Top Issue 1-2024

29 July 1999 Edition

Resize: A A A Print

Deich bPunt Caite go Maith

Is minic fonóid agus magadh agus aor á dhéanamh faoi scríobhnóirí an Bhlascaoid Mhóir, Peig bocht ach go háirithe. Ach is ceart go gcuimhnítear iad nó is fíor an mana nach mbeidh a leithéid arís ann.

Cheannaigh mé ticéad, ceithre nó cúig bhliain ó shin, i gcrannchur ar son slánú na nOileán Blascaodaí. Ní cuimhin liom anois cé mhéad go díreach a thug mé ar an ticéad, ach dearfainn gur deich bpunt nó mar sin a bhí i gceist - agus ní raibh ann sin ach an deichniú scair den ticéad ina iomlán. Céad punt an ticéad a bhí lucht an chrannchuir ag éileamh agus bhí tairgéad de £250 000 nó mar sin acu do bhrabús an chrannchuir féin. `Sin sprioc misniúil, do mheas?

Chuimhnigh mé an deich bpunt sin an tseachtain seo nuair a foilsíodh breithiúnas na hArdchúirte i gcás a thógadh an stáit in aghaidh ceathrar a bhfuil cuid mhaith de thailte an Bhlascaoid Mhóir ceannaithe acu, agus a bhí ag cailleadh a seilbhe de réir Achta Spéisialta a thug rialtas Cathal Uí hEochaidh isteach a thug cead don rialtas baill áirithe den oileán a ghábhail i gcoinne toil na n-úinéirí chun Páirc Náisiúnta a dhéanamh as an oileán.

B'ea é bun agus barr na faidhbe sa phleán sin ná go raibh an rialtas ag gábhail tailte ó dhaoine nár rugadh ar an oileán, nó nach raibh seilbh talún acu ar an oileán roimh 1953 (nuair a treigeadh an oileán ag na hoileánaigh don uair deireannach) nó nach raibh gaolta acu a raibh talamh ina seilbh ar an oileán. Tá an cás seo deich mbliain ag fás, ó 1989, nuair a tugadh an Acht isteach agus nuair a rinneadh iarracht tailte ceithrear duine in áirithe a ghábhail, ceathrar a cheannaigh talamh agus tithe treigthe ar an oileán ach nach raibh den oileáin ó dhúchas.

Ar thaobh amháin den chás tá an argóint ann go raibh an Stát ag iarraidh go mbeadh Páirc Náisiúnta ar an oileán - agus níl aon dabht ná gur smaoineamh maith é sin. Ach ar an taobh eile bhí comhar de cheathrar a bhí, dar leo féin, ag súil beart a dhéanamh ar mhaithe oidhreacht liteartha an oileáin, agus a bhí ar tí ballóga agus seantithe Peig Sayers, Muiris Ó Suilleabháin agus eile a atógáil. Níor bhuaigh siad a gcás dá bhrí argóintí ar an slí is fearr chun an oileán a chosaint ach ar an dóigh a rinne an Stát iarracht iad a dhísheilbhiú. Ghlac an chúirt lena gcás nach bhfuil aon áit faoin bhunreácht do ghinealach, agus is riail agus idirdhealú ginealach a bhí á chuir i bhfeidhm nuair a cumadh Acht a leag dáta 1953 síos, ag déanamh difir idir daoine a rugadh ar an oileán agus a sliocht agus daoine a rugadh ar an mhórthír.

Ag tabhairt a bhreithiúnais sa chás, luaigh an breitheamh áilleacht an oileán. `Níl aon amhras' arsa sé, `ach gur áit álainn é an Blascaod Mór. Tá sé tábhachtach chomh maith mar geall ar na scríobhnóirí a rugadh ann, agus an taifead a d'fhág siad de na laethanta deireannacha de phobal an oileáin agus éifeacht eisimirce orthu'. B'fhíor dó.

Is mór agus is fada an liosta d'fhoilseacháin agus leabhair a scríobh ar, nó faoina hoileáin Bhlascaodaí agus an pobal a shreachail le slí beatha a ghearradh amach dóibh féin ann. Cuimhnímis ar Pheig, ar Ó Suilleabháin, ar Robin Flowers, ar Thomás Ó Criomhthain; cuimhnímis ar shaibhreas a saothar, ar an teanga a scríobh siad, ar an saol a mhair siad agus ar an t-uaigneas a d'fhulaing siad ag an deireadh. Tá a fhios agam gur minic fonóid agus magadh agus aor á dhéanamh futhu ach is ceart go gcuimhnítear iad nó is fíor an mana nach mbeidh a leithéid arís ann. Is trua, mar sin, gur chríochnaigh an cás seo ós comhair na gcúirteanna, agus gur caitheadh líon mór airgid ar dhlíodóirí agus ar abhcóidí, in ionad ar fhorbairt pleánanna don oilean féin.

Mar a tharlaíonn go ró-mhinic, fágtar forbairt agus cosaint na ngnéithe is luachmhaire dár n-oidhreacht do lucht eagraithe crannchur; agus ní nach íonadh go bhfuil orthu praghas deich bpunt a chur ar an ticéad nuair atá an dushlán agus an dua chomh mór sin.

Deich bpunt. Díreach praghas ticéid i gCrannchur Náisiúnta Shinn Féin i mbliana. Ní fheadar an mbeidh mé níos amharaí an uair seo?


Ba ghnách go raibh fleá mór in ómós do Lugh ar an chéad lá de mhí Lúnasa agus ar ndóigh tá an mhí féin ainmnithe in ómós don Dia. Scrúdaíonn an Draoi Rua cuid den traidisiún agus an bealach a lean an Chríostaíocht féilte móra na gCeilteach.

Anois ar Theacht an Fhómhair



`Seá, tosaíonn an Fómhar leis an chéad lá de mhí Lúnasa. Tá neart de na glasraí agus na torthaí éagsúla rogha le baint anois cheana féin agus is cúis mór ceiliúrtha nuair atá fómhar iontach bainte againn.

Tugtar Lúnasa ar an mhí seo in onóir Dhia Cheilteach darbh ainm Lugh. Ba é Lugh rí na ndéithe a bhí ag na Ceiltigh. Ní amháin sin ach tuigtear go raibh creideamh i nDia amháin go coitianta i measc na gCeilteach sular tháinig Críostaíocht go hÉireann. Is fear seo a mhíniú le scéal béaloideasa:

Tharla lá go ndeachaidh Lugh go Cnoch Theamhair na Ríthe, áit a raibh na déithe uilig de na Tuatha Dé Danann ina gcónaí. Bhuail sé ar an doras ag iarraidh cead a fháil isteach. D'fhreagar fear an dorais é a rá nach dtiocfadh le heinne ach déithe teacht isteach chucu. D'inis Lugh dó gur dia a bhí ann féin:

`Ach cén cinéal dia thú?' a d'iarr fear an dorais.

`Is mise Dia na gcrann.' arsa Lugh.

`O, tá an Dia sin againn cheana féin' a dúirt mo dhuine.

Lean Lugh leis ag insint do fhear an dorais gurbh éisean Dia an cheoil, Dia na n-aibhneacha, Dia na n-ainmhithe, Dia na feirmeoireachta agus araile agus dúradh leis i dtólamh go raibh a leithéid de Dhia ag na Tuatha Dé Danann agus nach raibh sé de dhíth orthu.

Faoi dheireadh, d'iarr Lugh ar fhear an dorais an raibh Dia acu mar Dhia ar gach uile rud. Ní raibh, ar ndóigh, agus ligeadh Lugh isteach láithreach.

Mar aon leis sin, deirtear go raibh duine ábálta spléachadh a fháil ar na déithe aonaracha trí amharc ar aghaidh Lugh: gurbh fhéidir aithne a chur ar na déithe ar fad i bpearsantacht Lugh.

Tá clú agus cáil ar Lugh toisc gur mharaigh sé Balor na súile nimhe, a sheanathair. Má tá muid sásta glacadh le focal na gConallaigh, tharla an eachtra seo i nDún Lúiche agus i nGleann Nimhe/Neamha. Gleann Nimhe a tugtar air toisc gur stealladh nimh ó shúil Bhalóir.

De réir scoláirí áirithe tugadh ómós do Balor mar dhia ar an ghrian. Ar ndóigh níl mórán daoine ábálta amharc isteach i súil na gréine. Dá bhrí sin tuigtear gur mharaigh Lugh ómós na gréine mar dhia. Cuimhnigí ar sin an tseachtain seo chugainn nuair atá urú iomlán den ghrian, arís, ceangail le Lugh i mí Lúnasa. Tráthúil go leor, ní bhíonn cumhacht na gréine chomh láidir sin i rith an fhómhair. Is dócha, mar sin, go ndearna na Críostaithe a sheacht ndícheall Lugh a mharú mar Dhia fosta.

Ach is cinnte go bhfuil a lán cosúlachtaí idir an Lugh seo agus Dia mór na Críostaíochta. Cuirtear aithne ar na déithe págánta i Lugh ach cuirtear aithne ar na naoimh i nDia. Lena chois sin, chuaigh Lugh i ngleic le Balor na súile nimhe agus tá mé den tuairim nach réitíonn Dia mórán leis an dhiabhal ach an oiread.

Bhí mac ag Lugh darbh ainm Cúchulainn. Ní gá domh trácht ar an scéal ach amháin le rá go bhfuair sé bás ar son a mhuintir. Tá íomhá Chúchulainn ceangailte do chloch agus é marbhle feiceáil go soiléir i samhlaíocht gach Gael. Gan amhras níl sé deacair a leithéid a chur i gcompáraid le híomhá Críost ar an chros.

Creidim nach raibh sé chomh deacair sin do na Críostaithe gabháil i bhfeidhm ar mhuintir na hÉireann toisc go raibh an creideamh ar fad in Éirinn sular tháinig a leithéid de naomh Padraig i dtír. San am céanna áfach, tá muintir na tíre seo go mór faoi thionchar na seantraidisiúin a bhí ag na Ceiltigh fadó agus tá raon de thréithe Lugh go fóill i reim sa tír.

Ba ghnách go raibh fleá mór in ómós do Lugh ar an chéad lá de mhí Lúnasa. Ní amháin go raibh an fómhar le ceiliúradh ach tháinig na déithe uilig le chéile le comhthionól a bheith acu ar an lá áirithe seo.

Sa lá atá inniu ann, bíonn a lán fleánna éagsúla a reachtáil i mí Lúnasa go fóill: ina measc siúd bíonn an Aul' Lammas Fair i mBaile an Chaisleáin i gContae Aontroma; Fleá an Phúca i gCill Órgláin i gContae Ciarraí agus Fleá Ceoil na hÉireann.

Níl dabht ar bith ann go mbíonn tionchar nach beag go fóill ag an phágánachais ar na fleánna éagsúla i rith na míosa seo.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland