Top Issue 1-2024

2 September 1999 Edition

Resize: A A A Print

Rogha na bPortaigh

Níorbh é gur smaointe nua-aoiseacha rotha uisce agus muilte gaoithe a úsáid ach tá sé in am dúinn a leithéid a fhorbairt i gceart agus a bheith ag smaointiú ar na foinsí eile óna dtig linn fuinneamh a fháil gan truailliú ar bith..

 


`Hands Off Our Bogs' `Sin an teachtaireacht atá le léamh ar roinnt de na fógraí atá curtha in airde le déanaí ag úinéirí portaigh in iarthar na tíre. Cinnte, tugann na fógraí céanna cúis gáire do dhuine ar bith nach dtuigeann an scéal ach tá a lán feirmeoirí feargacha sa tír toisc go bhfuil dlíthe úra ag teacht i bhfeidhm ón Eoraip ag leagadh síos rialacha éagsúla leis na portaigh a chaomhnú.

Tá suim ag luibheolaithe agus ag nádúraithe i gcaomhnú na bportach de bharr na bplandaí agus an fhiadhúlra ar leith atá iontu. Mar aon leis sin, tá suim ag seandálaithe iontu óir thiocfadh teacht ar chuid mhaith láithreáin seandálaíocha iontu, ionas mar shampla, Achaidh Céide i dTuaisceart Mhaigh Eo. Anois, nuair atá an mhóin bainte, is beag móin atá fágtha i ndiaidh innill go háirithe. Scriostar na plandaí agus na hainmhithe bunaidh agus is deacair teacht ar iarsmaí seandalaíocha. Tuigtear, mar sin, go bhtuil tábhacht nach beag ann ár bportaigh a shabhailt.

Ar an taobh eile den scéal, is furasta a thuigbheáil cad chuige go bhfuil feirmeoirí móna chomh feargach sin le hoifigigh rialtas na hEorpa. Deirtear leo nach bhfuil cead acu a thuilleadh móna a bhaint ach níl an dara suí sa bhúille ag an chuid is mó acu. Muna bhaintear an mhóin, beidh geimhreadh fuar in ann do chách; sin an dearcadh atá ann. Ní amháin sin, ach brathann a lán daoine ar a gcuid móna le cúpla punt a shaothrú thar an tsamhraidh. Muna bhfuil cead ag na feirmeoirí sin móin a bhaint ar a bportaigh féin ní bheidh siad ábálta slí bheatha réasúnta a dhéanamh ar chor ar bith. Ní nach ionadh go bhfuil siad chomh tógtha sin faoin ábhar seo. Tá imní orthu a bheith fágtha fuar agus bocht.

Caithfidh muid a admháil go bhfuil tromlach na bportaigh sa tír seo scriosta againn cheana féin. Creidim gur iontach an tuairim í na portaigh atá fágtha againn a chaomhnú ach ba cheart forbairt a dhéanamh le fuinneamh a fháil ó fhoinsí difriúla leis.

Is í an fhadhb atá ann, áfach, ná nach bhfuil rogha ar bith forbartha againn sa tír seo. Ba cheart do Rialtas na hEorpa agus Rialtas na hÉireann a bheith amuigh i measc feirmeoirí na tíre agus ag iarraidh iad a chothú agus a threorú le fuinneamh a shabhailt ó na foinsi éagsúla.

Leis an fhírinne a rá, tá oifigigh rialtais go mór faoi smacht ag comhlachtaí ola móra gan mórán forbairt a dhéanamh le fuinneamh a fháil ó fhoinsí eile. Ar an drochuair, nuair a bhaintear leas as ola, gual nó móin cuirtear leis na fadhbanna timpeallachta san aer, le fearthainn aigéadach agus le téamh domhanda.

Ar ndóigh, tá roghanna éagsúla a ba cheart a fhorbairt gan mhoill - na foinsí glana mar chumhacht greine, gaoithe agus uisce.

Ba ghnách go raibh roth uisce le feiceáil ar gach uile abhann is sruth sa tír, beagnach. Ní dóigh liom go mbeadh sé ró-dheacair a leithéid a fhorbairt arís agus b'fhéidir iarracht a dhéanamh rotha uisce de shaghas éigin a chur amach ar an fharraige. Lena chois sin, tá tús curtha cheana féin le muillte gaoithe a úsáid le leictreachas a ghineadh fosta ach thiocfadh a thuilleadh a lonnú ar fud na tíre. Bíonn daoine ag gearán go bhfuil cuma gránna orthu ach, le fírinne, níl siad leath chomh gránna leis an scrios atá a dhéanamh don timpeallacht. Mar aon leis sin, is dócha gurb é an t-aer ar cheann de na hachmhainní deireannacha atá fágtha againn nach bhfuil luach ná cód barra air. Cur amú millteanach a bheadh ann gan a leithéid a fhorbairt.

Níorbh é gur smaointe nua-aoiseacha rotha uisce agus muilte gaoithe a úsáid ach tá sé in am dúinn a leithéid a fhorbairt i gceart agus a bheith ag smaointiú ar na foinsí eile óna dtig linn fuinneamh a fháil gan truailliú ar bith. Ar aon nós, ní mhairfidh ola, an gual ná an móin go deo.

Leoga, bheadh neart a rá go fóill gurb fhearr leo boladh breá móna a fháil fiú dá mba rud é nach raibh ach fód amháin móna fágtha ar chlár an domhain. Mura bhfuil muid cúramach ní bheidh an boladh alainn sin fágtha againn fíu.

An Draoi Rua


An Sagart Mírún



`Cheapfá, dá mbeadh sagart ag iarraidh sampla a aimsiú de thitim mhoráltachta sochaí na hÉireann a ainmniú go n-amharcfadh sé ar a chomhluadar féin ar dtús sula ndéanfadh sé ionsaí ar mháthair páiste nuabheirthe'. Pléann Eoghan Mac Cormaic baothscéal na seachtaine.

 


Cuirtear an `séasúr baoth' ar na míonna idir Meitheamh agus Lúnasa ag na meáin chumarsáide, agus ní gan cúis mhaith a bhíonn an teideal céanna á bhronnadh ar na míonna samhraidh. Tcítear go n-imíonn an nuacht ar laethanta saoire leis an chuid is mó den phobal agus bíonn gorta agus ganntanas ann don phreas. Uaireanta, má atá an t-ádh leo, fásfaidh scéal suimiúil as an amaidíocht a sheasann in ionad nuachta i rith an tréimhse faoi chaibidil ach is minice an drochscéal (timpiste, bathadh, tubaiste thar lear) ina aonscéal. Faoin am go dtagann Mí Meán Fómhar thart bíonn fáilte is fiche roimh aon saghas nuachta a bhaineann le gnáthshaol na ndaoine, polaitíocht agus mar sin de.

Amanntaí eile, áfach, bíonn scéal / nuacht amaideach ann a mbíonn tábhacht ag baint leis: cé gurb baothscéal é, deireann sé rud inteacht faoi nithe níos mó ná an scéal féin. Cuirim i gcás scéalta cosúil leis an Tréadaí Kenny Mc Clinton ag insint dúinn go mbeidh imeacht díchoimisiúnú eile eagraithe ag an LVF roimh i bhfad agus ag moladh a dhíograis féin as dul go ` dark and shady corners with some of the most violent men' i dTuaisceart Éireann. Plus ça change, plus le même chose, Kenny.

Ach má a sheasann baothscéal ar bith amach, an tseachtain seo, as an ráiméis a dtugtar `nuacht' ar, caithfear an craobh a thabhairt don sagart i mBéal an Atha Móir, Contae Liatroim, a lasc Sonia O'Sullivan ina sheanmóir seachtainiúil oíche Shathairn seo chuaigh thart. I measc rudaí eile, thuairimigh an tAthair Ó Dubhthaigh lena lucht eisteachta gur `dhrochshampla' í Sonia as ucht páiste a thabhairt ar an saol agus gan í a bheith posta. Níl aon dabht ná gurbh é an cludaíocht fhoirleathan a tugadh don lúthchleasaí agus a pháiste nua sna meáin a sprioc éad agus binib Uí Dhubhthaigh. Ach arbh fhearr leis an sagart nach mbeadh an páiste aici? Agus dá mb'fhearr, cén rogha a mholfadh sé? Ginmhilleadh? Nó b'fhéidir an leanbh a thabhairt in altromas go bunaitheoirí seirbhís comhairle do mhaithreacha aonaracha?

Is cinnte gur chuir téama seanmhór an tsagairt áirithe seo fearg agus imní araon ar dhaoine ní amháin i gContae Liatroim oíche Shatharn ach ar dhaoine ar fud na hÉireann nuair a scaipeadh an scéal. Mar phíosa tuairimíocht ann féin níl ann ach amaidíocht agus macalla ré atá thart, ach mar shampla den saghas meon atá beo i measc mionlaigh i gcónaí in Éirinn ba chóir go mbeadh gach duine réasúnta buartha faoi, nó tá cumhacht de shaghas éigin ag an mionlach sin, cumhacht na crannóige.

Cheapfá go mbeadh sé dochreidte go labhródh sagart nó cléir faoi shaol phríobhaideach duine ar bith sa tír i dtéarmaí maslacha sa lá atá inniu ann. Cheapfá, dá mbeadh sagart ag iarraidh sampla a aimsiú de thitim mhoráltachta sochaí na hÉireann a ainmniú go n-amharcfadh sé ar a chomhluadar féin ar dtús sula ndéanfadh sé ionsaí ar mháthair páiste nuabheirthe. Ar ndóigh, cheapfá, leis, go mbeadh na laethanta sin thart.

Fiche bliana ó shin bhíodh nós againn dul ar eaglais Dé Domhnaigh, ag súil go ndearfadh sagairt áirithe rud éigin ón altóir i gcoinne poblachtánais, agus dá bhrí gurbh fhéidir linn siúil amach in agóid in aghaidh polaitiú an chreidimh. (Déanta na fírinne, bhí seachtainí ann nuair a bhí leathdíoma ar chuid de mo chairde nuair a nár dhúirt an sagart aon rud gurbh fhéidir linn bheith maslaithe faoi; agus bheadh orthu fanacht ansin go deireadh an Aifrinn). Ina dhiaidh tamaill, áfach, stop an custaim go siúlfadh daoine amach in agóid, nó stop lucht na hagóide ag dul ar aifreann agus bhí cead a chinn ag na sagairt, arís, pé rud ar mhaith leo a rá gan imní go labhródh duine den phobal ar ais ag bréagnú pé fealsúnachta (polaitiúla nó eile) a bhí á chur chun chinn acu.

Tá an creidimh níos boichte gan an freasúra. Chonaic muid sin an tseachtain seo chuaigh thart nuair a nár chualathas trop cosa ag imeacht in agóid in aghaidh ráimési an tsagairt. Níor chualathas ag gliogarnach folamh ag ionsaí ar dhuine nach raibh i láthair chun a clú a chosaint in aghaidh seanfhir bigeadaigh, formadach nach dtuigeann go bhfuil an seanré imithe. Beagnach dtabharfadh sé ar ais chun an eaglais thú!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland