Top Issue 1-2024

23 September 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cur Amu Millteanach!

`Is iontach an méid rudaí a dtig a athchúrsáil ón ghnathbhosca bruscair'. Casann an Draoi Rua a shúil ar cheisteanna athchúrsála agus an gá atá ann do ghníomhanna práinneach ón rialtas.

D'fhógair an tAire Chomhshaoil agus Timpeallachta Noel Dempsey le déanaí go raibh fadhbanna bruscair chomh holc sin i mBaile Atha Cliath go mbeadh gá le loisceoir nua leis an dramháil a láimhseáil. Uaireanta, creidim gur chóir a theideal a athrú go hAire an Thruailliú óir ní dóigh liom go bhfuil mórán de shamhlaíocht aige maidir leis an dulra a chaomhnú.

Feictear go mbíonn suíomhanna dumpála a líonadh ar fud na tíre go tapaidh agus Comhairlí Chontaetha ag iarraidh suíomhanna eile a lonnú gan smaointiú ar bith a dhéanamh ar an dochar atá a dhéanamh don timpeallacht. Le fírinne, is cuma le fórmhór an phobail cá háit a bhfuil na hionad dumpála lonnaithe a fhad is nach bhfuil sé in aice leo féin. In iarthar na tíre , tá le feiceáil go bhfuil suíomh ollmhór l'oscailt am éigin romhainn in oirthear na Gaillimhe. Tá sé de chuspóir ag Comhairle Chontae na Gaillimhe bruscar an chontae ar fad a chaitheamh ins san ionad ollmhór seo. Ar ndóigh, is cuma le muintir Chonamara fan damáiste a bhéas déanta ins sa cheantar seo toisc nach mbeidh sé le feiceáil acusan. Mar aon leis sin, ní bheidh ar thurasóirí cur suas le radharc shuíomh dumpála as siocair go mbeidh a leithéid lonnaithe i bhfad i bhfolach ó cheantar mhór turasóireachta. Leoga, ní anseo ach sampla den rud atá ag tarlú ar fud na tíre.

Tá sé ráite ag saineolaithe ceaptha ag an rialtas go bhfuil loisceoirí glan. Tuigtear, áfach, go mbíonn suíomh 15 acra talaimh de dhíth ag loisceoir amháin. Tá ráfla ann anois go bhfuil sé ar intinn ag Chomhairle Chontae na Gaillimhe loisceoir a lonnú áit éigin in iarthar na contae; déarfainn nach mbeidh muintir Chonamara ró-shásta seo a chluinstin. Is cuma cá háit a bhfuil loisceoir nua `glan' lonnaithe , ní chuirfidh muintir na háite fáilte roimhe. Lena chois sin, cad é a tharlaíonn do toit ón loisceoir? Agus an luaithreach? Nach mbeadh truailliú eile de shaghas éigin ann?

Is mór an trua nach dtuigeann móran daoine an dochar atá a dhéanamh don dúlra go dtí go bhfuil bagairt ann ionad dumpála nó loisceoir a lonnú in aice leo.

Ar a laghad, tá daoine eile ag iarraidh fadhbanna bruscair a láimhseáil níos fearr agus réiteach níos sásúla a dhéanamh. Cluinim anois go bhfuil sé i gceist ag na húdaráis áitiúla i mBaile Atha Cliath polasaí athchúrsála a chur i bhfeidhm le dramháil na cathrach a laghdú. Cé go gcreidim féin go bhfuil sé thar am acu a leithéid a fhorbairt, caithfidh mé a rá go gcuirim fáilte roimh na pleananna seo. Cén fath, mar sin, nach bhfuil polasaí ag an rialtas suíomhanna athchúrsála a lonnú ar fud na tíre?

Is cinnte go mbeadh gearradh siar ar an mhéid láithreáin dumpála agus ar an mhéid loisceoirí atá de dhíth ar fud na tíre dá mbeadh polasaithe athchúrsála chothaithe agus forbartha i gceart. Ní ghá a thuilleadh moille a dhéanamh leis na láithreáin athchúrsála a chruthú óir tá fadhbanna bruscair na tíre dona go leor mar atá.

Ní dóigh liom go mbeadh an gráin céanna ar dhaoine roimh monarcha athchúrsála a fheiceáil ina gceantar féin agus postanna nua cruthaithe dá bharr. Maise is iontach an méid rudaí a dtig a athchúrsáil ón ghnathbhosca bruscair. Mar atá a fhios againn, is féidir paipéar, cannaí, gloine, plaisteach agus ábhar organach a athchúrsáil. Dá bhrí sin, ní bheadh an oiread sin fágtha le chaitheamh sa bhosca bruscair.

Déarfainn go mbeadh an chuid is mó againn sásta paipéar, cannaí, gloine agus plaisteach athchúrsáilte in Éirinn a úsáid . Maidir leis an ábhar organach, is féidir múirínn a tháirgeadh nó fuinneamh a dhéanamh as.

Mar sin, nach iontach an choincheap gnéithe a athchúrsáil? Nach bhfuil sé thar am ag Noel Dempsey a bheith ag gníomhú mar Aire Chomhshaoil agus Timpeallachta agus láithreáin athchúrsála a fhorbairt mar ba chóir?

An Draoi Rua

 


`Tá sé chomh héascaí eagraíocht a bhunú a's atá sé le cúntas bainc `off-shore' a oscailt san AIB, ach ghlacann sé miosúr maith de shotal `bureau' de do chuid féin a bhunú.'

Sárú Cearta Daonna



I measc na radharcanna is aistí a chonacthas, dar liom, le tríocha bliain anuas, seasfaidh an phictiúir amach a foilsíodh an tseachtain seo san Irish Times de chruinniú san Ulster Hall. Ar an staitse bhí Vincent Mc Kenna ina shuí go cúthail agus thart timpeall air bhí daoine mar John Hermon - iar Phríomh Chonstable an RUC; John Gorman - Ball tofa an UUP sa Tionól agus iar Chigire Dúiche san RUC; agus Charles Moore (Eagarthóir an Daily Telegraph). Ós a gcomhair bhí thart timpeall míle duine eile , cruinnithe sa halla agus iad ina seasamh ag tabhairt bualadh bois do Vincent as an mhéad a bhí le rá aige faoin fhórsa díchreidiúnaithe. Tá Mc Kenna ag moladh an RUC agus ag éileamh nach n-athrófar iad ar ndóigh.

Anois is cuma sa tsioc faoi sheanstair an Vincent seo; faoina thréimhse faoi ghlas; faoi na líomhaintí a cuireadh ina leith i gContae Múineachán le déanaí; faoin athrú a tháinig air ó cheap sé, tráth, gur phoblachtánach é ach atá anois níos aontachtaí ná na haontachtaithe féin. Is cuma faoi sin ar fad cé go bhfuil sé corr, deirimis, ar a laghad athrú chomh radacach a fheiceáil.

Cad a cheap lucht an ardáin ina thaobh, do mheas? An mbeidís compórdach leis? Is cinnte nach bhfuil féinmheas ar bith fágtha ag Hermon na laethanta seo nó caidé mar is féidir a mhíniú iarcheannaire an RUC ina shuí ar aon ardán le Mc Kenna? Agus cé a cheapfadh go mbeadh na haontachtóiri chomh bhocht agus lom sin do intleachtóirí agus fealsúnaithe go mbeadh orthu dul i muinín a leithéid de Mc Kenna?

Ach smaoinigí, chomh maith, ar lucht éisteachta an chruinnithe: iarbhaill den RUC, teaghlaigh agus clanna baill den RUC a maraíodh nó a gortaíodh le linn na coimhlinte. An bhfuil a gcás-san chomh suarach sin go bhfuil siad ag brath ar chumhacht loighice Vincent Mc Kenna chun an RUC a shábháil? Beagnár mhothaigh mé trua dóibh, iad ina seasamh ag bualadh bosa d'Uncail Tom Mc Kenna agus é ag dul cúl le cine go póiblí ar a son-san.

Má tá siad ag tógáil feachtais ar mhaithe an RUC ar bunsraitheanna chomh lochtach sin, ní thógfaidh sé mórán brú eile chun an struchtúir a leagadh.

Ach mar a dúirt mé níorbh é taifead agus stair Mc Kenna a sholáthar an íoróin is mó an oíche sin. Bhí Mc Kenna ann mar úrlabhraí an `Northern Ireland Human Rights Bureau'. Tá sé chomh héascaí eagraíocht a bhunú a's atá sé le cúntas off-shore a oscailt san AIB, ach ghlacann sé miosúr maith de shotal `bureau' de do chuid féin a bhunú. Ach sin atá déanta ag Mc Kenna agus a chuspoirí féin ag baint leis.

Oibríonn an NIHRB seo ar chlár frithPhoblachtánach agus thig linn bheith cinnte de go bhfuil maoiniú dó ag teacht ó fhoinsí frithphoblachtánach chomh maith. Ach fiú leis an clár oibre frithphoblachtánach sin cheapfá go ndéanfadh a chomhairleoirí iarracht obair agus iniúchadh a dhéanamh ar dhrochíde cearta dhaonna eagraithe ag forsaí an stait ó am go ham, ionas gurbh fhéidir leo ar a laghad cur le tuiscint go bhfuil an NIHRB `neodracht'.

Diabhal seans. Ina áit sin seo an NIHRB agus dul i dtacaíocht leis an eagraíocht is mó a chloígh ar chearta dhaonna le hochtó bliain anuas, ó bhunaíodh an fórsa, an RUC. Agus seo béalchraífí mar Mc Kenna, ag a chur féin chun chinn mar dhuine atá ag taifeadaú sárú ar chearta dhaonna ina shuí ar chomhardán le John Hermon, Príomhchonstabla le linn tréimhse an Shoot to Kill, dunmharú Pat Finucane, fiosrúchán Stalker, Sampson agus Stephens agus ní fios cén bligeardachas eile. Is masla é do theanga `Biúró Cearta Daonna' a thabhairt ar chlár Vincent Mc Kenna agus is masla é do na dhaoine uile a d'fhulaing sárú ar a gcearta daonna go mbeadh sé ag baint mí-úsáide as theideal mar sin chun tacaíocht a thabhairt do ghrúpa mar an RUC.

Biúró Cearta Daonna ag feidhmniú ar son sáraitheoir cearta daonna. Ní nach ionadh go raibh Hermon, Gorman agus clanna an RUC toilteánach bualadh bois a thabhairt do Mc Kenna san Ulster Hall: cad a bhí ann ach bréagadóir i measc na mbreagadóirí. Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland