Top Issue 1-2024

9 September 1999 Edition

Resize: A A A Print

Bleán an Chórais

Thug an Sunday Tribune eolas dúinn faoi chaiteachas na dTeachtaí agus Seanadóirí an tseachtain seo caite. ach ar chur siad milleán ar an chiontach agus an neamhchiontach araon? Pléann Eoghan Mac Cormaic cás na dTeachtaí macánta.

Nuair a foilsíodh liosta na gcostaisí a tugadh do na Teachtaí Dála agus Seanadóirí Dé Domhnaigh seo chuaigh thart bhí go leor leor daoibh, déarfainn, a scrúdaigh go géar é chun an salachar a fháil ar na polaiteoirí. Fair play. De réir leis an meon coitianta, tá an t-iniúchadh seo tuillte acu agus é thar a bheith am go raibh a fhios againn cé mhéad a `ghnothaíonn' siad in aghaidh na bliana. Déarfainn gur thosaigh sibh le caiteachas na dTeachtaí ó bhur gceantair féin agus ansin ag bogadh ar aghaidh go hainmneacha na dTeachtaí agus Seanadóirí cáiliúla agus faoi dheire ag críochnú leis na teachtaí eile gur deacair daoibh creidiúint go n-iarrfaidís costaisí ar bith. An bhfuil an ceart agam?

Lámha in airde, anois, aon comradaí a chás súil i dtreo ainm Chaoimhghín Uí Chaoláin TD. An mothaíonn tú giota beag ciontach anois gur amharc tú? Bhuel, tá mé cinnte de nár léigh éinne agaibh sonraí Chaoimhghín ar bhonn na mímhuiníne, nó mar gheall ar easpa iontaofa. Is dóichí gurb é fiosrachta is mó a tharraing bhur n-aird ina threo-san, fiosracht chun fáil amach an raibh a ainm ar an liosta agus má a bhí, cá raibh a ainm ar an liosta. Tá sé intuigthe gur mhaith linn fáil amach, ar bhonn na hinchurthachta, nach raibh Caoimhghín ag cleachtadh a chéirde mar a chleachtaíonn go leor polaiteoirí.

Ach nuair a bhí an liosta léite agus pléite againn, agus nuair a bhí dearbhú déanta don chúigiú uair nach raibh iontas oraibh faoi leibhéal na gcostaisí a d'éiligh Healy Rae, nó Sean Doherty nó an Seanadóir seo nó sin, an raibh muid aon phioic níos eolasaí faoi ionraiceas nó moráltacht na dTeachtaí. Seachas figiúirí, an raibh aon rud soiléir faoin liosta? I bhfocal, an dtuigeann sibh an liosta?

Tá a fhios agam go raibh Caoimhghín Ó Caoláin ábalta a chuid costaisí go léir a mhíniú, agus tá a fhios agam, chomh maith, go bhfuil daoine sa ghluaiseacht a cheapfaidh gur ró-íseal in ionad ró-ard a chuid costaisí ina dhiaidh na hoibre a dhéanann sé i gcompáraid le costaisí cuid mhaith des na Teachtaí Dála eile. Nach féidir é, áfach, go bhfuil formhór na dTeachtaí in ann an rud céanna a dhéanamh, a chaiteachas a mhíniú go macánta agus a lucht tacaíochta - agus na vótóirí - a shásamh?

Nuair atá `éacht' an Sunday Tribune scrúdaithe i gceart níl ann ach eolas; beagan eolais; agus mar is eol do chách is rud contúirteach é an beagan eolais nó ligeann sé dúinn teacht ar thuairim neamhfhoirfe.

Le foilsiú liosta caiteachas/costaisí, gan treoir, gan briseadh síos ar fhathanna agus mionsonraí an chaiteachais i gcás na dteachtaí agus seanadóirí éagsúla, leagtar an milleán ar an neamhúrchóideach agus an ciontach araon. Agus níl sé sin cothrom in aon chor.

Níl aon dabht go bhfuil costaisí agus caitheamhas smacht ag cuid des na teachtaí i dTeach Laighean. Ní thuigeann an gnáthdhuine cad chuige an mórchaiteachas seo agus na difríochtaí idir teachtaí áirithe. Ní thuigeann vótóirí caitheamh mar £47,000 in aghaidh na bliana. Agus fiú amháin dá mbeadh sonraisc agus billí agus bun na dticéadaí éitleáin ós ár gcomhair, bheadh amhras orainn an fiú airgead mar sin a chaitheamh ar mhionlach agus an bhfaigheann íocóirí cánacha aon bhuntáistí ar ais as. Níl aon dabht, ach an oiread, go bhfuil an rialtas ag íoc costaisí in ionad ag tabhairt ardú pae, rud a bheadh doghlactha, déarfá, ach, ar a laghad, bheadh sé macánta.

Nuair a thránn an chéad tuile de luchair an phobail, ar fáil amach `cé mhéad a fuair siad' seasfaidh na firicí sin fós. Caitheann cuid polaiteoirí barraíocht orthu féin agus tá an rialtas ciontach, go pointe, as sin. Ach b`fhearr i bhfad don Sunday Tribune na gnéithe sin den raic a scrúdú gan drochchlú - trí eolas gan treoir a thabhairt dúinn - a tharraing síos ar chinn na dteachtaí cosúil lenár dteachta féin, atá macánta agus gan locht i scannal seo na gcostaisí.


`Ní mór an t-ionadh é gurb é an píobaire is fearr in Éirinn lena linn agus bua an cheoil tugtha dó ag na síoga'. Insíonn an Draoi Rua píosa faoin phíobaire Cónallach, Tarlach Mac Suibhne.

Bua Mhic Shuibhne



Bhí cIár iontach suimiúil ag RnaG maidin Dé Luain seo chaite ina ndearnadh tagairt don phíobaire clúiteach Tarlach Mac Suibhne. Tharla go raibh comhthionól ag muintir Mhic Shuibhne ar na mallaibh agus tugadh ómós do Tharlach ag an ócáid.

Creidtear gurb é Tarlach Mac Suibhne ar cheann de na phíobairí ceoil is fearr a mhair riamh in Éirinn. Gan amhras, bhí clú agus cáil air nuair a mhair sé sa tír seo ach thaistil a chlú go fada siar leis na Stait Aontaithe sa Mheiriceá. Tharla go raibh deis aige gabhail chomh fada le Chicago é féin agus gur sheinn sé i measc na Meiriceánaigh Éireannacha ann. Bhí siad ag bronnadh tuarastal iontach dó fanacht ina measc ach dúirt sé gurb fhearr leis maireachtáil agus bás a fháil ar oileán na naomh seachas a shaol a chur amú agus a bheith caillte ar thír na nathracha nimhe.

Deirtear go raibh draíocht ar leith ag baint leis mar phíobaire agus go raibh bua an cheoil ann go cinnte. Bhí sé chomh hiontach sin ag seinm ceoil gur chreid a mhuintir féin in amanta go raibh spiorad ósnádúrtha éigin taobh thiar dó. Bhuel, de réir scéal béalóideasa amháin, bhí:

Ní raibh Tarlach ach ina stócach go fóill nuair a thosaigh sé ag bualadh na píbe uillinn go póiblí don chéad uair. Ní raibh ach cúig fonn ceoil de ghlanmheabhair aige ag an am ach lean sé leis cibé. Ba ghnách leis gabhail chuig cóisirí bainise, sochraidí agus ócáidi eile den tsórt agus an cúig fonn céanna a sheinnt arís is arís eile. Bhuel, níorbh mhiste lena chuideachta, a fhad is go raibh ceol ann, ba chuma leo. Bheadh píobairí ceoil gann ag an am agus b'fhearr i bhfad cupla fonn a chluinstin in ionad ciúnas na hoíche.

Ar aon nós ,lean Tarlach leis ag gabhail thart ar imeachtaí agus é ag déanamh slí bheatha measartha dó féin. Níor bhac sé lena thuilleadh foinn a fhoghlaim toisc nach raibh brú air a leithéid a dhéanamh agus bhí sé breá sásta leanstan ar aghaidh lena shaol mar a bhí. Is dócha gur féidir a rá nach raibh sé uaillmhianach mar cheoltóir.

Tharla nach raibh achan duine sásta ligint dó leanstan ar aghaidh mar a bhí. Oíche amháin agus é ag pilleadh abhaile ó choisir bainise, thit sé isteach sa díog ar thaobh an bhóthair ach ní timpiste a bhí ann. Leoga, bhí cleasaíocht ar siúl ag na síoga. Thóg siad é ar shiúl leo, go háit éigin faoi shléibhte Thír Chónaill, nár chuimhin leis féin cá háit. Ansin, d'iarr siad air cupla port a sheinnt dóibh agus sheinn sé an cúig phort a bhí de ghlanmheabhair aige. Nuair a thosaigh sé ar an chéad fhonn a sheinnt arís, d'éirigh na síoga crosta is feargach. Dúradh leis nach mbeadh cead aige fonn amháin a bhualadh an dara uair arís in am ar bith thar an oíche sin. Lasadh tine thart timpeall air agus iarradh air toiseacht arís.I ngan fhios dó féin, thosaigh sé ag bualadh fonn eile i ndiaidh foinn eile agus níor thuig sé carb as na portanna éagsúla nó cad é mar a d'éirigh lena chloigeann nó a mhéara na nótai áirithe a bhualadh.

Deirtear gur cuireadh Tarlach faoi gheasa ar feadh na hoíche agus gur sheinn sé cupla míle foinn sular thit sé i laige. Nuair a tháinig sé chuige féin ina dhúiseacht arís, thug sé faoi deara go raibh sé ina luí sa díog ina thit sé. Níor chuimhnigh sé mórán faoina chuideachta an oíche úd sin ach ní dhearna sé dearmad riamh ar na portanna a sheinn sé. Ní mór an t-ionadh é gurb é an píobaire is fearr in Éirinn lena linn agus bua an cheoil tugtha dó ag na síoga. Má tá bréag sa scéal sin ní mise a chum ná a cheap é.

Cé go bhfuair Tarlach bás i 1916, maireann a chlú go fóill. Tá píbe uillinn `is fidil leis coinnithe go sabhailte in iarsmalann i dTír Cónaill go dtí an lá inniu. Deirtear go bhfuil cuideanna áirithe de na píbe uillinn céanna beagnach trí chéad bhliain d'aois ach go bhfuil an gléas ceoil féin thart fa' dhá chéad bhliain d'aois. Caithfidh a rá go bhfuil drochchaoi amach is amach ar na píbe céanna agus níorbh fhiú iad a dheisiú ar chor ar bith. D'éirigh le Paddy Maloney ó na Chieftains, áfach, iad a sheinnt roinnt blianta ó shin agus craoladh trí phort éagsúla a taifeadadh ar an ócáid sin.

Nuair a bhí Tarlach ar leaba a bháis, d'iarr sé ar shagart an mbeadh sé in ann píbe uillinn a bhualadh sna Fhlaithis. Dúradh leis go mbeadh. Bhuel cén cinéal Neamh a bheadh ann ar chor ar bith gan ceol breá traidisiúnta Gaelach. Ifreann ceart a bheadh ann dó dá mbeadh air cur suas lena leithéid de cheol nua aimseartha na hÉireann ón lá inniu mar B*witched, Boyzone, Westlife agus araile...

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland