go dtiocfadh leat teacht ar roinnt meancóga ann.

Caithfidh mé a admháil nach gcuirfeadh sé isteach orm an oiread sin dá mbéadh fior-iarracht a dhéanamh ag dílseoirí teacht ar a gcultúr féin i ndáiríre. Déarfainn go dtiocfadh leo a n-aird dhíriú ar chultúr Gaelic na hAlban. Mar aon leis sin, is léir go bhfuil a lán ó's agus Mac's ina measc, is cinnte go mbeadh a lán cosúlachtaí lefáil eadrainn. Ach, b'fhéidir gur sin an rud a scanraíonn dílseoirí.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland