Top Issue 1-2024

7 October 1999 Edition

Resize: A A A Print

Éisc Bheaga agus Éisc Mhóra

`Tuigim am argoint gur státaire é Gusmao anois - á la Nelson Mandela deich mbliain ó shin - ach tá sé dochreidte gur de thaisme go gcuirfeadh an Rialtas cuireadh dó teacht go hÉirinn díreach ag an am go mbeadh Tom Hyland as an tír'. Scrúdaíonn Eoghan Mac Cormaic `realpolitik' na Roinne Gnóthaigh Eachtrannacha.

Níl éinne ag insint duinn cad é mar a mhothaigh Tom Hyland an tseachtain seo nuair a chuala sé go raibh Xanana Gusmao ag teacht ar a chéad cuairt go hÉireann ach dearfainn go raibh idir iontas, díoma agus cumha air. Ba é Tom Hyland guth, brí, glór agus croí an fheachtais ar son Tomóir Thoir le sé bhliain anuas in Éirinn agus ar ndóigh rinne sé a scair den obair ar mhaithe le Xanana Gusmao a fhuascailt fad a's a bhí an ceannaire réabhlóideach faoi ghlas ag rialtas na hIndinéise. An mhí seo chaite, tháinig buaicphoint an fheachtais sin nuair a scaoileadh Gusmao saor agus nuair a dhearbhaigh an Indinéis go raibh siad ag imeacht as an Tiomór Thoir. Níl aon amhras ná gurbh é Tom Hyland, iarthiománaí bhus, ar cheann des na daoine is sásta in Éirinn leis an nuacht sin - agus dearfadh daoine go mbeadh sé, chomh maith, ar cheann des na daoine is eolasaí faoi chúrsaí na Tiomóir Thoir chomh maith. Ní féidir a bhréagnú gurbh ionann Feachtas na Tiomóir Thoir agus Tom Hyland le blianta, agus gur bhris sé síos balla na míthuisceána. agus gur chuir sé drochstad na ndaoine bochta sin in aithne duinn go léir.

Cheapfá, de bhrí sin, go mbeadh Tom Hyland ar an chéad duine chun fáilte a chur roimh Xanana Gusmao agus é ag teacht go hÉirinn mar dhuine saor agus mar cheannaire a phobail. Ach tháinig Xanana go hÉirinn mar aoí na Roinne Gnothaigh Eachtrannaigh, rud, ní mór a rá, a d'athraigh gach rud. Fágadh an tiománaí bus gan a chuid paisinéirí...

Nach áit an mac an saol. Bhí Tom Hyland féin ar an taobh eile den domhan - i dTiomóir Thoir - fad a's a bhí a laochsan, Gusmao, abhus. Dá bhrí sin, chaill sé deis chun an fáilte radacach, neamhoifigiúil a thabhairt dó agus é a chur in aithne daoine ó ghrúpaí agus eagraíochtaí radacacha eile in Éirinn a thug agus a thabharann tacaíocht do chúis na Tiomóir Thoir i gcónaí.

Tuigim am argoint go maith, gur státaire é Gusmao anois - á la Nelson Mandela deich mbliain ó shin - agus nár mhaith leis an rialtas masla a thabhairt do Ghusmao tríd stadas neamhoifigiúil a fhágáil as an turas. Ach tá sé dochreidte gur de thaisme go gcuirfeadh an Rialtas cuireadh dó teacht go hÉirinn díreach ag an am go mbeadh Hyland as an tír. Tá gach uile seans ann nach raibh a fhios ag Tom Hyland fiú, go raibh an rialtas chun cuireadh a shíneadh roimh Gusmao. Dá mbeadh a fhios aige nach gcuirfeá a thuras féin ó dheas siar cúpla lae chun cinntiú gurbh fhéidir leis Gusmao a thionlacadh go Teach Iveagh?

Gan Hyland, bheadh deis iontach ag na státseirbhísí tionchar a imirt ar chlár Gusmao. Ní hionann Tom Hyland agus réabhlóideach `contúirteach' ach ag an am céanna sheas sé an fód go dilis le blianta, ag cáineadh rialtas ar fud an domhan, ag priocadh agus ag náiriú `coinsias' an rialtais anseo agus ag ardú cás na Tiomóir Thoir ag gach uile seans a thiocfadh ina threo.

Cén comhairle a bheadh ag Hyland, mar shampla, agus rialtais an iarthar ag moladh díchoimisiniú do Gusmao? Nó cad a déarfadh sé leis an Roinn ar chluinsint go bhfuil siad ag iarraidh martfheoil a dhíol, arís, leis an Indinéis fad a's atá muintir na tíre seo i bhfabhar baghcat iomlán a chur ar bhun in aghaidh deachtóireacht Jakarta?

Nach spéisiúil an slí gur cuireadh Hyland ar leataobh ag an Roinn le tamaillín bheag anuas, ó tréimhse an reifrinn i dTiomóir Thoir ar aghaidh. Ach nuair a ba léir don Roinn go raibh gaoithe an athraithe ag seideadh, nuair a cuireadh baill den gardaí go Tiomóir Thoir mar bhreathnaitheoirí, nuair a ghabh an Náisiún Aontaithe isteach, agus nuair a thuig an Roinn go raibh ré Jakarta thart agus stát `nua' iarchoilíneach ag teacht ar an saol bhí laethanta feachtas Tom Hyland teoranta. Bheadh maindiriní na Roinne agus chan Tom Hyland ag eagrú polasaí na tíre seo ar cheist na Tiomóir feasta agus mar chuid de sin, bheadh orthu an iasc is mó a thabhairt i dtír.

Bheifeá ag cur na ceiste an raibh a fhios ag Hyland faoin seift seo. Bí cinnte de nach mbeadh a fhios aige. Is trua é agus is crua é, ach i bpleananna na Roinne Gnóthaigh Eachtrannacha feasta caithfear an fear a chruthaigh cúis na Tiomóir Thoir in Éirinn a choinneáill as ghnó na Tiomóir Thoir in Éirinn. `Sin an realpolitik duit. Nach bhfuil see lofa?


I ndiaidh don timpiste núicléach is déanaí, cuireann an Draoi Rua ceist an féidir le daoine muinín a bheith acu in eachtar an tionscnamh nó na rialtas a thacaíonn leo.

Tuilleadh Timpistí mar Tokaimura le Teacht!



Tuigeann gach duine agus tá a fhios ag madaidh na sraide go bhfuil cumhacht nuicleach contúirteach. Leanann rialtais an domhain lena 1eithéid a chothú agus a chur chun cinn agus de reir cosúlachta leanfaidh siad ar aghaidh ar feadh i bhfad eile.

Shífeá go mbeadh ceacht mór foghlamtha ag an domhan mhór i ndiaidh na timpistí uilig a tharla i monarchan núicleacha ó bhunaíodh iad. Is dócha gurb é tubaiste Chernobyl an uafas ba mhó a tharla agus tá a thionchar le feiceáil ar a mhuintir go fóill. I ndiaidh sin uilig, leantar le cumhacht núicleach a shólathar ar fud an domhain.

Admhaím féin nar chuala mé tracht ar Chernobyl go dtí gur tharla an tubaiste i 1986. Is cuimhin liom gur chuir na meáin cumarsáide an locht ar rialtas na Rúise ag an am agus iad a mhaíomh go raibh siad rud beag aineolach. Dúradh linn ag a am nach dtiocfadh lena leithéid tarlú in aon áit eile ar an domhain toisc go raibh cúrsaí chomh slán sin sna monarcha eile.

Ar an drochuair, níor ghlac sé i bhfad go ndearna na meáin dearmad beagnach ar na huafais uilig a bhí agus atá le fulaingt ag mhuintir Chernobyl. Ba chuma le formhór an iarthair, óir tharla an tubaiste seo sa Rúis. Níorbh fhada, áfach, go bhfaca feirmeoirí na hAlban go raibh rud éigin cearr le roinnt dá gcuid caora.

Nuair a tharla an timpiste i dTokiamura, bhí ar chaoga duine gabhail díreach chuig an oispidéal agus dúradh le níos mó na 300,000 duine gur chóir dóibh fanacht sa bhaile. Aisteach go leor ach bhí an 300,000 duine seo ina gcónaí taobh istigh de sé mhíle ón mhonarchan núicleach. Do bharúil go raibh sé maith go leor gabhail ar siúlóid bheag tuaithe dá mbeifeá i do chónaí taobh istigh de sheacht míle ón mhonarchan chéanna.

Tá sé thar a bheith dochreidte go dtiocfadh le duine a bheith slán ó chontúirt raidíochta dá bhfanfadh sé istigh toisc go ndeirtear go bhfuil an contúirt amuigh. An lá dar chionn, thiocfadh le gach duine gabhail amach arís. Glactar lena leithéid de chacamais má tá daoine iomlán sásta glacadh le gach uile focal ó lucht lofa an rialtais.

Nach aisteach an rud é nach raibh ceannairí móra an domhain ag cáineadh rialtas na Seapaine as ligint don `mheancóg' seo tarlú. Leoga, `meancóg duine' a bhí ann agus thiocfadh an rud ceannann céanna tarlú i monarchan núicleach ar bith eile. Maith go leor, chuir Bill Clinton scairt guthain ar Thaoiseach na Seapaine le rá go mbeadh na Stait Aontaithe sásta cuidiú a thabhairt dóibh. Anois, is féidir leat a rá go bhfuil mé seanfhaiseanta ach ní mothaím ar dhóigh ar bith níos fearr ó thaobh contúirt núicleach dá bharr.

Ní thuigeann duine ar bith go fóill, ar ndóigh, an tionchar millteanach a bhí ag an timpiste i dTokiamura. Cinnte, beidh dochar déanta áit éigin eile ar fad agus é tógtha leis an ghaoth. Ní thiocfadh le saineolaí macanta a rá nach mbeadh dochar san uisce, sa bhia, sna hainmhithe agus i neart rudaí eile sa timpeallacht.

Creidtear go mbeadh mná atá ag iompar i mbaol go háirithe agus deirtear go mbeadh contúirt níos mó ann do pháistí óga toisc nach bhfuil a gcoirp forbartha i gceart. Gan amhras, tá daoine buartha agus gach ceart acu a bheith.

Leoga, tá cleas uafasach a dhéanamh ag rialtas na Seapaine ar a mhuintir féin. Ta dallamullóg á chur ar phobal Tokiamura agus saineolaithe bréagacha ag cumadh scéalta móra i dteanga dothuigthe na dteicneolaíochta agus iad ag iarraidh daoine a chur ar a shuaimhneas.

Anois, a's muid uilig brea cleachtalthe le bréaga oifigiúla ón stat i dtaobh na cúrsaí seo agus nach minic a rinne na Sasanaigh muintir na hÉireann a shuaimhniú lena bréaga i dtaobh Windscale/Sellafield. Bhí orthu Sellafield a chur ar Windscale agus iad ag súil go ndéanfar dearmad ar an timpiste a tharla ann. Gan amhras, tuigtear go bhfuil tionchar millteanach ag Windscale/Sellafield ar phobal oirthear na tíre agus a lán linbh beirthe le Downs Syndrome.

B'fhéidir go nglacfaidh sé roinnt blianta eile tuiscint ceart a bheith againn ar an tionchar iomlán atá ag bruscar núicleach agus araile orainn ach ní dóigh liom go mbeidh mórán maitheas le fáil.

Deirtear le daoine ar fud na cruinne go bhfuil teicneolaíocht núicleach go hiontach sin nach dtarlóidh timpistí choíche. Dá bhrí sin, tá rialtais mhóra an domhain sásta leanstan ar aghaidh le cumhacht núicleach a úsáid agus a fhorbairt. Ach an dtig le duine ar bith muinín a bheith aige i rialtas toisc go ndeir an rialtas go bhfuil cumhacht núicleach slán? Ní dóigh liom é; nach mbíonn meancóga a dhéanamh ag gach aon duine beo i rith a shaoil? Tarlaíonn meancóga i gcónaí, rud atá cinnte dearfach faoin chine daonna. Ar ndóigh, níl ach reiteach amháin ar an chontúirt mharfach seo - go simplí ba chóir na monarcha núicleacha a dhúnadh go hiomlán agus láithreach.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland